FÍSEÁN: Réaltaí móra CLG ag ‘bualadh buille don Ghaeilge’ i bhfíseáin nua

Tá Michael Murphy, Cillian O’Connor, Tadhg de Búrca agus Liam Rushe le feiceáil i bhfíseáin nua de chuid CLG ina labhraíonn cuid de na himreoirí is aitheanta in Éirinn faoi thábhacht na Gaeilge

FÍSEÁN: Réaltaí móra CLG ag ‘bualadh buille don Ghaeilge’ i bhfíseáin nua

Tá cuid de réaltaí móra iomána agus peile na tíre ‘ag bualadh buille don Ghaeilge’ mar chuid d’fheachtas nua CLG atá ar siúl mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.

Tá físeáin nua seolta ag CLG ina labhraíonn cuid de na himreoirí is aitheanta in Éirinn faoi thábhacht na Gaeilge agus a tionchar ar a saol.

Is iad na peileadóirí Michael Murphy (Dún na nGall) agus Cillian O’Connor (Maigh Eo) agus na hiománaithe Tadhg de Búrca (Port Láirge) agus Liam Rushe (Áth Cliath) atá le feiceáil sna físeáin atá á dtaispeáint roimh chluichí móra i bPáirc an Chrócaigh.

San fhíseán faoi iománaí Átha Cliath Liam Rushe, cuireann sé síos ar a chuid scolaíochta i nGaelscoil Naomh Pádraig agus i gColáiste Cois Life agus deir sé gur cheart scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de gach bunscoil sa tír.

Taispeánadh na físeáin iomána den chéad uair roimh chluiche leathcheannais na hÉireann idir Luimneach agus Corcaigh Dé Domhnaigh seo caite.

Rinneadh ceiliúradh ar Lá na Gaeilge CLG, ócáid a eagraíodh mar chuid de Bhliain na Gaeilge, i bPáirc an Chrócaigh an lá céanna agus chuir an craoltóir Gráinne McElwain Liam Rushe faoi agallamh i nGaeilge ar an bpáirc ag leath ama i gcluiche na sinsear.

Beidh físeáin Rushe agus de Búrca le feiceáil i nDurlas Dé Domhnaigh ag an athimirt ar chluiche leathcheannais na hÉireann idir Gaillimh agus An Clár agus arís ag cluiche ceannais na hÉireann idir Luimneach agus buaiteoirí chluiche an Domhnaigh seo.

Taispeánfar na físeáin pheile le Michael Murphy agus Cillian O’Connor ag na cluichí móra atá fágtha sa chraobh peile.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Réaltaí móra CLG ag ‘bualadh buille don Ghaeilge’ i bhfíseáin nua'

  • Mairéad

    Is é an buille ar son na Gaeilge a theastaíons ó CLG ná buiséad mór a chur ar leataobh chun cúpla togra mór a maoiniú a chuirfeas teanga ár sinsir ar a cosa arís. Tá an tuafás smaointe agus pleananna dearfacha amuigh ansin i measc daoine óga ar fud na tíre ach níl maoiniú ar fáil chun iad chur i gcrích. Mar shampla €5,000,000 an méid a cheapann Seosamh Mac Donnacha a shábháilfeadh an Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh fhios aige sin.