Dul chun cinn déanta ag an nGaeilge i scrúdaithe A-leibhéal ó thuaidh ach spéis i dteangacha i gcoitinne ag titim

Níor thug ach 1,188 dalta ar fad faoi na ceithre cinn de theangacha - Spáinnis, Gaeilge, Fraincis agus Gearmáinis - i mbliana.

Dul chun cinn déanta ag an nGaeilge i scrúdaithe A-leibhéal ó thuaidh ach spéis i dteangacha i gcoitinne ag titim

Mhéadaigh líon na ndaoine a roghnaigh an Ghaeilge don scrúdú A-Leibhéal i dTuaisceart Éireann i mbliana agus bhí sí ar an tríú teanga ba mhó éileamh ansin den chéad uair.

Fógraíodh torthaí na scrúduithe i scoileanna an tuaiscirt inné, an dara bliain as a chéile a raibh marcáil na bpáipéar fágtha faoi bhreith na múinteoirí féin de bharr an Covid-19.

An Spáinnis a tháinig sa dara háit i ndiaidh an Bhéarla mar rogha ag mic léinn an tuaiscirt agus thug 451 duine faoin teanga sin, 23 níos lú ná anuraidh. Mhéadaigh líon na ndaltaí a rinne Gaeilge don scrúdú ó 315 anuraidh go dtí 325 i mbliana.

Thit líon na ndaltaí a roghnaigh an Fhraincis ó 333 in 2020 go 322 i mbliana, rud a chuir lucht na Gaeilge chun cinn de bheagán ar mhic léinn na Fraincise.

Níor roghnaigh ach 90 dalta an Ghearmáinis mar theanga scrúdaithe.

Fágann sin nár thug ach 1,188 dalta ar fad faoi na ceithre cinn de theangacha – Spáinnis, Gaeilge, Fraincis agus Gearmáinis – i mbliana.

Tá imní ar Chomhairle na Breataine sa tuaisceart faoina laghad suime atá i dteangacha ó thuaidh agus iad ag impí ar scoileanna tuilleadh tosaíochta a thabhairt d’fhoghlaim teangacha. Tá an spéis sna nua-theangacha ag dul i laghad ansin le deich mbliana anuas.

 

Fág freagra ar 'Dul chun cinn déanta ag an nGaeilge i scrúdaithe A-leibhéal ó thuaidh ach spéis i dteangacha i gcoitinne ag titim'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá teangacha roghnach don GCSE le fiche bliain. Seo é an toradh.