Drochbhail i gcónaí ar chailín óg a sádh i mBaile Átha Cliath, cáineadh déanta ar lucht círéibe sa phríomhchathair

Rinneadh damáiste ollmhór i lár chathair Bhaile Átha Cliath aréir nuair a tháinig grúpa mór círéibeoirí le chéile i ndiaidh an ionsaithe

Drochbhail i gcónaí ar chailín óg a sádh i mBaile Átha Cliath, cáineadh déanta ar lucht círéibe sa phríomhchathair

Tá cailín cúig bliana d’aois a ionsaíodh le scian i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné fós go dona tinn san ospidéal.

Deir An Garda Síochána go bhfuil drochbhail i gcónaí ar an gcailín óg agus cóir leighis á fáil aici in Ospidéal na Leanaí, Sráid an Teampaill.

Bhí an cailín ar dhuine de cheathrar a ionsaíodh in eachtra a tharla gar do Ghaelscoil Choláiste Mhuire ag Cearnóg Pharnell Thoir i lár Bhaile Áth Cliath tráthnóna inné.

Tá cóir leighis á fáil ag cailín eile sé bliana d’aois a gortaíodh san eachtra. Scaoileadh buachaill cúig bliana d’aois as an ospidéal aréir.

Tá drochbhail go fóill ar bhean sna tríochaidí a gortaíodh san ionsaí agus cóir leighis á cur uirthi in Ospidéal an Mater.

Deir na Gardaí go bhfuil cóir leighis á cur freisin ar fhear sna caogaidí a gabhadh maidir leis an ionsaí.

Rinneadh damáiste ollmhór i lár chathair Bhaile Átha Cliath aréir nuair a tháinig grúpa mór círéibeoirí le chéile i ndiaidh an ionsaithe.

Deir na Gardaí gur gabhadh 34 duine mar thoradh ar na círéibeacha agus dúirt Coimisinéir na nGardaí Drew Harris ar maidin go ngabhfaí “go leor eile”.

Bhí 32 duine le tabhairt os comhair na cúirte ar maidin.

Dúirt Harris go raibh scrios ollmhór déanta acu siúd a ghlac páirt agus creachadh déanta ar 13 siopa i lár na cathrach agus trí bhus. Cuireadh trí thine freisin trí cinn de chairr na nGardaí agus tram de chuid an chórais Luas.

Deir na Gardaí go raibh damáiste déanta d’ocht gcarr Garda eile, gur baineadh drochghortú do triúr Gardaí le linn an scliúchais.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin gur tharla dhá ionsaí inné, ceann ar ghasúir neamhchiontacha agus ansin ceann eile ar riail an dlí. Cháin Leo Varadkar go láidir an dream a ghlac páirt sna círéibeacha.

“An dream a bhí páirteach ann, tharraing siad náire ar Bhaile Átha Cliath, tharraing siad náire ar Éirinn, agus tharraing siad náire ar a muintir agus orthu féin.

“Ní dhearna na coirpigh é seo toisc grá a bheith acu d’Éirinn. Ní dhearna siad é seo toisc gur mhaith leo Éireannaigh a chosaint. Ní le teann tírghrá a rinne siad é seo, fiú sa chiall ait atá acu féin de sin.

“Rinne siad é seo mar go bhfuil siad lán le fuath, mar gur breá leo an foréigean, mar gur breá leo an t-anord, agus mar gur breá leo daoine eile a ghortú.

“Is tábhachtaí leo siopa a chreachadh ná beatha ár bpáistí a chosaint,” a dúirt an Taoiseach.

“Ní hé seo muide – nílimid ag iarraidh a bheith mar sin – agus ní bheimid mar sin go deo.”

Dúirt Varadkar go mbainfí lánúsáid as an dlí chun pionós a ghearradh orthu siúd a bhí páirteach in eachtraí an lae inné agus go rithfí dlíthe nua a chabhródh leis na Gardaí leas a bhaint as CCTV chun sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Drochbhail i gcónaí ar chailín óg a sádh i mBaile Átha Cliath, cáineadh déanta ar lucht círéibe sa phríomhchathair'