Cead ag mná tí triúr scoláirí ar a mhéad a choimeád faoi rogha amháin i dtreoirlínte Covid-19 do choláistí samhraidh

De réir phlean nua an Rialtais, ní bheadh cead na coláistí samhraidh a reáchtáil ach amháin sa chás go mbeadh Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 i bhfeidhm faoi phlean Covid-19 an Rialtais

Cead ag mná tí triúr scoláirí ar a mhéad a choimeád faoi rogha amháin i dtreoirlínte Covid-19 do choláistí samhraidh

D’fhéadfadh nach mbeadh cead ag mná tí na Gaeltachta ach triúr scoláirí a choimeád i mbliana, sin má bhíonn cead in aon chor na coláistí samhraidh a reáchtáil.

D’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta tráthnóna na treoirlínte maidir le conas a d’fhéadfaí cúrsaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta a reáchtáil go sábháilte an samhradh seo.

De réir na dtreoirlínte, ní bheidh cead ag na coláistí samhraidh dul ar aghaidh i mbliana mura bhfuil Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 i bhfeidhm faoi phlean Covid-19 an Rialtais – Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021 – An Bóthar Amach Romhainn.

Tugtar dhá rogha sa cháipéis maidir le reáchtáil na gcúrsaí sa Ghaeltacht i mbliana.

Faoin gcéad rogha, faoi Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 d’fhéadfaí triúr scoláirí ó thrí theaghlach éagsúla ar a mhéad a choinneáil in aon teach lóistín amháin.

Faoin dara rogha, rialacha éagsúla a bheadh i gceist faoi shrianta Leibhéal 1 agus Leibhéal 2. 

Faoi Leibhéal 1, bheadh suas le deichniúr scoláirí ó thrí theaghlach éagsúla in ann fanacht le chéile in aon teach lóistín amháin. Faoi Leibhéal 2, bheadh suas le seisear scoláirí ó thrí theaghlach éagsúla ceadaithe.

37 leathanach ar fad atá sna treoirlínte ina leagtar amach comhairle agus srianta éagsúla an Rialtais i leith na paindéime, go háirithe maidir le tithe lóistín, seomraí ranga agus gníomhaíochtaí taobh amuigh. 

Leagtar síos chomh maith na freagrachtaí a bheadh ar na coláistí samhraidh agus na mná tí de réir na comhairle sláinte poiblí agus na hullmhúcháin a bheadh le déanamh acu lena chinntiú go bhféadfaí beartais amhail an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm.

Déanfar na treoirlíne a phlé le mná tí agus leis na coláistí samhraidh sna laethanta amach romhainn agus déanfar cinneadh ansin an mbeidh nó nach mbeidh cúrsaí ann an samhradh seo.

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil sé ag súil leis na treoirlínte a phlé le lucht na gcoláistí samhraidh idir seo agus deireadh na seachtaine seo chugainn.

“Tá mé ag súil go mór le dul i gcomhairle leis na teaghlaigh agus ionadaithe na gcoláistí sna laethanta seo romhainn chun a gcuid tuairimí a fháil ar na treoirlínte seo, agus oibriú le chéile chun gach duine a choinneáil slán sábháilte agus chun inmharthanacht na hearnála tábhachtaí seo a chinntiú do na míonna agus na blianta amach romhainn,” arsa an tAire Stáit Chambers.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, is é is dóichí ná a mhalairt gur mí Lúnasa amháin a d’fhéadfaí na cúrsaí a reáchtáil i mbliana, sin má bhíonn siad ann in aon chor.

Beidh cruinnithe ag an Aire Stáit Chambers agus ag feidhmeannaigh Roinn na Gaeltachta le mná agus fir tí chun a dtuairimí a fháil maidir leis na treoirlínte Dé hAoine, an 23 Aibreán.

Meastar go ndéanfar cinneadh faoina bhfuil i ndán do na cúrsaí i mbliana roimh dheireadh na míosa seo nó luath an mhí seo chugainn. 

Beidh go leor ag brath ar thuairimí na mban agus na bhfear tí ach cuirfear san áireamh freisin an ghuagacht atá ag baint le cúrsaí vacsaíní. 

Tá sé i gceist ag an Aire Stáit bualadh le CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh, Dé Luain seo chugainn.

Tá cuireadh tugtha freisin do dhaoine a dtuairimí faoi na treoirlínte a chur in iúl don Roinn i scríbhinn roimh an 27 Aibreán.

Tá na treoirlínte foilsithe ag Roinn na Gaeltachta anseo.

Níl aon rud ráite go fóill ag Roinn na Gaeltachta faoi chúiteamh a íoc le mná tí nó le coláistí samhraidh arís i mbliana sa chás go gcuirfí na cúrsaí ar ceal nó sa chás gur ar bhonn teoranta a cheadófaí na cúrsaí, ach meastar go mbeadh cúiteamh i gceist do na mná tí ar a laghad.

Íocadh os cionn €4.7 milliún le coláistí samhraidh agus mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chúrsaí na bliana seo caite a chur ar ceal.

Fág freagra ar 'Cead ag mná tí triúr scoláirí ar a mhéad a choimeád faoi rogha amháin i dtreoirlínte Covid-19 do choláistí samhraidh'

  • Antoin

    Triúr scoláire ó thrí theaghlach éagsúla ar a mhéad in aon teach lóistín amháín. Céard faoi na coláistí beaga a ghlacann timpeall 100 scoláire in aghaidh an chúrsa gach bliain. Ba ghnách an céad scoláire a roinnt idir deich theach. Faoi na rialacha nua seo bheadh 30 scoláire ar an chúrsa. Agus ansin 37 leathanach de threoirlínte! Rachadh sé dian ar na coláistí sin leanúint ar aghaidh i mbliana.

    Faoi leibheal 2 bheadh suas le 6 scoláire ó thrí theach éagsúla ceadaithe. Deartháireacha nó deirfiúracha i ngach teach mar sin. Ar tharla sé sin riamh ar aon chúrsa in aon choláiste. Ní cheapaim é.

    Maidir leis na daoine a scríobh na teoirlínte, n’fheadar ar fhreastail siad ar chúrsa nó ar oibrigh siad ar chúrsa riamh?

  • S. Mac Muirí

    Glacaim leis mar soin go mbeidh cead ag na fir tí a rogha líon scoláirí a choinneáilt.

  • Antoin

    Dá mbeadh guí amháin agam le fáil ó Dhia na glóire is é nach gcuirfí d’iachall orm an meascán mearaí ar a dtugtar treoirlínte lena iliomad tagairtí do “mic léinn” a léamh arís.

    Nárbh fhusa i bhfad an doiciméad ‘Plean Freagartha COVID-19 maidir le feidhmiú sábháilte agus inbhuanaithe Bunscoileanna agus Scoileanna Speisialta’ a úsáid mar theimpléad agus é a chur in oiriúint do choláistí samhraidh. Tá an Plean Freagartha thuasluaite soléite, leagtha amach go soiléir agus is léir gur thuig na daoine a chuir le chéile é an córas atá i bhfeidhm sna scoileanna nó ar a laghad go ndeachaigh siad i gcomhairle le daoine a thuig. Ní fhéadfainn sin a rá faoin treoir a cuireadh ar fáil do choláistí samhraidh Gaeltachta. Agus, n’fheadar cé mhéad a fuair na seirbhisí comhairleachta as an dréacht sin a chur le chéile?

    Mo thrua na cúplaí agus na tríríní ar fad ar fud na tire nach eol dóibh go fóill pleananna na Roinne. Mo thrí thrua an fhoireann glantóirí a bheas ag obair ó gheal go dubh ag iarraidh oibriú amach cad is brí le ‘eatraimh ghlantacháin mhodhnaithe’ Agus mo sheacht dtrua an scoláire bocht ag triail ar thobar na Gaeilge agus gan ar a intinn aige ach a chéad bharróg ag céilí.

  • Go bhfóire....

    An té a dhréachtaigh an treoir, b’fhéidir nár mhiste é/í féin a chur ar choláiste samhraidh?