Tabhair aire ar Tinder – drochthruip i dtír na geandála ar líne

Bhain eachtra aisteach dár gcolúnaí nuair a chuir andúileach Tinder a bheatha féin agus beatha a chairde i mbaol

Tabhair aire ar Tinder – drochthruip i dtír na geandála ar líne

Má tá an t-alt seo á léamh agat ar ghuthán cliste, is mór an seans go bhfuil aip gheandála (Tinder, Happn, Grindr nó a macasamhail) ar an bhfón céanna. Baineann duine as gach ceathrar a bhfuil guthán cliste acu úsáid as a leithéid, nó duine as gach triúr i gcás na glúine ar a dtugtar na mílaoisigh.

Tá cara de mo chuid, fear ar ar thuig mé Fernando cheana ar na leathanaigh seo, ar dhuine de na daoine sin atá go hiomlán gafa le haipeanna geandála. Fiú agus daoine san fhíorshaol i mbun comhrá leis, bíonn sé ag svaidhpeáil leis, ar chlé agus ar dheis, an t-eiteach á thabhairt aige do dhaoine nó ag tabhairt ugaigh dóibh de réir mar a thaitníonn nó nach dtaitníonn a gcuid grianghraf leis.

An deireadh seachtaine seo a chuaigh thart, bhí mo dhóthain agam den ealaín sin. Ní hamháin go raibh an t-iompar míshóisialta aige ag cur isteach orm, ach bhí mé buartha faoina shábháilteacht phearsanta.

‘Fernando, céard iad na beartais shlándála a thógann tú nuair a chasann tú leis na boic sin a gcuireann tú aithne orthu sna haipeanna sin?’

Ní bhainim féin úsáid as aipeanna geandála, ach bhain mé úsáid cheana as gréasáin shóisialta ar líne eile chun leannáin a aimsiú. Tuigim go gcaithfidh duine a bheith cúramach nuair atá sé chun casadh san fhíorshaol le duine nach bhfuil ach ríomhaithne aige air.

‘Casaim leo in áit phoiblí i gcónaí agus iarraim ar chara éigin glaoch orm tar éis tríocha nóiméad nó mar sin, lena dheimhniú go bhfuil mé ceart go leor.’

Bhreathnaigh Fernando orm faoina chuid fabhraí.

‘Mar a tharlaíonn, tá mé chun casadh ar ball beag le fear ar chuir mé aithne air ar Tinder. An bhfuil tú ag iarraidh dul in éineacht liom?’

Drochsmaoineamh amach is amach, ach tráthnóna Domhnaigh a bhí ann agus bhí mé ag dul as mo chiall le leadrán. Isteach i gcarr Fernando linn. Ar an mbealach, shocraigh Fernando cara eile dá chuid (ón bhfíorshaol) a phiocadh suas freisin. Tabharfaimid Marcos air siúd.

Leathuair an chloig níos déanaí, bhí muid páirceáilte ag stáisiún peitril, ag fanacht ar an mboc a raibh coinne déanta ag Fernando leis tríd Tinder. Ionas nach mbainfí siar as an mboc go raibh triúr sa charr seachas duine amháin, ghlac Fernando féinphic den triúr againn agus chuir chuige é. Níor iarr Fernando cead orm féin ná Marcos an pictiúr sin a thógáil agus a chur chuig duine anaithnid, ach faraor is cosúil gurb é sin an saol ina mairimid.

Bhí an boc mall. Agus nuair a tháinig sé faoi dheireadh, ba léir ar an bpointe boise gur cur amú ama a bhí sa rud ar fad. Ní hamháin nach raibh fear Tinder pioc cosúil leis an bpictiúr de féin a bhí crochta ar a phróifíl aige, ach ba léir ar an gcéad radharc nach raibh faic na ngrást i gcoitinne aige le Fernando (ná liom féin nó Marcos ach an oiread.)

Muise, bhí ciúnas ciotach sa charr sin.

Sa deireadh, dúirt Fernando go mbeadh greim le n-ithe againn, ach go raibh air dul chuig inneall airgid ar dtús. Chuaigh Fernando isteach sa bhanc. D’fhan mise, Marcos agus fear Tinder sa charr, mise agus Marcos ar an gcúlsuíochán agus fear Tinder i suíochán an phaisinéara.

An chéad rud eile, thosaigh mé ag bárcadh allais le faitíos. Chonaic mé go raibh eochair an chairr fágtha san inneall ag Fernando. Dá dteastódh ón mboc anaithnid i suíochán an phaisinéara an carr a ghoid nó mise agus Marcos a robáil, bheadh an saol éasca aige. 

Ar ámharaí an tsaoil ní fhaca fear Tinder an eochair a fágadh san inneall. Is dóichí ná a mhalairt go raibh sceoin air féin: lig sé air féin go bhfuair sé glaoch (b’fhurasta a aithint: d’fhreagair sé fón nár bhuail) agus sheas sé amach as an gcarr. Nuair a tháinig Fernando amach as an mbanc chum fear Tinder scéal éigin agus thug na cosa leis.

Thug mé féin agus Marcos léasadh teanga do Fernando a mhair leathuair an chloig, ach sa deireadh bhí uachtar reoite againn. B’iomaí ceacht a bhí le baint as an eachtra, ach ar a laghad bhí muid fós beo.

Fág freagra ar 'Tabhair aire ar Tinder – drochthruip i dtír na geandála ar líne'