Dornálaí gairmiúil as Béal Feirste ag déanamh a chuid chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Tá físeáin i nGaeilge á gcur amach ag Seán McComb agus súil aige úsáid na Gaeilge a spreagadh

Dornálaí gairmiúil as Béal Feirste ag déanamh a chuid chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Seán McComb. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Bhí an dornálaí Seán McComb in ainm is a bheith ag fáil réidh do throid san Ulster Hall ag deireadh na míosa seo. Chuir an coróinvíreas deireadh leis sin, áfach, agus ina áit sin tá an Feirsteach anois ag iarraidh ‘buille a bhualadh don Ghaeilge’, agus macalla á bhaint aige as mana de chuid Chumann Lúthchleas Gael.

Agus daoine sáinnithe sa teach na laethanta seo, táthar ag baint leas as an am ag baile chun scileanna nua a fhoghlaim agus tá McComb ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge ar cheann acu.

An deireadh seachtaine seo caite, chuir sé físeán amach ar chuntas meán sóisialta MTK Global, an comhlacht bainistíochta atá aige, agus é ag múineadh nathanna simplí Gaeilge, ‘maidin mhaith’, ‘tráthnóna maith’ agus ‘oíche mhaith’.

Deir McComb go bhfuil sé ag iarraidh rudaí beaga a thabhairt do dhaoine chun go mbeidh siad in ann comhrá a bheith acu lena chéile i nGaeilge.

“Bheadh sé iontach dá mbeadh achan duine in Éirinn in ann labhairt i nGaeilge lena chéile, cúpla focal fiú,” a deir sé.

“Rinne mé an físeán chun é sin a spreagadh. Déanfaidh mé cúpla ceann eile anois agus tá súil agam go mbeidh duine nó dhó eile in ann cúpla focal a fhoghlaim chun cur leis an gcomhrá agus iad ag labhairt lena chéile.”

Deir McComb go bhfuil tionchar an fhíseáin feicthe cheana féin aige agus é stoptha ag daoine sa cheantar agus iad ag guí “maidin mhaith” nó “tráthnóna maith” air.

“Tá sé deas é sin a fheiceáil, go bhfuil daoine ag foghlaim cúpla focal as seo,” arsa an dornálaí.

Cosúil le go leor daoine eile, deir McComb gur chaill sé an-chuid den Ghaeilge a bhí aige tar éis dó an scoil a fhágáil ach gur spreagadh é le snas a chur uirthi le blianta beaga anuas.

“Bhíodh mo Dhaid i gcónaí ag rá ‘Would ya not go back and do another course? You never speak it any more.’ Bhíodh mise ag rá nach raibh aon duine agam chun í a labhairt leo ach ansin thosaigh mé ag siúl amach le cailín a raibh Gaeilge aici agus chuidigh sé sin go mór liom. Labhraíonn muid as Gaeilge lena chéile go leor den am anois.”

Tá níos mó déanta aige chun tacú leis an teanga seachas í a labhairt.

Nuair a bhíonn McComb, nach bhfuil troid ghairmiúil caillte aige go dtí seo, sa chnó dornálaíochta, bíonn lógó An Dream Dearg le feiceáil ar na bríste gearr a bhíonn air.

“Ar dtús, níor thuig daoine cén bhrí a bhí leis,” a deir McComb. “Ach anois, tá a lán daoine ar an eolas faoi. Cuireann siad ceisteanna orm, ‘Goidé sin?’ agus tá mé in ann é a mhíniú dóibh. Tacaíonn siad leis ansin agus cuirtear an Ghaeilge chun cinn. Tá ardán agam, tuige nach mbainfeadh mé úsáid as?”

Tá tacaíocht tugtha don Ghaeilge ag beirt sárdhornálaithe eile as Béal Feirste, Michael Conlan agus Paddy Barnes, roimhe seo chomh maith. Bhí McComb le feiceáil anuraidh i gclár an BBC Fir Fáinne a lean Barnes agus é ag foghlaim Gaeilge.

“Fuair Paddy an fáinne airgid agus téann páistí Mick chuig Gaelscoil. Tá a fhioss agam go bhfuil cúpla focal ag Mick chomh maith,” arsa McComb.

“Thar na blianta agus mé ag traenáil ar fhoireann na hÉireann le Paddy agus Mick, bhíodh mé i gcónaí ag cuidiú leo cúpla focal a fhoghlaim.”

Tá McComb anois ag súil go gcuideoidh a chairde leis na físeáin seo a scaipeadh chuig an méid is mó daoine agus is féidir.

“Tá an Ghaeilge ag fás an t-am uile agus dá mbeadh mé in ann cuidiú leis sin, bheadh sé go hiontach.”

Fág freagra ar 'Dornálaí gairmiúil as Béal Feirste ag déanamh a chuid chun an Ghaeilge a chur chun cinn'

  • Seán Fennell

    Bulaí fir, a Sheáin! Neart Gaeilge agat! Labhair tú go hiontach ag Tionól Spóirt Ghaelscoil na bhFál roinnt blianta ó shín.
    Lean ort agus ádh mór leis an tslí bheatha dornalaíochta!