Donald Trump á thabhairt os comhair na cúirte in Manhattan

Ní nach ionadh tá imní ar phóilíní agus lucht dlí go mbeidh ruaille buaille agus léirsithe go leor thart ar theach na cúirte agus ar Thúr Trump

Donald Trump á thabhairt os comhair na cúirte in Manhattan

Inniu a thabharfar Donald Trump os comhair cúirte in Manhattan i lár Nua-Eabhrac, áit a gcuirfear cúiseanna coiriúla ina leith sula nglacfar grianghraf de agus a dtógfar a mhéarlorg.

Ócáid eisceachtúil atá againn inniu, mar is é Trump an chéad uachtarán nó iar-uachtarán de chuid na Stát Aontaithe dár tharla a leithéid.

Meastar go dtabharfaidh Trump, atá ina iarrthóir uachtaránachta do 2024, é féin ar láimh don chúirt go deonach inniu.

Tar éis lóin inniu tá sé i gceist Donald Trump a thabhairt os comhair an Bhreithimh Merchan, agus is ansin a bhrisfear an séala ar an díotáil agus a chuirfear na cúiseanna sin ina leith go foirmeálta.

Ní nach ionadh tá imní ar phóilíní agus lucht dlí go mbeidh ruaille buaille agus léirsithe go leor thart ar theach na cúirte agus ar Thúr Trump.

Le teacht roimh an gcontúirt sin cuireadh baracáidí thart ar bhloc oifigí Trump agus roinnt blocanna eile ina thimpeall.

Tá sé ráite ag a chuid dlíodóirí go mbeidh Trump ag pléadáil neamhchiontach sna cúiseanna.

Cé nach bhfuil na cúiseanna foilsithe fós meastar go mbaineann siad le híocaíocht a rinneadh le bean darb ainm Stormy Daniels, a mhaíonn go raibh caidreamh collaí aici leis an iarUachtarán in 2006.

Aisteoir a bhí inti agus maítear gur íocadh $130,000 léi in 2016 lena béal a dhúnadh faoin gcaidreamh sin tráth a raibh an feachtas Uachtaránachta ag teacht chun deiridh.

Tá breis is 30 cúiseamh caimiléireachta i gcúrsaí gnó ag bagairt ar Trump ach ní ceadmhach an séala bhaint dá dhíotáil go dtí go mbeidh sé os comhair cúirte.

Cé gurb é an gnás glas láimhe a chur ar chosantóirí a bhíonn á gcúiseamh i gcoir, meastar nach ndéanfar amhlaidh i gcás Donald Trump, ó tharla go mbeidh gníomhairí feidearálacha faoi arm ina theannta lena chosaint.

Tamall gearr i ndiaidh don iarUachtarán freastal ar an gcúirt in Manhattan, tá preasócáid don nuacht phríomh-ama eagraithe ag feachtas toghcháin Trump ag a theach i Mar-a-Lago, Florida anocht.

Tá cáineadh géar déanta ag Trump agus a lucht tacaíochta ar Alvin Bragg, Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan, agus é á áitiú ag an iarUachtarán gur géarleanúint pholaitiúil atá á déanamh air.

Tá an-mhuinín aige go mbeidh sé in ann leas a bhaint as an díotáil seo le tuilleadh tacaíochta a bhailiú dá fheachtas le filleadh ar an Teach Bán.

Tá earraíocht á baint aige féin agus a lucht feachtais as an ngairm chúirte chun airgead a bhailiú dá fheachtas.

Ní gnách go gceadaítear ceamaraí i dtithe cúirte Nua-Eabhrac ach meastar go mbeidh ceamara amháin ar a laghad san halla chun pictiúr a fháil den iarUachtarán agus é ar a bhealach isteach sa gcúirt.

Tá cúrsaí slándála ócáid an lae inniu á gcomhordú ag an tSeirbhís Rúnda, Rannóg Póilíní Nua-Eabhrac agus oifigigh cúirte Manhattan.

Fág freagra ar 'Donald Trump á thabhairt os comhair na cúirte in Manhattan'