Fáilte curtha roimh ‘dul chun cinn suntasach’ i leith cearta teanga phobal na Gaeilge

Agus iad ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt polaiteoirí, saineolaithe teanga agus lucht feachtais go rabhthas sásta den chuid is mó leis na moltaí atá le tabhairt chun cinn ag Aire na Gaeltachta roimh an gcéad chéim eile d’achtú an bhille

Fáilte curtha roimh ‘dul chun cinn suntasach’ i leith cearta teanga phobal na Gaeilge

Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga, polaiteoirí an fhreasúra, eagraíochtaí teanga agus sochtheangeolaithe roimh fhoilsiú leasuithe an rialtais a dhéanamh i leith an bhille teanga.

D’fhoilsigh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inné ceannteidil 32 leasú an rialtais ar an dréachtreachtaíocht, leasuithe a chuirfeadh le cearta teanga phobal na Gaeilge i réimsí na cumarsáide, na margaíochta agus na fógraíochta.

Agus iad ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt saineolaithe teanga agus lucht feachtais go rabhthas sásta den chuid is mó leis na moltaí atá le tabhairt chun cinn ag Aire Stáit na Gaeltachta roimh an gcéad chéim eile d’achtú an bhille.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh “dul chun cinn mór déanta” ó thaobh Acht na dTeangacha agus na leasuithe nua foilsithe agus go raibh go leor leasuithe “tábhachtacha” ann chun cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a threisiú.

Maidir leis na laigí a aithníodh ar an bhille le linn na díospóireachta ag Céim an Choiste i dTithe an Oireachtais, dúirt an sochtheangeolaí aitheanta John Walsh go raibh “dul chun cinn suntasach” déanta ina leith.

“Is cosúil gur thug an rialtas aghaidh ar chuid mhaith de na laigí a aithníodh ar an bpróiseas reachtúil go dtí seo agus iad ag ullmhú na leasuithe seo.

“Cé nach luaitear foráil dhíreach faoin nGaeltacht, leagtar síos spriocdhátaí cinnte maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga. Ba cheart go ndéanfaí nasc mar sin cheana idir an próiseas pleanála teanga agus Acht na dTeangacha Oifigiúla agus mar sin is ceart fáiltiú roimh an leasú seo.”

Faoi cheann de na leasuithe atá le moladh ag an Aire Stáit Chambers bheadh ar Aire na Gaeltachta ordú a thabhairt go mbeadh gach seirbhís ón stát ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht i ndiaidh don Phlean Náisiúnta maidir le Soláthar Seirbhísí Poiblí a bheith foilsithe agus  ‘taighde cuimsitheach” a bheith faighte aige nó aici.

Cé go bhfuil sé i gceist go mbeadh an Plean Náisiúnta curtha i gcrích taobh istigh de dhá bhliain go leith ó achtú an bhille, ní fios cén uair a chuirfear an taighde i gcrích.

An Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, OÉG

Maidir leis na leasuithe eile, chuir an Dr Walsh fáilte roimh roinnt acu cé go raibh cuid acu teoranta, dar leis.

“Fáiltím roimh an gcinneadh comhfhreagras ar na meáin shóisialta a chur san áireamh sna dualgais chumarsáide a thitfidh ar chomhlachtaí poiblí agus roimh an gceanglas nua a bheidh orthu fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

“Cé go bhfuil srian leis na leasuithe sin, is dul chun cinn iad ar a raibh againn cheana agus cuirfidh siad iachall ar an stát tuilleadh cumarsáide a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge, mar shampla faoin bpaindéim,” a dúirt an sochtheangeolaí John Walsh.

I gceann de leasuithe an rialtais, leagfar síos go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus deirtear go mbeadh ar gach comhlacht poiblí 5% dá chuid fógraíochta in aon bhliain ar leith a dhéanamh sna meáin Ghaeilge. Beidh dualgas reachtúil freisin ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go mbeidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta “ag súil le freastal níos fearr” mar thoradh ar na leasuithe a d’fhógair an tAire Stáit inné.

“Tá cúpla céim eile le dul leis an mBille sula n-achtófar é agus ba mhaith liom a aithint go bhfuil dul chun cinn mór déanta. Sin ráite, beimid ag coinneáil súil ar an bhfoclaíocht do na leasuithe a foilsíodh inniu agus beimid ag cur leasuithe atá fágtha ar lár chun cinn roimh dheireadh an phróisis.”

Dúirt de Spáinn go raibh roinnt leasuithe “tábhachtacha eile fógartha a bhaineann le cúrsaí fógraíochta, margaíochta agus i gcás ainmneacha agus seoltaí daoine chun cearta teanga a threisiú”.

Dúirt Uachtáran Chonradh na Gaeilge Niall Comer go raibh “láidriú suntasach”  déanta ar an bhille teanga.

“Tá moladh le dul chomh maith do gach duine sa phobal, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, agus do na polaiteoirí sa Rialtas agus sa fhreasúra a chabhraigh agus a thacaigh leis na moltaí a chuir muid chun cinn,” a dúirt sé.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur “céim dhearfach” a bhí i bhfoilsiú leasuithe an rialtais ach nach raibh faoi aon rud eile a rá ina dtaobh fad is atá próiseas achtaithe an bhille ar siúl i dTithe an Oireachtais.

Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, fáilte roimh leasuithe an Aire Stáit agus dúirt go raibh an chuma ar an scéal go raibh “dul chun cinn mór” déanta.

Dúirt sé gur léir go raibh an rialtas ag “dul sa treo ceart” i dtaobh na reachtaíochta ach go raibh súil aige an deis seo a thapú an bille teanga a dhéanamh níos láidre fós.

Deir an tAire Stáit Chambers go mbeidh deis ag polaiteoirí an fhreasúra moltaí an Rialtais a phlé leis sna seachtainí amach romhainn, rud a bhfuil súil ag Ó Snodaigh é a dhéanamh.

Cé gur thug an tAire Stáit Chambers le fios an tseachtain seo go raibh sé ag iarraidh go gcuirfí tús le Céim na Tuarascála den bhille an tseachtain seo chugainn, ní chuirfear tús leis an gcéad chéim eile den bhille go dtí an fómhar nuair a fhillfidh an Dáil ó bhriseadh an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh ‘dul chun cinn suntasach’ i leith cearta teanga phobal na Gaeilge'