‘Do chónaigh sé in ár measc’ – binse adhmaid curtha i nDún Chaoin in ómós do Diarmuidín Ó Súilleabháin

Tríocha bliana ó shin a cailleadh i dtimpiste bhóthair Diarmuidín Ó Súilleabháin,  an t-amhránaí agus craoltóir den scoth as Múscraí 

‘Do chónaigh sé in ár measc’ – binse adhmaid curtha i nDún Chaoin in ómós do Diarmuidín Ó Súilleabháin

Tá binse adhmaid curtha i nDún Chaoin in ómós don amhránaí agus craoltóir Diarmuid Ó Súilleabháin a cailleadh cothrom an ama seo tríocha bliain ó shin.

Comharchumann Dhún Chaoin a bheartaigh comóradh a dhéanamh ar an Súilleabhánach, “fear ildánach a raibh cion thar na bearta air ar na bólaí seo”.

Cuireadh an ócáid a bhí beartaithe don Satharn beag seo ar ceal de dheasca na paindéime ach cuid bhuan den chomóradh an binse adhmaid – Binse Dhiarmuidín.  Tá an binse curtha ag béal Bhóthar na Croise Báine, coiscéim nó dhó isteach ó bhóthar an Chlasaigh agus radharc taibhseach uaidh ar Dhún Chaoin agus na Blascaodaí.

Greanta ar phláta miotail ar an mbinse cuimhneacháin tá na focail seo:

Diarmuid Ó Súilleabháin

1947 -1991

Amhránaí – Iriseoir – Craoltóir

Do chónaigh sé in ár measc

Sna 1980idí a tháinig Diarmuidín Ó Súilleabháin chun oibre go Corca Dhuibhne mar Chlár-Reachtaire le Raidió na Gaeltachta i mBóthar na Léinsí. Fén dtráth sin bhí aithne ar fud na hÉireann air mar amhránaí agus mar chraoltóir den scoth agus mar bhall de theaghlach ildánach Mhaidhcí Ó Súilleabháin i gCúil Aodha. 

Ní fada leis gur chuir sé chuige féin i dtigh i mBaile Bhiocáire, Dún Chaoin, ar shleasa Shliabh an Iolair agus i ngiorracht urchar méaróige den dtigh ina raibh cónaí ar Pheig Sayers í féin.

Chomh maith leis na hamhráin agus leis an nuacht do bhí spéis thar na bearta ag Diarmuidín i gcúrsaí caide Chorca Dhuibhne agus i bhfoireann bhuacach Chiarraí ag an am. Dlúthchairde ba ea é féin agus ‘Fear Ard A’ Bhóthair’, Páidí Ó Sé. 

Dhearbhaigh Páidí Ó Sé féin, tamall beag roimh a bhás, gurb é Diarmuidín a chur os comhair Pháidí cnámha an aithisc iomráitigh a rinne Mac Uí Shé agus Corn Sam Mag Uidhir á ghlacadh chuige féin aige i mí Mheán Fómhair 1985.

Ar an 2 Nollaig 1991 agus bóthar an Chlasaigh abhaile go Dún Chaoin á thabhairt aige air féin ina ghluaisteán, maraíodh Diarmuidín go tubaisteach nuair a d’imigh a gluaisteán den mbóthar is é i ngiorracht míle nó mar sin dá thig cónaithe. 

Chomh maith leis sin beidh athchraoladh á dhéanamh ar TG4  ar 21.30 ar an nDomhnach seo chugainn ar an gclár teilifíse Diarmuidín a rinne Peter Carr ina chuimhne isteach is amach le deich mbliana ó shin.

Beidh Éigse Dhiarmuidín ar bun i gCúil Aodha agus i mbaill eile i Múscraí ón Aoine 3 Nollaig go dtí An Domhnach 5 Nollaig. Féach https://www.eigse.ie.

Fág freagra ar '‘Do chónaigh sé in ár measc’ – binse adhmaid curtha i nDún Chaoin in ómós do Diarmuidín Ó Súilleabháin'