‘Teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge agus taispeánann Cine4 é sin don domhan uile’  – Dónall Ó Héalaí

Thug Dónall Ó Héalaí faoi dhian-aiste bia le ceithre chloch meáchain a chailleadh dá pháirt sa mhórscannán Gaeilge Arracht, á bheas á thaispeáint in Éirinn den chéad uair anocht

‘Teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge agus taispeánann Cine4 é sin don domhan uile’  – Dónall Ó Héalaí

Taispeánfar an fadscannán Gaeilge Arracht den chéad uair in Éirinn anocht mar chuid d’Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media.

I bPictiúrlann an Light House a bheidh an chéad léiriú de Arracht agus beidh sé ar camchuairt náisiúnta as seo go ceann coicíse, mar a dtabharfar an scannán chuig sé ionad ar leith, ceann i Sligeach, Lú, Cill Dara, Gaillimh, Baile Átha Cliath agus Port Láirge. 

Is é Dónall Ó Héalaí, an t-aisteoir aitheanta as na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara, atá i bpríomhpháirt an scéinséara atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir.

Ar na daoine eile atá sa chliar, tá na haisteoirí Gaeltachta eile Dara Devaney, Siobhán O’Kelly agus Eoin Ó Dubhghaill chomh maith le Michael McElhatton as Game Of Thrones.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Dónal Ó Héalaí, a chaill ceithre chloch meáchain in achair ceithre mhí dá pháirt sa scannán gur úsáid sé a chorp féin chun scéal an ghorta a insint.

“Thuig mé luath ar an aistear go mbeadh an Gorta á fheiceáil go príomha trí chorp Cholmáin. Mar sin mhothaigh mé dualgas mar aisteoir Éireannach é sin a léiriú chomh cruinn agus a bhí mé in ann.

“Ní raibh sé éasca ach le treoir ó bhia-eolaí agus ó dhochtúir d’éirigh liom thart ar cheithre chloch meáchain a chailleadh i gceithre mhí don ról. An rud is mó a chuir iontas orm agus mé ag réiteach don pháirt ná gaois an choirp féin agus na teorainneacha bréagacha a dhéanann an intinn a leagan anuas air,” a dúirt Ó Héalaí.

Dúirt Ó Héalaí, atá ainmnithe do ghradam Discovery 2020 ag Féile Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath dá pháirt in Arracht, go raibh sé “an-bhuíoch” as an deis a bhí aige scéal Cholmáin a chur i láthair.

“Táim fíorbhuíoch go raibh sé d’ádh orm scéal Cholmáin a insint agus oibriú le cliar chomh láidir is a bhí againn in Arracht.  Gan iad agus muinín Tom O’Sullivan a thug an pháirt dom ar an gcéad dul síos, ní bheadh aon ainmniúchán faighte agam. Tá go leor buíochais ag dul dóibhsean agus dósan.

“Is mór an onóir dom an t-ainmniúchán a fháil agus a bheith luaite i measc dream daoine atá chomh cumasach sin ina n-earnáil féin. Is deas é aitheantas ar bith a fháil ar an obair nuair a thagann sé agus tugann sé spreagadh do dhuine,” a dúirt Ó Héalaí.

Arracht, léiriú de chuid Macalla Teo faoi stiúir Tom Sullivan, ar an dara fadscannán Gaeilge a léiríodh faoin scéim Cine4.

Dúirt Ó Héalaí go raibh “deiseanna iontacha” á gcruthú d’aisteoirí le Gaeilge faoin scéim Cine4 agus go raibh “teanga idirnáisiúnta” á déanamh den Ghaeilge.

“Is deis iontach é Cine4 do lucht scannánaíochta na Gaeilge. Is iontach go raibh sé d’fhís ag TG4 agus go háirithe ag Alan Esslemont an scéim a thabhairt chun beatha.

“Teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge agus tugann Cine4 an deis é sin thaispeáint don domhan uile. Teanga inti féin seans í an aisteoireacht ach is deas cinnte a bheith á déanamh i do theanga dhúchais. Tugann sé doimhneacht agus diminsean eile dó.”

Dúirt Ó Héalaí, a bhí lonnaithe i Nua-Eabhrac agus LA sa Stáit Aontaithe le deich mbliana anuas, go raibh sé ag súil le níos mó ama a chaitheamh sa bhaile in Éirinn as seo amach.

“Mar aon le haon duine féinfhostaithe eile braitheann go leor ar chúrsaí oibre ach tá sé mar rún agam a bheith lonnaithe sa mbaile arís”.

Beidh Arracht le feiceáil sna hionaid seo a leanas ar na dátaí thíos.   

– Dé Luain, 2 Márta ag a 8pm, Amharclann an Pavilion, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath 

– Dé Máirt, 3 Márta ag 7:30pm, Ionad Ealaíon Garter Lane, Port Láirge

– Déardaoin, 5 Márta ag 8pm, Cumann Scannán Shligigh in Ionad an Model, Sligeach 

– Dé Sathairn 7 Márta  ag 8pm in Ionad Ealaíon Riverbank, Droichead Nua, Co. Chill Dara, 

– Dé Máirt 10 Márta ag 8pm in Ionad Ealaíon Droichead ag Pictiúrlann The ARC, Droichead Átha, Co. Lú 

-Déardaoin 12 Márta ag 8:15pm i gClub Scannán Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe 

Fág freagra ar '‘Teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge agus taispeánann Cine4 é sin don domhan uile’  – Dónall Ó Héalaí'

  • Sibéal

    “Teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge” agus gan í ina teanga laethúil oibre sa phairlimint náisiúnta ná sa rialtas áitiúil? Tá an fhírinne searbh ach is fearr í a aithint (mar a rinne na teachtaí Catherine Martin agus Catherine Connolly) ná bréagmhanaí dheasa ar nós “Teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge” a chumadh.