Dul chun cinn déanta ar phlean comharthaí Gaeilge a chrochadh d’aon iarraidh amháin in os cionn 300 sráid

Sábháil £179,000 , nó 54%, a bheidh ann do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste má éiríonn leis an bplean comharthaí dátheangacha a chrochadh le chéile in iarthar Bhéal Feirste

Dul chun cinn déanta ar phlean comharthaí Gaeilge a chrochadh d’aon iarraidh amháin in os cionn 300 sráid

Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste céim níos cóngaraí do chomharthaí sráide dátheangacha a chrochadh d’aon iarraidh amháin in os cionn 300 sráid in iarthar Bhéal Feirste.

Tá plean ‘straitéiseach’ curtha i gcrích ag lucht na comhairle chun comharthaí dátheangacha a chrochadh i 302 sráid sa cheantar ar a dtugtar An Cheathrú Ghaeltachta in iarthar Bhéal Feirste

Glacadh leis ag cruinniú Choiste Polasaí Straitéiseach agus Acmhainní na Comhairle le déanaí go dtabharfaí faoin dara céim, céim “ghnó” an tionscadail.

De réir miontuairiscí chruinniú mhí an Mhárta de choiste na comhairle, sábháil £179,000 , nó 54%, a bheidh ann don chomhairle má éiríonn lena bplean comharthaíocht dhátheangach a chrochadh d’aon iarraidh amháin i sráideanna na Ceathrún Gaeltachta.

Deirtear gur costas £329,000 a bheadh i gceist dá ndéanfaí comharthaí dátheangacha a chrochadh sráid ar shráid sa Cheathrú Ghaeltachta.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste, fáilte roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Chomhairle i dtaobh na comharthaíochta Gaeilge do cheantar na Ceathrún Gaeltachta.

“Chuir muid fáilte roimh pholasaí úr de chuid na Comhairle i samhradh 2022 a rinne an próiseas i bhfad Éireann níos fusa do chónaitheoirí comhartha Gaeilge a lorg agus ó shin tá 1121 iarratas déanta ar son na comharthaíochta trí Ghaeilge.

“Fáiltíonn muid arís inniu roimh an dul chun cinn is déanaí chun comharthaí dátheangacha a chur in airde ar na sráideanna uilig sa Cheathrú Ghaeltachta in aon bhabhta amháin, rud a chuirfidh go mór le hiarrachtaí pobail an teanga a chur chun cinn sa cheantar.”

Dúirt Mac Giolla Bhéin go gcuirfidh plean na Comhairle go mór le feiceálacht na teanga sa cheantar, rud a fágadh “go stairiúil” faoi mhuintir an cheantair.

“Cuideoidh sé fosta leis na fadhbanna móra atá ag Halla na Cathrach plé leis an éileamh ollmhór ar an tseirbhís seo agus in áit na sráideanna uilig a dhéanamh sráid ar sráid, beidh sábháiltí ar luach £179,253 ann don sparán poiblí,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

I mí an Mhárta na bliana seo caite a d’aontaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach in airde ar shráideanna na Ceathrún Gaeltachta d’aon iarraidh amháin “le hairgead a shábháil”.

Cé gur bhain an DUP úsáid as ‘call in’ nó ‘glaoch isteach’ chun stop a chur leis an phlean, chinn abhcóide ina dhiaidh sin nach raibh aon bhunús leis sin.

Tá 417 sráid roghnaithe ag an Chomhairle dá bplean comharthaíochta dátheangaí don cheantar ar a dtugtar An Cheathrú Ghaeltachta.

Tá comharthaí dátheangacha ar 115 sráid cheana féin sa cheantar sin, rud a fhágann go bhfuil 302 sráid gan comharthaí dátheangacha go fóill.

309 sráid a luadh leis an phlean i dtús ama ach tá comharthaí dátheangacha curtha in airde ar sheacht sráid ó shin.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, go bhfuil teagmháil déanta acu le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste faoi theorainn na Ceathrún Gaeltachta a leathnú agus tuilleadh sráideanna a chur san áireamh.

“Tá teorainneacha na Ceathrún Gaeltachta faoi mar atá sí aitheanta ag an Chomhairle Cathrach níos lú ná mar a aithníonn pobal na Gaeilge sa chathair í.

“Is é an rud is íorónta faoi limistéar aitheanta na Comhairle ná nach gcuireann sé ‘An Ghaeltacht’ féin, Gaeltacht Bhóthar Seoighe san áireamh.

“De réir Halla na Cathrach, téann an Cheathrú Ghaeltachta ó bhun bhóthar na bhFál go bóthar Uí Chinnéide, suas Seachbhóthar na Móna agus síos fríd Bealach Chúbar, taobh leis an bhalla síochána go bun Bhóthar na bhFál, síos ar chúl shráid Ailbhe, Sráid Durham, áit a bhfuil an Lárionad Nua Taistil ag Cros na bhFíodóirí agus ar ais suas Bóthar Grosvenor.

Tá moladh déanta ag Conradh na Gaeilge go gcuirfí na sráideanna in aice láimhe agus i gceantar Bhealach Uí Chinnéide, Bhaile Andarsan, Bhóthar Seoighe, Bhóthar an Ghleanna agus Sheachbhóthar na Móna, san áireamh i bplean comharthaíochta na Comhairle don Cheathrú Ghaeltachta.

Fág freagra ar 'Dul chun cinn déanta ar phlean comharthaí Gaeilge a chrochadh d’aon iarraidh amháin in os cionn 300 sráid'

  • WTF

    An dtagrófar na háitainmneacha sin le Logainm.ie SULA gcaithfear an t-airgead sin? Ar mhaithe le cruinneas?