Dúléim na guaise le tabhairt ag an Late Late Show

Cad atá i ndán do chlár cainte seanbhunaithe RTÉ agus Ryan Tubridy tar éis a chaipín a chaitheamh le cadráil na hAoine?

Dúléim na guaise le tabhairt ag an Late Late Show

Deacair a shamhlú go bhfuil ceithre bliana déag gafa tharainn ó tháinig Ryan Tubridy i gcomharbacht ar Pat Kenny i gcathaoir an láithreora don dara clár cainte is sine ar domhan. Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre é an Late Late Show, meascán mearaí den trom agus éadrom.

Tá a fhios ag an saol Fódlach go raibh a bhlianta órga ann nuair a bhí Gay Byrne sa chathaoir agus ba mhinic breis agus milliún daoine ag féachaint ar gclár. Ba chlár é a gcaití féachaint air óir gur rímhinic a d’eascair allagar na seachtaine as.

Mhair an t-éileamh i ndiaidh bhlianta Byrne agus d’éirigh le céad gheábh Tubridy in 2009 breis agus 1.6 milliún duine a mhealladh.

D’imigh sin agus tháinig seo, áfach. Tá scaipeadh na mionéan tagtha ar an lucht féachana le linn ré Tubs. Goile agus nósanna an lucht féachana athraithe ó bhonn; seinnteoirí agus suíomhanna sruthaithe ag cantáil a choda ar grand old dame Dhomhnach Broc. Cúpla seachtain ó shin ní raibh ach suas le 376,000 duine ar an meán ag féachaint ar an gclár. Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh i ngluaiseacht mhoillithe.

Tá an clár róthábhachtach le caitheamh faoi thóin cártaí. I ndóthair ní haon dóithín an figiúr thuas agus bíonn  fospeach uaidh anois is arís; d’éirigh le clár na hAoine seo caite breis agus 555,000 a mhealladh. Lena chois sin is fathach i gcónaí é eagrán na mbréagán. Tá lucht Montrose ag tochas a chinn. Cá mbeidh a dtriall?

Ba rud ait é ó thús an measán ait de throm agus éadrom. D’éirigh le Gay Byrne an tsuáilce agus an duáilce a chniotáil le chéile. Ba mhinic Pat Kenny ag streachailt leis an ábhar éadrom agus Ryan Tubridy i gcruachás agus ábhar sollúnta idir chamáin aige. An bhfuil rás an mhúnla sin rite? Rud amháin a ritheann liom ná go bhféadfaí tabhairt faoi na cláir ar bhonn téamach seachas míreanna a bheith againn atá as alt lena chéile.  Tá sin againn cheana féin le seó na mbréagán agus eagráin vailintín srl. Bhí sé againn riamh leis na cláir ómóis. Ag eascairt as sin d’fhéadfaí iarraidh ar na haíonna fanacht ar stáitse i ndiaidh a n-agallaimh seachas a bheidh i dtaobh leis an múnla ciotach de dhuine ar dhuine. Sin rud eile a bhíodh ag an Late Late cheana. Chuirfí leis an allagar faoi mar a dheintear i gcláir amhail Graham Norton.

Ní nach ionadh braithfidh mórán ar an láithreoir. Tá cad é bús faoi Tommy Tiernan le tamall agus gaisce déanta aige lena chlár cainte féin. Bhainfeadh sé a chasadh féin as an gclár ach an mbeadh lucht na gcultacha in RTÉ sásta dul sa tseans le fuirseoir. Is mithid a thabhairt chun cuimhne go raibh a gcláir féin ag Tubridy agus Kenny sara bhfuaireadar an mámh mór. Tá an taithí sin ag Tiernan ach tá sé ag Brendan O’Connor chomh maith, fear atá ag déanamh gaisce ar an raidió. Cad faoi Ray D’Arcy; fear a bhfuil a cháil imithe i léig le tamall anuas? Cad faoi Dháithí Ó Sé; taithí iontach aige ó Rós Thrá Lí? Cad faoin bhfear Gaeltachta eile, Cormac Ó hEadhra?

Is cinnte go bhfuil sé thar am an post a thabhairt do bhean. Is mór an trua nach bhfuair Marian Finucane an post nuair a d’imigh Gay Byrne. Bíonn trácht i gcónaí ar Mhiriam O’Callaghan ach tá sí i ndiaidh a chur in iúl nach bhfuil suim aici sa phost. Sí Claire Byrne, a bhfuil an-chuid taithí teilifíse aice atá ar thosach cadhnaíochta. Craoltóir ábalta ach an-difriúil ó Tiernan. Táim féin an-tógtha le Sarah McInerney ó thosaigh sí amach ar Drivetime agus lean sí lena gaisce ar Prime Time; craoltóir sa mhúnla céanna le Byrne.

Is dóigh liom go gcaithfidh RTÉ a bheith coimeádach, cáiréiseach mar d’fhéadfadh cor gan choinne an seanbhád a chur béal faoi. Tá lucht féachana, agus airgead, le sniogadh as an gclár go fóill.  Caithfear glacadh leis nach bhfuil aon leigheas ar easláinte an chláir. B’fhéidir gur figiúirí féachana do 300,000 atá i ndán don chlár le fo-ruathar os cionn 500,000 agus roinnt mílte ar an seinnteoir. Le casadh a bhaint as ráiteas Mhuiris Uí Shúilleabháin b’fhéidir go bhfuiltear i bhfiche bliain an mheatha.

Fág freagra ar 'Dúléim na guaise le tabhairt ag an Late Late Show'