Bhí an amharclann i gCathair na Mart pacáilte – fuair mé féin an dá thicéad deireanach a bhí ar díol ar an idirlíon. Bhí an lucht féachana ar bís agus iad ag súil le hoíche mhór drámaíochta.
Big Maggie le John B.Keane a bhí á léiriú an oíche cheana, ag cumann drámaíochta Bhealach a’Doirín. Níorbh aon ionadh go raibh Halla na Cathrach lán go doras – bhí scata maith lucht tacaíochta agus lucht leanta as Bealach a’Doirín féin tagtha go Cathair na Mart in éindí leo.
‘Ar tháinig sibh i bhfad?’ a d’fhiafraigh mé den lánúin taobh thiar díom.
‘As Ros Comáin,’ a d’fhreagair an fear.
‘Agus cén áit i Ros Comáin?’
‘Mainistir na Buaille,’ d’fhreagair sé – ‘bhuel, gar dhó.’
‘Cén áit gar dó?’
‘Bhuel, áit a dtugtar ‘Killaraght’- Cill Athracht air,’ a dúirt sé agus tuairim mhaith aige nach mbeadh cliú agam cá raibh sé sin.
‘Cill Athracht?’ An áit a bhfuil an reilig? Nach bhfuil mo mhuintir ar fad ar thaobh na ‘Noones’ curtha ansin,’ arsa mise.
Sular ardaigh na cuirtíní bhí muintir Uí Nuadháin agus a sliocht cíortha go maith againn. Ní hé amháin go raibh eolas aige fúthu ach bhí sé ar scoil le col ceathrar liom.
Chaill sé an léiriú a bhí ar siúl mí Lúnasa le linn na Féile Ealaíne – ‘BallaghDream’ – ach, cosúil liom féin, chinn sé nach gcaillfeadh sé arís é dá dtabharfadh siad ar turas é. Bheadh turas os cionn 50 ciliméadar abhaile sa dorchadas agus sa bhfuacht aige, ach bhí sé lánsásta gur éirigh leis ticéid a fháil.
Nach teistiméireacht láidir é sin, má theastaigh a leithéid uait, go bhfuil cumhacht thar na bearta ag na healaíona agus go bhfuil suim ag muintir na hÉireann i gcónaí sa drámaíocht agus sa scéalaíocht?
Ba léir ón gcéad radharc gur léiriú speisialta, léiriú den scoth, a bheadh anseo. Máistir ar a cheird a bhí in John B. Keane ach ní fhéadfadh sé a shamhlú, tá mé cinnte, go mairfeadh a dhráma, a scríobh sé i 1969 agus go mbeadh láidreacht agus téagar ann fós in 2023.
Níl aon fhadhb eisimirce againn anois faoi mar a bhí sna seascaidí. Ach bíonn tuiscint ar leith ag an lucht féachana ar an teannas a fheictear go minic i measc baill teaghlaigh. Idir máthair agus mac, idir máthair agus iníon, idir fear agus a bhean.
Níor chuir John B. fiacail ann nuair a chuir sé peann le pár. Caithfidh sé gur dráma réabhlóideach a bhí ann nuair a céad-léiríodh é. Bhí caint gháirsiúil ann, bhí foréigean ann agus bagairt foréigin an t-am uilig. Ach bhí greann ann agus b’iomaí scairt gháirí a lig an lucht féachana an oíche cheana.
Nuair a labhair mé le stiúrthóir an dráma Julie Sharkey, d’inis sí dom gur chuir sí béim ag deireadh an dráma, ar dhaonnacht Mhaggie. Thuig sí go raibh taobh eile léi, nár léir dá clann féin ná don saol mór. D’fhág an saol crua go raibh cuma chrua uirthi féin ach bhí taobh eile, taobh leochaileach ag baint léi.
Thuig an slua go maith é. Ag pointe drámatúil amháin ag tarraingt ar dheireadh an dráma, scairt duine amach as an lucht féachana –
‘Good on ya, Maggie!’
Phléasc gach éinne amach ag gáire. Choinnigh an príomhaisteoir Sinéad Foley guaim uirthi féin ach d’inis sí dom ina dhiaidh sin go dtaispeánann nóiméad mar sin go bhfuil tuiscint ar leith ag an lucht féachana ar a bhfuil ag titim amach ar an stáitse.
Agus mura bhfuil daoine óga an lae inniu ag faire ar an mbád bán, cuimhníonn a dtuismitheoirí agus an ghlúin a chuaigh rompu, ar bhochtanas na gcaogaidí agus na seascaidí. ‘Workers Wanted!’ a bhéic an seanphóstaer sa teach tábhairne i gCathair na Mart. ‘Don’t emigrate – work and earn good wages in Ireland’ a gheall an póstaer a chuir Bord na Móna amach os cionn seasca bliain ó shin.
Bhí rogha chrua le déanamh ag clann Mhaggie – fanacht sa mbaile faoina ceannas cruálach siúd nó glanadh leo ar an mbád bán. Bhí uncail liom féin ar an dream a d’fhill abhaile as Sasana le post, mar a gheall an póstaer, a ghlacadh le Bord na Móna.
Labhair mé arís le fear Chill Athracht ag an mbriseadh. Ba chuimhneach liom go mbíodh m’athair agus a chuid deartháireacha ina bhfoghlaithe maithe – go deimhin, thugtaí ‘fowling’ sa cheantar sin ar an gcaitheamh aimsire, éin agus ainmhithe fiáine a mharú le gunna.
Ba gheall le cuimhne stairiúil a mheabhrú dó nuair a d’fhiosraigh mé faoin bhfoghlaeireacht sa cheantar anois.
‘Á níl éinne thart a dhéanfadh a leithéid,’ dúirt sé go brónach liom. ‘Tá píosaí móra talún sa cheantar sin, idir Mainistir na Buaille, Bealach a’Doirín agus Dún Gar agus níl éinne ina gcónaí iontu,’ a dúirt sé. ‘Tá na bailte glanta amach freisin. Bhíodh cúpla óstán i ngach baile agus níl óstán ar bith iontu níos mó. Tá na daoine óga, a bhíodh ag foghlaeireacht tráth, imithe leo.’
Thuig seisean an dráma níos fearr ná go leor eile. Bhí an bhean as an Pholainn a bhí ina suí lena thaobh ag baint an-cheart as freisin. ‘Tá mé i mo chónaí anseo le fiche bliain,’ dúirt sí.
Agus an dráma thart, chruinnigh daoine thart le comhghairdeas a dhéanamh le Julie agus an dream ar fad a thug cúnamh di an léiriú a thabhairt go Cathair na Mart.
Ach thugadar faoi deara go raibh ‘cuairteoir’ a rugadh i mBealach a’Doirín ansin freisin.
‘Mhúin do mháthair sa mbunscoil mé….’ ‘Bhí do dheirfiúr Nóirín ag léachtóireacht sa gcoláiste oideachais…’ ‘Bhí tú in aon rang liom ag an mbunscoil’… bhí cuimhní deasa ag go leor acu a thug le fios dhom nár fhág mé an baile riamh.
Níl a fhios cé mhéad ‘glaoch ar ais’ a fuair na haisteoirí ag an deireadh. Gach ceann tuillte go maith acu. Bheadh oíche go maidin acu san óstán agus bheadh a obair an lae ag fanacht orthu nuair a d’fhillfidís ar an mbaile. Úinéir an tsiopa troscán, an t-altra ospidéil, an t- oiliúnóir sláinte, an mac léinn…bhí 11 duine ar fad ag glacadh páirt ann. Agus dream eile ag obair go crua taobh thiar – bhí siopa Mhaggie á bhaint ó chéile agus mise ag caint leo ag deireadh na hoíche.
Má deirim go raibh lipéad ‘Monduf’ ar chuid de na buidéil, tuigfidh muintir Bhealach a’Doirín mé. Is geall le cumann rúnda muid. Ach mar a dúirt mo mhéit Patsy McGarry liom ina dhiaidh – tá aiséirí an chumainn drámaíochta ar ceann de na torthaí ab fhearr a tháinig ón bhFéile Ealaíne ‘BallaghDream.’
Gura fada buan iad.
Fág freagra ar 'Drámaíocht nach dtéann in aois – níor chuir John B. fiacail ann nuair a chuir sé peann le pár'