Drogall ar dhochtúirí óga roimh dhúshláin na tuaithe – an athróidh tuilleadh airgid a n-intinn?

Tá €50,000 breise sa mbliain á thairiscint do dochtúirí óga a thabharfadh iarraidh faoi scéim nua na tuaithe

Drogall ar dhochtúirí óga roimh dhúshláin na tuaithe – an athróidh tuilleadh airgid a n-intinn?

Níl a fhios an drogall roimh shaol na tuaithe nó cúrsaí airgid é ach níl cosa beaga na ndochtúirí óga sa tír seo ag rith uathu ach a dtagann deiseanna oibre chun cinn taobh amuigh de na cathracha. Ní hamháin deiseanna oibre, ach deiseanna eile lena chois sin, breis oideachais tríú leibhéal agus cáilíochtaí luachmhara.

Ach deamhan a gcos. Tugann an toradh a bhí ar iarracht earcaíochta le gairid cruthúnas air sin.

Scéim nua atá í gceist anseo a fógraíodh ag tús na bliana seo le súil agus go méadófaí an líon dochtúirí a chuirfeadh suim i bpostanna faoin tuath. Baineann sé go láidir le ceantair Ghaeltachta. Tugtar deis do dhochtúirí atá théis a gcuid cáilíochtaí a fháil dhá bhliain a chaitheamh i mbun staidéir agus oibre i gceantar Acla i gContae Mhaigh Eo, i gCarna i gConamara agus i gCathair Saidhbhín i gCiarraí. I Lios Dúin Bhearna i gContae an Chláir a bheidh an ceathrú hionad atá bainteach leis an scéim seo.

Bunaíodh an scéim seo de bharr iarrachtaí atá déanta i dteannta a chéile ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Coláiste Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh agus Cumann na nDochtúirí Tuaithe le comhoibriú ó Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Faoin sceim seo, bheadh na dochtúirí óga ag obair ar feadh trí lá sa tseachtain i gcomhar le dochtúirí tuaithe na gceantar sin; bheadh dhá lá acu le dhul i mbun staidéir sna hollscoileanna.

Theastaigh ceathrar. Duine amháin a chuir isteach ar na postanna seo nuair a cuireadh an chéad fhógra amach. D’imigh an té sin as an iomaíocht arís. Cuireadh níos mó suime sa dara fógra agus chuir ceathrar isteach air. Ach, sa deireadh, níor ghlac duine ar bith acu leis na postanna.

Beidh an fógra á chur amach anois den tríú huair. Tá athrú mór amháin déanta, mar beidh €50,000 curtha leis an tuarastal bliantúil. Fágann sin go mbeadh €250,000 sa mbliain ag dul do dhochtúir óg a thabharfadh faoin scéim oibre agus oideachais seo i gceantar tuaithe; tá an chuid is mó de na ceantair seo lonnaithe sa nGaeltacht. Tuigtear go mbeidh roinnt socruithe nua freisin ann faoi chúrsaí máithreachais.

“Thabharfainn mo dhá lámh ar a leithéide de dheis nuair a bhí mé san aoisghrúpa sin,” a deir dochtúir tuaithe an lá cheana. Ach tá fianaise ag teacht chun cinn le fada nach bhfuil fonn ar dhochtúirí leighis ón nglúin nua a bheith lonnaithe, agus ag obair, amuigh faoin tuath. Fógraíodh postanna buana dochtúireachta i 6 cheantar in iarthar na hÉireann sna nuachtáin an deireadh seachtaine seo caite; ceaptar go mbeidh sé fíordheacair dochtúirí a fháil le dhul i mbun dualgais i gcuid acu. Ní scéal nua é sin anois.

Is í an fhadhb le soláthair seirbhísí sláinte na tuaithe a thug ar Choláiste Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh a dhul i gcomhar leis an Stát, agus le hollscoileanna Chorcaí agus na Gaillimhe san iarracht le cleachtadh agus tuiscint a thabhairt do dhochtúirí óga amuigh faoin tír.

Bhí an Dochtúir Gerry Cowley as An Mhala Raithní in iarthar Mhaigh Eo ina cheann feadhain ar an iarracht go dtriailfí an beartas is deireanaí seo. Creideann seisean go bhfuil an scéal ag éirí an-phráinneach. Go deimhin, creideann sé go bhfuil gach a bhfuil i ndán don tuath fite fuaite sa scéal seo uilig. Bhunaigh Cumann na nDochtúirí Tuaithe an feachtas ‘No Doctor-No Village’ mar iarracht amháin le haird a tharraingt ar ghéarchéim na seirbhísí leighis sna réigiúin tuaithe.

Ach is ag troid in aghaidh na gaoithe atá lucht an fheachtais.

Beidh go leor dochtúirí tuaithe ag fágáil a bpostanna agus ag ligean a scíthe sna blianta beaga amach romhainn. Tarlaíonn sé go bhfuil 25% de dhochtúirí teaghlaigh an stáit os cionn 65 bliain d’aois. Ina measc siúd, tá mná agus fir a thug seirbhís ar feadh 7 lá na seachtaine sna ceantair ina rabhadar in imeacht na mblianta.

Tá sé ag éirí níos deacra dochtúirí teaghlaigh a earcú i gceantracha tuaithe de réir mar atá na blianta ag dul thart. Níl dochtúirí óga na linne seo sásta bualadh faoin obair anróiteach a bhíodh ar dhochtúirí tuaithe san aimsir a caitheadh. Bhíodh dualgais 7 lá na seachtaine agus 24 uair sa ló i gceist go minic. Taobh amuigh de sin uilig, is fearr le go leor daoine gairmiúla a bheith ina gcónaí i gceantar cathrach nó i mbaile mór agus ag roinnt cleachtais. Tá sampla eile de sin sa gClochán i gConamara an tseachtain seo. B’éigean d’Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte cosc a chur ar thógáil othair isteach san Ospidéal Ceantair ansin mar nach bhfuil a ndóthain foirne acu. Ní féidir an Fheidhmeannacht a lochtú an iarraidh seo

Fógraíodh 6 phost buan tamall ó shin. Cé gur fhreastail riar maith de na deich nduine fhichead a luaigh suim sna postanna ar agallaimh, níorbh fhéidir oiread agus duine amháin a earcú sa deireadh. Tá an rud céanna tarlaithe faoi phostanna eile sa gcóras leighis sa gceantar sin i gConamara in imeacht na mblianta.

Bhí deacrachtaí ag earcú dochtúirí le riar blianta ar an gCeathrú Rua, i Ros Muc agus i gCloch na Rón cé gur fógraíodh le seachtain go mbeidh dochtúir as an gceantar ag tosú ar an gCeathrú Rua sa bhfómhar. Ceapann a lán nach bhfuil an ceantar sin agus taobh tíre tuaithe na hÉireann ach i dtús na trioblóide seo. Ní inniu ná inné a facthas na comharthaí.

Meastar anois go bhféadfaí 28 ceantar tuaithe a bheith fágtha gan dochtúir as seo go ceann beagán blianta.

Creideann an Dochtúir Jerry Cowley go dteastaíonn athrú dearcaidh agus gur cheart díriú air sin sna coláistí. Tá €50,000 breise anois sa mbliain á thairiscint do dochtúirí óga a thabharfadh iarraidh faoi scéim nua na tuaithe. Feicfimid an athróidh an t-ardú suntasach sin sa phá sin dearcadh na ndochtúirí óga.

Fág freagra ar 'Drogall ar dhochtúirí óga roimh dhúshláin na tuaithe – an athróidh tuilleadh airgid a n-intinn?'

  • Máirtín

    Cén fáth go gcaithfidh siad a bheith óg??