Duais Eorpach don bhrandáil buaite ag TG4

Bronnadh gradam ‘Ór’ de chuid Ghradaim Promax na hEorpa ar TG4 aréir as míreanna aitheantais a craoladh ar an stáisiún

Duais Eorpach don bhrandáil buaite ag TG4

Tá duais Eorpach don bhrandáil agus dearadh teilifíse buaite ag TG4 as míreanna aitheantais a craoladh ar an stáisiún. 

Bronnadh gradam ‘Ór’ Ghradaim Promax na hEorpa ar an stáisiún aréir as na míreanna aitheantais a bhí bunaithe ar sheanfhocail agus nathanna cainte Gaeilge.

Sé mhír nó stoing nua a bhí i gceist agus na téamaí bunaithe ar nathanna cainte – Spite Feamainne, Lá na Scolb, Ní hé lá na báistí, Gloine, Cúinne an Ghiorria, agus Léim Sráide.

Is é an comhlacht Red Bee, a bhfuil obair déanta acu do Disney, DreamWorks agus Netflix, a rinne an tsraith míreanna a chruthú i gcomhar le foireann TG4. 

Bronntar Gradaim Promax na hEorpa ar lucht teilifíse as feabhas a gcuid oibre i réimse na margaíochta. 

Sa rannóg ‘Dearadh Ginearálta Branda: Cainéal, Líonra nó Ardán’ a bhí TG4 ainmnithe.

Thréaslaigh Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont a mbua le foireann an stáisiúin agus dúirt gur “éacht” a bhí ann. 

Is é PROMAX Gold an leibhéal is airde aitheantais a bhaineann le dearadh teilifíse san Eoraip agus tá an duais óir seo bronnta orainn sa chatagóir mór le rá, ‘Dearadh Branda’, ceann de na catagóirí is iomaíche sa chomórtas ar fad. 

“Domsa, tá réabhlóid curtha ar bun ag lucht deartha TG4 ar dhearadh TG4 ar gach ardán craoltóireachta atá againn,” arsa Alan Esslemont.

Dúirt Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin gur mhór an onóir dó go raibh aitheantas faighte ag an saothar a rinne TG4 agus Red Bee Creative. 

“Tá lúcháir ar leith orm d’fhoireann chruthaitheach TG4 a leanann ag soláthar dearadh ardchaighdeáin agus a choinníonn TG4 chun tosaigh i gcónaí i ndearadh meán na hÉireann,” arsa Seán Cathal Ó Coileáin.

Is féidir na míreanna aitheantais do bhranda TG4 a fheiceáil anseo ar YouTube.

Fág freagra ar 'Duais Eorpach don bhrandáil buaite ag TG4'