Dúshláin go leor roimh fhear Gaeltachta atá tofa ina Chathaoirleach ar Chomhairle Contae na Gaillimhe

Tá Seán Ó Tuairisg ar an gcéad Chomhairleoir as Gaeltacht Chonamara a fuair post an Chathaoirligh le beagnach 20 bliain

Dúshláin go leor roimh fhear Gaeltachta atá tofa ina Chathaoirleach ar Chomhairle Contae na Gaillimhe

Seán Ó Tuairisg, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Is é Seán Ó Tuairisg, comhairleoir contae de chuid Fhianna Fáil, an chéad Chomhairleoir as Gaeltacht Chonamara a fuair post an Chathaoirligh ó bhí Connie Ní Fhátharta as an gCeathrú Rua i gceannas na Comhairle beagnach 20 bliain ó shin.

Tagann Seán Ó Tuairisg sa gcathaoir ag tráth a bhfuil moltaí curtha chun cinn sa Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil go gcuirfí deireadh le struchtúr rialtais áitiúil sa gcontae. Is mian leis an Roinn sin go mbeadh cónascadh idir an Chomhairle Contae agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.  Beidh seasamh Sheáin Uí Thuairisg tábhachtach ar chúpla bealach.

Ar an gcéad iarraidh, is é Seán Ó Tuairisg an glór is sinsearaí sa gComhairle Contae anois agus, chomh maith leis sin, beidh an seasamh atá ag Fianna Fáil faoin gcónascadh atá molta cinniúnach.   

Ceithre bliana déag atá caite ag Seán Ó Tuairisg ina Chomhairleoir Contae agus ó thús ama bhí ceangal láidir aige ó thaobh cúrsaí polaitíochta leis an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív. 

Cé go bhfuiltear den tuairim go mbeadh Fianna Fáil sásta a gcuid cos a chur i dtaca in aghaidh an chónasctha idir contae agus cathair,  is deacair a rá cén chaoi a mbeadh an scéal sin sa deireadh.  Dá rachfaí  go snaidhm i rópa leis an scéal sa Dáil d’fhéadfadh an ceist an chónasctha Fianna Fáil agus Fine Gael a chur in éadan a chéile.

Mar Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus mar chara le Éamon Ó Cuív, bheadh tábhacht ar leith le glór Sheáin Uí Thuairisg, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, i scéal an chónasctha.

Cathaoirleach don chontae uile é Seán Ó Tuairisg ach caithfidh sé a bheith airdeallach in aice an bhaile, go háirithe agus toghchán Comhairle Contae amach romhainn faoi cheann bliana.   Leagadh triúr, ar a laghad, a bhí i bpost an Chathaoirligh an bhliain roimh thoghchán le tamall  blianta – leithéidí Michael Finnerty as Béal Átha na Sluaighe, Liam Carroll as Órán Mór agus Tim Rabbitte as an gceantar céanna.    Bíonn cúpla cúis leis: bíonn ar an gcathaoirleach a bheith anonn agus anall ar fud an chontae agus é nó í imithe as a gceantar féin go minic.  Bíonn daoine ag súil le go leor uaidh ina cheantar féin agus chomh maith leis sin, scaití bíonn air seasamh le polasaí na mbainisteoirí sa gComhairle. 

Ar ndóigh, caithfidh Seán Ó Tuairisg a bheith níos airdeallaí ná riamh ar na bealaí sin mar go bhfuil ceantar Chorr na Móna agus Dhúiche Sheoigheach á gcailleadh aige sa gcéad thoghchán eile – sin de réir mholtaí Choimisiún Teorainneacha na dToghcheantar Rialtais Áitiúil. 

Má éiríonn leis an gcathaoirleach nua soiléire agus réiteach a fháil ar cheist an bhóthair nua atá molta do Chonamara Theas agus ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine ceadúnas pleanála a fháil do thithe le taobh na gcúrsaí éagsúla atá molta i  gCois Fharraige – beidh obair mhór déanta ag an gCathaoirleach nua.

Ceist achrannach í sin atá ar leac an dorais aige féin. Ar ndóigh ar bhonn níos leithne sa gcontae, tá cruachás airgid le réiteach sa gComhairle.

Cé nach ligeann sé air féin é, tá Seán Ó Tuairisg ar dhuine, murab é is fearr uilig, de na Comhairleoirí is mó a bhfuil eolas aige ar chóras oibre Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Lena chois sin, bíonn eolas maith cruinn i gcónaí aige ar na hábhair agus na ceisteanna atá faoi chaibidil sa gComhairle.  Go deimhin, glaonn Comhairleoirí as páirtithe eile ar scaití le heolas a fháil uaidh. Is féidir brath air.

Fear ildánach é Seán Ó Tuairisg.  Chomh maith leis na blianta atá caite aige ina bhall d’Údarás na Gaeltachta agus eagrais phoiblí eile, chaith sé tamall maith blianta ina Leas-Phríomhoide ar Choláiste Cholmcille in Indreabhán. Scríobh sé téacsleabhair scoile i réimse na Miotalóireachta agus na Líníochta.

Mura bhfuil sé chomh hóg agus a bhreathnaíonn sé, tá sé sna seachtóidí, is mór an saothraí é i gcónaí.   D’oibrigh sé sa seanstáisiún ginte leictreachais, an Power Station, a bhíodh i Scríb i gConamara, agus a d’oibríodh ar mhóin.  Más maith féin an tamall blianta ó shin é sin is fear maith portaigh é Seán Ó Tuairisg i gcónaí; níl beann aige ar an láí ná ar an sleán fós.

Ní ólann sé alcól, tá biorán na staonairí ina sheaicéad i gcónaí aige agus ní chaitheann sé tobac.  Níl éirí in airde ná gaisce ag baint leis ar bhealach ar bith.  Tá an-mheas air i gComhairle Chontae na Gaillimhe, rud atá tuillte  go maith aige.

  

Fág freagra ar 'Dúshláin go leor roimh fhear Gaeltachta atá tofa ina Chathaoirleach ar Chomhairle Contae na Gaillimhe'