Duaiseanna móra buaite ag an scannán Gaeilge ‘Arracht’

Bronnadh ar an scéinséir, a stiúir Tom O’Sullivan, dhá ghradam ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus bhuaigh sé duais eile ag Féile Scannán Ghlaschú

Duaiseanna móra buaite ag an scannán Gaeilge ‘Arracht’

Tá trí dhuais mhór buaite ag an scannán Gaeilge de chuid TG4, Arracht.

Bronnadh ar an scéinséir, a stiúir Tom O’Sullivan, dhá ghradam ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media inné, an Gradam don Scannán is Fearr as Éirinn agus gradam Aer Lingus Discovery a bronnadh ar an aisteoir Dónall Ó Héalaí. As na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara Ó Héalaí atá i gceann de phríomhpháirteanna an scéinséara atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir.

Ag Féile Scannán Ghlaschú a bronnadh an duais eile ar Arracht, Gradam an Lucht Féachana, gradam ar vótáil an pobal dó.


Arracht ar an dara scannán atá léirithe faoi Cine 4, atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann, agus údar mór uchtaigh a bheidh sna duaiseanna do lucht na scéime sin.

Tá léirmheasanna moltacha faighte ag an bhfadscannán Gaeilge ó bhí a premiere aige in Tallinn na hEastóine ag deireadh na bliana seo caite.

Beidh sé le feiceáil sa phictiúrlann i mí Aibreáin.

Ar na daoine eile atá i gcliar an scannáin a léirigh Macalla Teo, tá na haisteoirí Gaeltachta eile Dara Devaney, Siobhán O’Kelly, Saise Ní Chuinn agus Eoin Ó Dubhghaill chomh maith le Michael McElhatton as Game Of Thrones.

Fág freagra ar 'Duaiseanna móra buaite ag an scannán Gaeilge ‘Arracht’'

  • Paul Laughlin

    Tá mé ar bís an scannán seo a fheiceáil. Ach is dócha go mbeidh mé ag fanacht go ceann tamaill anois. Níl neart air. Is í ar shláinte is tábhachtaí faoi láthair