Dóchas ag maolú go mbeidh aon choláistí samhraidh ar siúl i mbliana

Deir Gael Linn go gcaithfidh Roinn na Gaeltachta ‘ceannaireacht’ a léiriú agus cinneadh a dhéanamh na cúrsaí a chur ar ceal agus cúiteamh a íoc le mná tí agus na coláistí samhraidh

Dóchas ag maolú go mbeidh aon choláistí samhraidh ar siúl i mbliana

Táthar ag glacadh leis anois gur ar éigean go mbeidh aon choláistí samhraidh ar siúl i mbliana agus éileamh á dhéanamh cheana féin ar chúiteamh a dhéanamh le fir agus mná tí na gcoláistí.

Cé nach bhfuil aon chinneadh oifigiúil déanta fós, tá an dóchas go bhféadfaí cúrsaí a reáchtáil, fiú mí Lúnasa, ag maolú go mór.

Beidh cruinniú inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le fir agus mná tí ó gach coláiste samhraidh chun na treoirlínte a d’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo a phlé.

Beifear ag súil le heolas ón Aire Stáit faoi cheist an chúitimh sa chás nach mbeidh na cúrsaí ann nó sa chás gur cúrsaí le líon teoranta scoláirí a bheidh ar siúl.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie go raibh sé in am cinneadh a fhógairt faoi na coláistí samhraidh agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfar é sin go luath.

Dúirt Ó Cuív go bhfuil sé “ríthábhachtach” go n-íocfaí cúiteamh leis na mná tí, leis na coláistí samhraidh agus leis na hallaí pobail a chaillfidh amach ar theacht isteach “riachtanach” mura mbeidh na coláistí samhraidh ann i mbliana.

I ráiteas a d’eisigh Gael Linn, deirtear nach bhfuil sé “réalaíoch ná praiticiúil” a bheith ag súil go mbeadh lucht eagraithe cúrsaí ná teaghlaigh Ghaeltachta in ann na coinníollacha riachtanacha a chomhlíonadh “chomh mall seo sa séasúr”. 

Dúradh gur easpa ar na treoirlínte nach raibh ceist an chúitimh luaite, go háirithe agus an chuma ar an scéal nach mbeadh ach líon beag scoláirí ceadaithe sna tithe dá mbeadh cúrsaí ar siúl. 

“Beidh cúiteamh de dhíth ar mhná tí is ar lucht eagraithe na gcoláistí, mar a cuireadh ar fáil anuraidh agus orthu siúd a chuireann ionaid ar fáil do na cúrsaí seo fosta,” a deirtear sa ráiteas ó Ghael Linn.

Íocadh os cionn €4.7 milliún le coláistí samhraidh agus mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chúrsaí na bliana seo caite a bheith curtha ar ceal. Meastar go n-íocfar cúiteamh leis na mná tí arís i mbliana ach nach mbeidh an cúiteamh céanna ar fáil do na Coláistí Samhraidh. 

Deir Gael Linn go gcaithfidh Roinn na Gaeltachta “ceannaireacht” a léiriú agus cinneadh a dhéanamh na cúrsaí a chur ar ceal.

“Ba chóir grúpa oibre a chur le chéile lena dhéanamh cinnte go dtiocfadh gnó na gcoláistí samhraidh ar ais chomh láidir agus is féidir don bhliain 2022 agus an tacaíocht chuí a chur ar fáil chuige sin.”

Ceann de na cúiseanna is mó a bhfuiltear ag ceapadh anois nach mbeidh aon chúrsaí ar siúl i mbliana ná ceist na vacsaíní. 

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil imní ann fiú dá mbeadh an tsnáthaid faighte ag na fir agus mná tí nach mbeadh an scéal amhlaidh i gcás na ndaoine óga a bheadh ag fanacht ina dteach.

Tá go leor mná tí den tuairim chomh maith nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid lóistín a chur ar fáil do líon teoranta scoláirí, go háirithe mura mbeadh i gceist ach aon chúrsa amháin.

Chomh maith leis sin, tá amhras ar lucht na gcoláistí samhraidh nach é an gnáthchúrsa Gaeltachta, a mbíonn an oiread sin tóir air, a bheadh i gceist faoi na treoirlínte a foilsíodh an tseachtain seo.

“Teastaíonn ó na Coláistí Gaeilge nach n-athrófar eispéireas foghlama na ngasúr atá ag foghlaim na Gaeilge ó bhun aníos,” a dúirt Máire Denvir ó CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh. “Maidir leis an gcáipéis atá tagtha amach, bheadh an-chontúirt go n-athrófaí an t-eispéireas ar fad. Ní shin atá uainn.”

Dúirt Máire Denvir le Nuacht nár cheap sí go raibh “bealach ar bith” go mbeadh aon bhean tí sásta triúr nó seisear a chur isteach i dteach as trí theaghlach, mar atá leagtha amach sna treoirlínte.

Dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir Choláistí Chorca Dhuibhne go bhféadfadh go mbeadh seans ann cúrsaí a reáchtáil dá gcloífí leis na ‘pods’ atá in úsáid sna scoileanna faoi láthair ach dúirt sé go bhfuil an-imní fós ar mhná tí.

“Is dócha gurb í an cheist is mó atá acu ná ceist na sláinte. Ní hamháin sláinte dóibh féin, ach sláinte do na daltaí . . . sláinte a gcomharsana,” a dúirt sé.

Chomh maith leis an gcruinniú le fir agus mná tí inniu, tá sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta bualadh le CONCOS Dé Luain seo chugainn chun a bhfuil i ndán do na coláistí samhraidh a phlé.

Fág freagra ar 'Dóchas ag maolú go mbeidh aon choláistí samhraidh ar siúl i mbliana'

  • Antóin

    An bhfuil aon deireadh leis na cruinnithe? Caint ar son cainte nuair is léir nach mbeidh cúrsaí ann. An méar is faide dá bhfaca mé riamh nuair is follasach céard atá le déanamh. Cuirtear ar ceal na cúrsaí agus tugtar cúiteamh.