Beidh fás ar earnáil áirithe turasóireachta de bharr an fheachtais #MeToo…

Toradh gan choinne ar an bhfeachtas #MeToo: fás ar an ‘turasóireacht chomhghnéis’ ag daoine díreacha. Ach an dea-scéal é sin do mhuintir na háite ag ceann scríbe, an pobal LADT?

Beidh fás ar earnáil áirithe turasóireachta de bharr an fheachtais #MeToo…

Oíche Dé Sathairn seo a chuaigh thart, thug cara de mo chuid – tugaimis Fernando air – bealach abhaile dom ina charr. Thíos ag bun an chnoic, chonaic mé uaim comharsa de mo chuid a bhfuil dúil ag Fernando ann le blianta. Tugaimis Victor ar an bhfear sin. Tá Victor pósta le bean agus tá beirt chlainne air. Fear macho ceart é: tiománaí leoraí nach bhfágann a theach gan léine shacair air agus toitín i gcúinne a bhéil.

‘Sin é thall do ghrá geal,’ a dúirt mé le Fernando, ag magadh.

Thuas ag barr an chnoic, lig Fernando amach as an gcarr mé agus d’iompaigh timpeall. Leathbhealach síos an cnoc, chonaic sé Victor uaidh arís. Mhoilligh Fernando an carr agus d’ísligh an fhuinneog.

‘Tabhair bealach dom suas an cnoc,’ a dúirt Victor. 

Rinne Fernando mar a iarradh air.

Ag barr an chnoic arís, d’fhan an bheirt ag comhrá sa charr. Caint thrombhríoch a bhí ann, de réir cosúlachta, agus tar éis nóiméid nó dhó d’fháisc Victor – an fear teaghlaigh – Fernando chuige agus phóg ar a bhéal é. D’fhan an bheirt ag pógadh agus ag crúbáil a chéile sa charr ar feadh ceathrú uaire an chloig.

Níl san eachtra thuas ach scéal amháin. Ach creid uaim é, tá an stuif seo coitianta.

Agus éireoidh sé níos coitianta fós.

Na fir macho atá á gcur ó dhoras ag mná na linne seo, glacfaidh mórchuid fear aerach leo agus fáilte.

Agus ar an taobh eile den speictream, cá bhfios nach mbeidh dúil á cur ag tuilleadh ban sna mná de bharr na drochphoiblíochta leanúnaí faoi fhir. Go deimhin, léiríonn na staitisticí gur mó an seans go n-athróidh claonadh gnéis mná i gcaitheamh a saoil ná an seans go n-athróidh claonadh gnéis fir. 

Toradh gan choinne ar an bhfeachtas #MeToo: fás as cuimse ar an ‘turasóireacht chomhghnéis’ ag daoine díreacha!

Ach an dea-scéal é sin do mhuintir na háite ag ceann scríbe, an pobal LADT?

Lig dom an téarma ‘turasóireacht chomhghnéis’ a mhíniú ar dtús.

I mbéarlagair an phobail LADT, tugtar ‘turasóirí’ ar dhaoine díreacha – mná agus fir – a bhíonn ar thóir eachtraí le daoine den inscne chéanna leo féin, ach nach mbeidh buanchaidreamh comhghnéis acu go deo toisc gur daoine díreacha iad.

Mar is eol dúinn uilig, bíonn drochthionchar ag cineálacha áirithe turasóireachta. Smaoinigh ar an mBleá Cliathach nó ar an eachtrannach a cheannódh teach i gceantar Gaeltachta agus nach bhfanfadh sa teach sin ach cúpla seachtain sa bhliain. Chuile shórt go breá le linn na seachtainí beaga sin agus airgead á chaitheamh sna siopaí áitiúla, ach eacnamaíocht, margadh tithíochta agus go deimhin sochaí na háite trí chéile ag na strainséirí de bharr iad a bheith as láthair don chuid eile den bhliain.

Fáilte dhoicheallach a chuireann daoine L,A,D nó T roimh thurasóirí díreacha go minic ar eagla go mbeadh a gcroí féin cosúil le Corca Dhuibhne sa deireadh – breac le tithe samhraidh folmha.

Tá teach samhraidh folamh nó dhó i mo chroí féin agus bhí mé idir dhá chomhairle nuair a d’inis Fernando dom, maidin Dé Domhnaigh, faoin eachtra a bhí aige le Victor sa charr.

Chuaigh muid ar shiúlóid.

‘Ach an gcaithfidh ár leithéidí – daoine LADT – cur suas leis na turasóirí díreacha sin?’ a d’fhiafraigh mé de Fernando. ‘An áisitheoirí muid? Síceolaithe? Oibrithe sóisialta? Oifigigh fáilte?’

Nocht meangadh gáire fealsúnach ar aghaidh Fernando.

‘B’fhearr liom go mbeadh aiféala orm faoi rud éigin a rinne mé, ná go mbeadh aiféala orm faoi rud éigin nach ndearna mé toisc nár thapaigh mé an deis.’

Turasóir is ea turasóir, agus foghlaí gnéis is ea foghlaí gnéis. Ach is faoin duine féin – bean nó fear, aerach nó díreach – cinneadh a dhéanamh i ngach cás: glacadh leis an dúshlán, a bheith beo san am i láthair agus creach a dhéanamh tú féin ar a bhfuil d’aoibhneas ag an duine eile (rud a rinne Fernando), nó a bheith buartha faoin am atá le teacht (mo chlaonadh féin) agus cailleadh amach ar nóiméad aoibhnis nach mbeidh a leithéid arís ann, b’fhéidir.

Glac uaim é, ní cinneadh éasca é.

Fág freagra ar 'Beidh fás ar earnáil áirithe turasóireachta de bharr an fheachtais #MeToo…'