Dráma dátheangach nua faoi 1916 do ghasúir á oscailt anocht

An comhlacht téatar do ghasúir ‘Branar’ a léireoidh Brionglóid Maloney a bheidh ag dul ar camchuairt timpeall na tíre

Branar

Dráma dátheangach nua faoi 1916 do ghasúir á oscailt in Amharclann na Cathrach i nGaillimh anocht. Is é an comhlacht téatar do ghasúir ‘Branar’ a léireoidh Brionglóid Maloney a bheidh ar camchuairt timpeall na tíre go dtí 19 Bealtaine.

Dráma nua lán ceoil agus puipéadóireachta atá i Brionglóid Maloney atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath Seachtain na Cásca 1916. Insítear scéal Maloney atá tagtha abhaile go hÉirinn le hóstán a oscailt ar Shráid Saicbhil. Cuirtear bac ar a chuid pleananna nuair a ghabhann Óglaigh na hÉireann agus an tArm Cathartha Ard-Oifig an Phoist ar an tsráid chéanna.

Trí iontrálacha dialainne agus taifid phearsanta eile, léirítear an tionchar a bhí ag an Éirí Amach ar shaol na hardchathrach.

“Tá muid ag plé saol na ngnáthdhaoine i mBaile Átha Cliath le linn na tréimhse sin a aithnítear anois mar thréimhse éachtach i stair na hÉireann. Tá óstán bréige cumtha againn agus curtha ar Shráid Uí Chonaill agus tugann muid cuireadh don lucht féachana teacht le Maloney agus bheith ag réiteach na háite do lá na hoscailte. Féadfaidh an lucht féachana nascadh leis an seó i bhfad sula bhfeiceann siad é san amharclann tríd an suíomh idirghníomhach atá againn,” a dúirt Marc Mac Lochlainn, stiúrthóir an tseó.

Tá físeáin, íomhánna agus acmhainní eile, ina measc litreacha a scríobhadh i 1916, ar shuíomh Brionglóid Maloney. Tá gníomhaíochtaí ann freisin don lucht féachana óg agus do mhúinteoirí a bheidh le déanamh sula bhfeictear an seó agus ina dhiaidh.

Tá Coláiste na Tríonóide tar éis an suíomh www.maloneysdream.ie a aithint mar shuíomh tábhachtach do Chomóradh an Chéid 1916 agus beidh sé á chur sa gcartlann suíomhanna idirlín atá á cur le chéile ag an ollscoil a chaomhnóidh na suíomhanna a chuireann lenár dtuiscint ar an Éirí Amach,.

Beidh fáilte roimh an bpobal agus roimh ghrúpaí scoile ag an dráma. Is ar ranganna 2-6 atá na léiriúcháin scoile dírithe. Beidh sé ar siúl in Amharclann na Cathrach i nGaillimh ón oíche anocht go dtí Dé Sathairn agus ansin beidh sé ar camchuairt ag na háiteanna seo thíos go dtí 19 Bealtaine.

12 Aibreán – Hawk’s Well Theatre, Sligeach
14 – 15 Aibreán – Ionad Ealaíona Ros Comáin
18 – 19 Aibreán – Linenhall Arts Centre, Caisleán an Bharraigh
21 -23 Aibreán – Lime Tree Theatre, Luimneach
26 Aibreán – Civic Theatre, Tamhlacht
28 – 30 Aibreán – Draíocht, Baile Bhlainséir
4 Bealtaine – Pavilion, Dún Laoghaire
6 – 7 Bealtaine – Axis, Baile Munna
10 Bealtaine – Óstán an Stáisiúin, An Clochán
12 -14 Bealtaine – Riverbanks Arts Centre, An Droichead Nua
18 – 19 Bealtaine – Mermaid Arts Centre, Bré

Fág freagra ar 'Dráma dátheangach nua faoi 1916 do ghasúir á oscailt anocht'