Donald Trump nó Hillary Clinton? Rogha an dá dhíogha…

Cé go n-athraíonn Trump a phort ó lá go chéile, níl aon amhras faoi dhearcadh Bhanríon an Anoird Hillary Clinton ar chúrsaí cogaíochta…

Hillary Clinton. James Horan/RollingNews.ie
Hillary Clinton. James Horan/RollingNews.ie

Tá sé ina chlampar sna Stáit Aontaithe faoin méid a dúirt an té atá chun cinn i bhfeachtas na bPoblachtach, Donald Trump, le linn díospóireacht i Florida, nuair a dúirt sé go gcreideann sé go bhfuil an ghráin ag Ioslamaigh ar na Stáit Aontaithe.

Tá cáineadh go leor déanta ar Donald Trump agus a chuid cainte conspóidí a ghríosaigh fearg agus gráin, ach tá roinnt tráchtairí den tuairim go bhfuil Hillary Clinton, atá go mór chun cinn i rás na nDaonlathach, chuile orlach chomh dona leis. Rogha an dá dhíogha atá ann, dar leo.

Is deacair é a chreidiúnt, ach tá Hillary níos measa ná Donald. Cén fáth go ndéarfainn é sin?

Bhuel, ní mór dúinn breathnú ar a ndearna Clinton le linn a tréimhse mar Rúnaí Stáit. I mbeagán focal, ní mór dúinn breathnú ar chás na Libia.

Bhí drogall ar an Uachtarán Obama a ladhar a chur isteach i gcogadh eile sa Mheánoirthear ach ghríosaigh Hillary é chun tacú le hionsaí NATO ar fhórsaí Gaddafi, ionsaithe a d’fhág an tír sin ina cíor thuathail. 

Mar sin féin, bheadh an tuairim forleathan gur fearr Daonlathach a bheith san Teach Bán ná Poblachtach de shaghas ar bith.

Leis an tuairim sin a scagadh, ní mór dúinn cuimhneamh ar lucht an airgid. Is Iosraelach an duine is mó a thugann airgead don pháirtí Daonlathach agus go háirithe d’fheachtas Hillary Clinton.  Boc mór Hollywood é Haim Saban a rinne a chuid airgid as an gclár páistí Mighty Morphine Power Rangers a léiriú. Labhair sé leis an New York Times roinnt blianta ó shin agus is éard a dúirt sé,  “I’m a one-issue guy, and my issue is Israel”.

Bhí Saban ag labhairt ag comhdháil san Iosrael cúpla bliain ó shin agus dúirt sé go raibh trí bhealach ann chun tionchar a bheith agat ar pholasaí eachtrach Mheiriceá. D’fhéadfaí, a dúirt sé airgead a thabhairt do pholaiteoirí, agus tá neart airgid tugtha ag Saban do na Daonlathaigh, go háirithe do mhuintir Clinton. Nó d’fhéadfaí meitheal machnaimh a bhunú, agus bunaíodh an Saban Centre for Middle East Policy ag an Brookings Institute nuair a thug sé $12 milliún dóibh sa bhliain 2002.  Nó d’fhéadfaí meáin chumarsáide a cheannach, agus arís rinne Saban beart de réir a bhriathair sa chás seo, agus Univision, an gréasán teilifíse Spáinnise is mó ar domhain, ceannaithe aige.

Maidir le ceist an airgid san fheachtas toghchánaíochta seo, ós rud é go bhfuil neart airgid ag Trump cheana féin níl sé faoi chomaoin ag lucht an airgid. Dá bhrí sin, tá lucht na cogaíochta scanraithe roimh Trump agus iad ag iarraidh deireadh a chur lena fheachtas ar ais nó ar éigean.

Is é Marco Rubio an t-iarrthóir is mó a thaitníonn leis na nuachoimeádaithe, agus ba iad a chuid comhairleoirí, leithéidí Bill Kristol agus Robert Kagan, ba chúis leis an gcogadh san Iaráic. Ach mura n-éiríonn le Rubio an ceann is fearr a fháil ar Trump, beidh lucht na cogaíochta lánsásta tacaíocht a thabhairt do Hillary Clinton.

Agus tuige nach mbeadh? Mar a dúirt Diana Johnstone fúithi ina leabhar tábhachtach dar teideal Queen of Chaos: The Misadventures of Hillary Clinton: ‘Her record as Secretary of State shows that she is qualified to be the first woman to the known as ‘the mother of all drones’ or even to launch World War III’.

Cé go n-athraíonn Trump a phort ó lá go chéile, níl aon amhras faoi dhearcadh Bhanríon an Anoird.

Léirigh Clinton easpa trua agus an sult a bhaineann sí as an lámh láidir a úsáid nuair a rinne sí aithris ar fhrása Julius Caesar i ndiaidh bhás uafásach Gaddafi. “Tháinig muid, chonaic muid, agus fuair sé bás,” a dúirt sí agus rinne sí gáire.

D’fhéadfá amadán a thabhairt ar Trump ach ní óinseach í Hillary. Is breá léi an cogadh. Rogha an dá dhíogha atá ann.

Is tráchtaire polaitiúil é Maidhc Ó Cathail a bhfuil go leor scríofa aige faoi bheartas eachtrach Mheiriceá agus an Meánoirthear.

Fág freagra ar 'Donald Trump nó Hillary Clinton? Rogha an dá dhíogha…'