Triúr fear as Conamara i measc na mbuaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach

Tá tús curtha le Féile na Meán Ceilteach in Oileán Mhanann tráthnóna agus duais bronnta ar shaothar triúir as Conamara

Triúr fear as Conamara i measc na mbuaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach

Darach Ó Tuairisg, Sean Ó Cualáin, agus Cilian Fennell a thug duaiseanna leo ag Féile na Meán Ceilteach i nDúglas in Oileán Mhanann tráthnóna

Tá tús curtha le Féile na Meán Ceilteach i nDúglas in Oileán Mhanann tráthnóna agus an duais don chlár is fearr do pháistí tugtha leo ag TG4 agus an comhlacht léirithe Gaeltachta, Meangadh Fíbín.

Ba é Darach Ó Tuairisg, as An Lochán Beag i gConamara, ó Mheangadh Fíbín, a ghlac leis an ngradam tráthnóna agus má dhein bhí comhluadar Gaeltachta i measc na mbuaiteoirí eile aige.

Bhí beirt fhear eile as Carna ag ceiliúradh ag an bhFéile chomh maith inniu – Seán Ó Cualáin, ón gcomhlacht Sónta, a thug leis an gradam don scannán faisnéise spóirt is fearr do Crash and Burn agus Cilian Fennell, léiritheoir agus cruthaitheoir Centenary, mórléiriú RTÉ do chomóradh 1916, a thug leis an gradam i rannóg na siamsaíochta.

Bronnadh an duais ar an tsraith eolaíochta Is Eolaí Mé ag an bhFéile tráthnóna, áit a bhfuil suas le 250 duine ó na tíortha Ceilteacha uile, i láthair. Bhí Is Eolaí Mé san iomaíocht le ceithre chlár eile, ó Albain, ón mBreatain Bheag, ón mBriotáin, agus ón nGailís.

Úna Ní Fhlatharta, duine de láithreoirí ‘Is Eolaí Mé’

Sraith do pháistí 8-12 bliain d’aois atá in Is Eolaí Mé ina dtugtar léargas ar shaol na heolaíochta don aos óg ar bhealach físiúil, mealltach. Is iad Peadar Ó Goill, as Árainn, agus Úna Ní Fhlatharta, as Conamara, láithreoirí na sraithe a bhíonn i mbun míreanna stiúideo agus ag tuairisciú ó láithreacha éagsúla.

Dúirt Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha TG4, Lís Ní Dhálaigh, gur “ábhar mórtais ar leith” an duais do TG4 agus do Mheangadh Fíbín araon.

“Tá na scórtha cainéal teilifíse agus seirbhísí siamsaíochta eile ag freastal ar mhianta agus ar riachtanais féachana na hóige. Tá acmhainní go leor agus sparán i bhfad níos mó ag formhór na gcainéal sin ná mar atá ar fáil dúinne agus iad freisin ag craoladh i mBéarla, teanga mhór dhomhanda na meán. Táimidne in iomaíocht dhíreach leo sin ar fad agus is mór an t-ardú croí an duais thábhachtach seo ó chomórtas aitheanta idirnáisiúnta do shaothar bunaidh Gaeilge,” a dúirt Ní Dhálaigh.

Beidh duaiseanna eile á mbronnadh sna laethanta amach romhainn ag Féile na Meán Ceilteach atá á reáchtáil i nDúglas in Oileán Mhanann an tseachtain seo. Tá na scórtha clár teilifíse agus raidió istigh ar 20 rannóg éagsúla sa chomórtas agus go leor iontrálacha ann as Éirinn, cuid mhaith acu i nGaeilge agus cuid acu i mBéarla.

Fág freagra ar 'Triúr fear as Conamara i measc na mbuaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach'

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Cómhghairdeas don triúir,go mór mhór don duine i lár bhaill!