‘Dóchas’ faoi chur chuige nua TG4 agus sonraí faoina straitéis nua curtha ar fáil

Nocht Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont, an straitéis nua coimisiúnaithe atá ag TG4 inné

‘Dóchas’ faoi chur chuige nua TG4 agus sonraí faoina straitéis nua curtha ar fáil

Tá córas nua coimisiúnaithe bunaithe ag TG4 a fhágann gur comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin a bheidh ag soláthar beagnach gach uile chlár a chraolfar ar an stáisiún Gaeilge feasta.

Nocht Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont, an straitéis nua coimisiúnaithe atá ag TG4 inné don 200 léiritheoir ón earnáil phríobháideach léiriúcháin a bhí i láthair ag cruinniú speisialta i nGaillimh.

Faoin straitéis nua, beidh babhtaí coimisiúnaithe ann i réimsí éagsúla agus beifear ag lorg ábhar ginearálta i seacht réimse – sobalchláir, cláir shiamsaíochta, cláir ealaíon, cláir spóirt, cláir drámaíochta, mórchláir, amhail Gradaim Cheoil TG4, agus cláir aonair.

Caithfear 80% den mhaoiniú atá curtha ar leataobh do choimisiúnú na gclár ar na conarthaí fada “ilbhliana” a bheidh á dtairiscint, conarthaí a mhairfidh ceithre bliana. Is ar na conarthaí do chláir “aonair” a chaithfear an 20% eile.

Tá deis anois ag na comhlachtaí príobháideacha léiriúcháin cur isteach ar an gcomórtas nua-fhógartha agus táthar ag súil go mbronnfar na conarthaí i mí Iúil na bliana seo.

Is athrú mór é seo ar an múnla a bhíodh ag TG4 go dtí seo. Dúirt Esslemont gur theastaigh an t-athrú maidir le conarthaí fada chun earnáil cheart léiriúcháin a chruthú in Éirinn. Dúirt sé nach bhféadfaí a mhaíomh gur earnáil cheart atá ann i láthair na huaire mar gheall ar a laghad daoine óga atá ag teacht isteach sa tionscal agus mar gheall ar a bhfuil de ‘chadhain aonair’ i mbun oibre san earnáil léiriúcháin.

Beidh luach €400,000 sa bhliain ar na conarthaí ilbhliana nua i bhformhór na réimsí agus mairfidh na conarthaí ceithre bliana, rud a fhágann gur fiú €1.6m an conradh don chomhlacht a n-éireoidh leis i réimsí na faisnéise, na siamsaíochta, na siamsaíochta do ghasúir agus an cheoil . €3.4 milliún in aghaidh na bliana a bheidh i gceist don chonradh nua do shobalchlár.

Agus tairiscintí á ndéanamh ar na conarthaí ilbhliana, dúirt Esslemont go bhféachfar ar líon na gclár, caighdeán na gclár agus an fócas a bheidh ag na cláir ar an sprioc-lucht féachana.

Deir Esslemont go bhfuil “dhá lucht féachana” ag TG4. Rinne sé cur síos cuimsitheach ar an dá lucht féachana sin — an “croí-lucht féachana” agus an “mór-lucht féachana náisiúnta” ag cruinniú an lae inné agus chuir sé síos ar na bealaí a mbeidh TG4 ag freastal orthu as seo amach.

Is iad na cainteoirí Gaeilge, ar cuid lárnach dá bhféiniúlacht í an teanga an croí-lucht féachana ag TG4, dar leis. Labhraíonn an dream seo an Ghaeilge gach uile lá agus tá ceangal láidir acu leis an teanga. Is daoine nach bhfuil Gaeilge acu agus gur beag a suim sa teanga atá sa mhórphobal náisiúnta. Dúirt Esslemont go bhfuil pobal eile fós idir eatarthu. Is iad sin na daoine a bhfuil Gaeilge acu ach nach cuid mhór dá bhféiniúlacht í — tá an teanga mar a bheadh “party-trick” ag cuid acu, a dúirt sé. Beidh sé mar sprioc ag TG4 freastal ar na pobail éagsúla seo feasta in áit iarracht a dhéanamh an dá thrá a fhreastal leis na cláir chéanna.

Díreofar ar an gcroíphobal go luath sa tráthnóna, idir 7pm agus  8pm, le Nuacht TG4 agus clár eile. Is ar an gcroíphobal agus an pobal sin a bhfuil Gaeilge acu ach nach cuid chomh lárnach sin dá bhféiniúlacht í a dhíreofar idir 8.00 agus 9.30 agus ina dhiaidh sin, is é an mór-lucht féachana náisiúnta an sprioc a bheidh ag TG4. Dúirt Esslemont go mbeidh ar na léiritheoirí aird a thabhairt ar na pobail éagsúla seo agus a gcuid clár a chur in oiriúint dóibh.

Dúirt beirt léiritheoirí neamhspleácha a bhí i láthair ag an gcruinniú le Tuairisc.ie gur maith an rud é go bhfuil soiléireacht ann maidir le pleananna TG4 “sa deireadh” agus go bhfuil “straitéis shoiléir” ag an stáisiún.

Dúirt Darach Mac Con Iomaire, scríbhneoir agus stiúrthóir, go bhfuil sé an-tábhachtach gur aithin Esslemont an “ghéarchéim maidir le lucht féachana” agus go bhfuil sé ionraic faoin lucht féachana atá ann.

“An straitéis atá acu anois ná go bhfuil dhá lucht féachana shonracha ann. Tá an dá lucht féachana sin á gcur go soiléir os ár gcomhair agus táthar le freastal ar an dá lucht féachana sin agus is dul chun cinn mór millteach é sin,” a dúirt Mac Con Iomaire, a scríobh agus a stiúir Corp + Anam.

Dúirt Seán Ó Cualáin, a bhfuil a chomhlacht léiriúcháin féin aige, Sónta, go bhfuil sé soiléir go dtuigeann Esslemont go bhfuil tionscadal na teilifíse Gaeilge “ag imeacht le sruth” le deich mbliana anuas agus gur maith an rud é gur cúis imní don Ard-Stiúrthóir an easpa daoine óga atá ag plé leis an tionscadal.

“Níl mórán daoine óga ag teacht isteach sa tionscal mar ní fhacthas dóibh go raibh slí bheatha le baint amach acu ann. An t-aon imní a bheadh orm ná go mbeadh daoine óga le Gaeilge anois á dtógáil isteach ag comhlachtaí nach bhfuil cainteoirí Gaeilge fostaithe acu agus gurb iad na daoine seo atá ag teacht amach as an gcoláiste an t-aon dream a mbeidh Gaeilge acu,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin, cé go bhfuil roinnt léiritheoirí aonaracha buartha faoina bhfuil i ndán dóibh anois go bhfuil an deis ann ag léiritheoirí atá lonnaithe san áit chéanna teacht le chéile agus comhlachtaí níos láidre a bhunú. Tá géarghá lena leithéid de ghníomh i nGaeltacht Thír Chonaill, a dúirt sé, áit nach bhfuil muintir na háite “á bhfeiceáil féin” ar an teilifíseán.

Fág freagra ar '‘Dóchas’ faoi chur chuige nua TG4 agus sonraí faoina straitéis nua curtha ar fáil'