Dréacht den seicliosta ba chóir a thabhairt d’iarrthóirí uachtaránachta roimh thoghchán 2032

b’fhiú do na páirtithe go léir breathnú ar na tubaistí inseachanta a tharla i bhFianna Fáil agus i bhFine Gael féachaint an féidir ceachtanna a fhoghlaim roimh an toghchán uachtaránachta in 2032

Dréacht den seicliosta ba chóir a thabhairt d’iarrthóirí uachtaránachta roimh thoghchán 2032

Cuimhneofar ar feadh i bhfad ar thoghchán uachtaránachta 2025 mar chomórtas idir dhá phríomhpháirtí a rinne drochroghanna roimh ré.

Cuimhneofar leis ar phríomhpháirtí eile a rinne rogha bhog faoi dheireadh a chuaigh chun tairbhe dóibh.

Tá an drochrogha a rinne ceannaire Fhianna Fáil á breithniú cheana féin ag coiste a bunaíodh tar éis do Jim Gavin éirí as an iomaíocht. D’iarr an páirtí parlaiminte ar an triúr atá i mbun athbhreithnithe (na Teachtaí Dála Tom Brabazon, Margaret Murphy O’Connor agus Eamon Scanlon), faoi chathaoirleacht an abhcóide Ciaran O’Loughlin, tuairisc agus moltaí a chur ar fáil ar an 12 Samhain.

Tá ceisteanna crua le freagairt ag Simon Harris agus ag lucht ceannais Fhine Gael ó rinne siad rogha faoi dheifir agus Heather Humphreys á ceapadh mar iarrthóir cúig lá tar éis do Mhairéad McGuinness éirí as an rás ar chomhairle a dochtúra.

Is féidir le Micheál Martin é féin a chosaint ar chúis amháin. Is le toghchán a thogh a pháirtí Jim Gavin seachas Billy Kelleher mar iarrthóir.

Is déine an t-amhras a thuill Simon Harris ó shocraigh sé gan deis a tabhairt dá pháirtí vótáil ar ainmniúchán uachtaránachta. Ní leigheas iomlán ar laige iarrthóra é toghchán, ach is deacair gan a bheith ar aon tuairim le Seán Kelly a dúirt Dé hAoine gur “botún mór” é gan iarrthóir an pháirtí a roghnú le toghchán.

Ní haon iontas é, b’fhéidir, go ndearna an Ciarraíoch cliste comparáid idir cur chuige Fhine Gael agus imreoir a chuirtear chun páirce i gcluiche ceannais Chraobh na hÉireann gan traenáil a dhéanamh ná cluichí trialacha a imirt roimh ré.

Níor bhain Heather Humphreys ná a páirtí tairbhe as ar tharla, a dúirt Seán Kelly le The Journal, agus an ceart aige.

D’fhéadfaí a rá, ós ag caint ar chluichí atáimid, gur mar iománaithe ar an gclaí a bhreathnaigh lucht ceannais Shinn Féin ar an bhfeachtas go dtí gurbh léir go mb’fhearr an seans a bheadh ag Catherine Connolly ná ag iarrthóir ar bith dá gcuid féin.

Beidh ábhar machnaimh ag gach páirtí agus toradh an toghcháin uachtaránachta á mheá acu. Ba ríléir dóibh an dainséar agus (i gcás Shinn Féin) an deis a bhaineann le cinneadh déanach ainmniúcháin.

Thairis sin, b’fhiú do na páirtithe go léir breathnú ar na tubaistí inseachanta a tharla i bhFianna Fáil agus i bhFine Gael féachaint an féidir ceachtanna a fhoghlaim roimh an toghchán uachtaránachta in 2032. (Ná habair riamh nach bpléitear cúrsaí fadtéarmacha sa cholún seo).

Seo ceacht amháin. Ba chóir seicliosta cosúil leis an gceann seo a leanas a phlé le daoine a bheidh ag lorg ainmniúcháin amach anseo sula n-ainmneofar iad. Ba chóir na freagraí a chíoradh sara bhfógrófar ainmniúchán ar bith.

Níl anseo thíos ach dréacht, ach i bhfianaise ar tharla roimh an toghchán seo beidh machnamh á dhéanamh i ngach páirtí ar cheisteanna mar seo sula dtoghfar uachtarán arís. Nó ba chóir go mbeadh.

SEICLIOSTA D’IARRTHÓIRÍ UACHTARÁNACHTA

An ndearna tú rud ar bith riamh a chuirfeadh ina luí ar dhaoine, dá neosfaí é go poiblí idir seo agus an toghchán, gan vóta a thabhairt duit?

Ní foláir aon ábhar dá leithéid a phlé linn sula n-ainmneofar tú. Cuimhnigh gur measa go minic ceilt na fírinne ná a hadmháil.

An bhfuil airgead amuigh ort ag duine ar bith?

Má tá, cé mhéad agus cén fáth nár aisíoc tú an t-airgead? 

An bhfuil tú féin i bhfiacha?

Más amhlaidh atá, abair linn cé mhéad. Ar chóir go mbeadh an t-iomlán nó cuid de aisíoctha roimhe seo?

An raibh tú os comhair cúirte riamh?

Cuir ar lán-eolas muid, fiú mura raibh i gceist ach fíneáil pháirceála. Cuimhnigh arís, má fhágtar coireanna tromchúiseacha as an áireamh, go mbíonn an pobal sásta de ghnáth má thugann tú freagra díreach ar cheist ar an toirt.

An bhfuil tú cinnte go bhfuil na freagraí thuas cruinn? 

Ná bí ag brath ar do chuimhne amháin. Má tá amhras ort maidir le freagra ar bith, labhair le do bhean/d’fhear céile, nó le do chuntasóir nó le daoine eile má tá eolas ábhartha acu.

An bhfuil fís agat don uachtaránacht, nó tuairim thomhaiste ar bith faoi do chur chuige mar iarrthóir agus mar uachtarán?

Ní leor a rá go bhfuil taithí fhada mar Theachta Dála nó mar aire rialtais agat. Nó gur breá leat a bheith ag súgradh leis na garpháistí. Nó go mbeidh tú i d’uachtarán do chách.

Ní meas ach a mhalairt a spreagfaidh caint dá leithéid. Ní foláir a thaispeáint do na vótálaithe go bhfuil mianach uachtaráin ionat.

(Ceisteanna do Theachtaí agus d’iarTheachtaí Dála amháin)

Cén freagra a thabharfá ar iarrthóirí eile a chuirfidh i do leith go bhfuil tú freagrach as gach fadhb agus faillí a raibh na rialtais a raibh tú páirteach iontu freagrach astu?

Is ionann a bheith sa rialtas agus a bheith comhfhreagrach as gníomhartha rialtais. Sin é an fáth go bhfuil na ceisteanna thuas maidir le fís uachtaránachta srl. chomh tábhachtach. Beidh iarrthóir(í) an fhreasúra ag caint cuid mhór ar an am atá thart. Ní foláir duitse béim a chur ar an todhchaí.

Ar dhiúltaigh tú nó ar theip ort labhairt le daoine as do dháilcheantar a raibh cúis ghearáin réasúnta acu, go háirithe agus iad i mbun agóide taobh amuigh de Theach Laighean?

Más mar sin a tharla, beidh ort dul chun cainte gan mhoill leo, agus toradh an chomhrá a phlé linn gan mhoill. Chomh maith le leithscéal iomlán a ghabháil leo sula gcloisfear iad ag caint go géar agus go réasúnta fút.

(Is d’iarrthóir neamhspleách a iarrann tacaíocht páirtí an cheist seo..)

Ar fhostaigh tú cúntóir riamh a ciontaíodh i gcoir thromchúiseach? Nó ar thug tú cuairt ar thír ina raibh cogadh cathartha ar bun?

Mar iarrthóir neamhspleách, má tá tú sách meabhrach beidh rogha agat maidir le ceisteanna dá leithéid. Dáiríre ní theastaíonn ach freagra sásúil ar an gceist seo: an bhfuil sé ar do chumas ceisteanna leochaileacha dá leithéid a leath-fhreagairt nó a sheachaint go hiomlán, agus a rá ag an am céanna go bhfuil gach ceist á freagairt agat.

Focal scoir, agus comhairle do gach duine ar mhaith leo tabhairt faoi thoghchán uachtaránachta amach anseo..

Cuimhnigh ar Jim Gavin bocht agus ar tharla dó in 2025.

Fág freagra ar 'Dréacht den seicliosta ba chóir a thabhairt d’iarrthóirí uachtaránachta roimh thoghchán 2032'