Dlús curtha le feachtas le tacaíocht a fháil d’Éamon Ó Cuív mar iarrthóir uachtaránachta

Deir Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe Seán Ó Tuairisg gur ‘rósciobtha’ a bhí Fianna Fáil ag socrú nach mbeadh aon iarrthóir acu sa toghchán

Dlús curtha le feachtas le tacaíocht a fháil d’Éamon Ó Cuív mar iarrthóir uachtaránachta

Tá dlús curtha leis an iarracht tacaíocht a fháil d’Éamon Ó Cuív mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta ag Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe Seán Ó Tuairisg.

Tá ráite ag an gcomhairleoir Gaeltachta gur dóigh leis gur “rósciobtha” a bhí Fianna Fáil ag socrú nach mbeadh aon iarrthóir acu sa toghchán agus thug sé le fios go raibh sé féin agus a chomhghleacaithe chun litir a scríobh chuig ceannaire Fhianna Fáil ag iarraidh air go ndéanfaí “athbhreithniú” ar an gcinneadh sin.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Ó Tuairisg gur “iarrthóir thar barr ar fad” a bheadh in Éamon Ó Cuív d’Fhianna Fáil.

Thug sé le fios chomh maith go raibh cruinniú ag comhairleoirí Fhianna Fáil ar Chomhairle Contae na Gaillimhe leis an Teachta Dála an tseachtain seo caite chun an t-ábhar seo a phlé.

Dúirt Ó Tuairisg, ar comrádaí mór de chuid Uí Chuív é, nár iarr an t-iar-aire Gaeltachta aon tacaíocht ó na comhairleoirí agus nár thug sé “aon fhreagra díreach” orthu ag cruinniú na seachtaine seo caite.

Ní raibh sé “100% cinnte”, a dúirt Ó Tuairisg, an raibh faoi Ó Cuív é féin a chur chun cinn mar iarrthóir.

Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar Éamon Ó Cuív go fóill.

Dúirt Ó Tuairisg gur chóir d’Fhianna Fáil dul siar ar a gcinneadh staonadh ón toghchán agus tacú leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn.

“Ag an am go rinne siad an cinneadh sin ní raibh fhios againn go mbeadh toghchán don uachtaránacht ann, ach tá a fhios againn anois go mbeidh agus sílim go mba cheart d’Fhianna Fáil a bheith amuigh ansin agus a bheith os comhar an phobail agus iad a bheith le tabhairt faoi deara, agus go mbeadh iarrthóir an-mhaith acu in Éamon Ó Cuív le cur os comhair an phobail.

“Sílim go ndearna siad an cinneadh b’fhéidir ró-sciobtha…go gceapann siad go mba cheart go mbeadh iarrthóir againn, go leor comhairleoirí, go mórmhór ón taobh thoir den chontae,” a dúirt Seán Ó Tuairisg.

Dúirt sé go raibh “go leor den chosmhuintir” go mba mhaith leo go mbeadh iarrthóir ag Fianna Fáil agus go gcuirfí ar ceal cinneadh an pháirtí parlaiminte gan aon iarrthóir a chur chun tosaigh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Niall Collins inniu nach raibh “faic” sa scéal faoi Ó Cuív agus go raibh “cinneadh soiléir” déanta ag an bpáirtí i dtaobh cheist an toghcháin.

Dúirt Collins gur duine “díreach” é Ó Cuív

“Dá mbeadh suim aige san uachtaránacht bheadh sé ráite aige ag an am gur phléigh an páirtí parlaiminte é, ach ní dúirt,” arsa Collins.

Tuairiscíodh inné go raibh litir seolta ag polaiteoir eile as Gaillimh ar comrádaí mór eile de chuid Éamoin Uí Chuív é chuig comhairleoirí contae Fhianna Fáil ag iarraidh orthu tacú leis an Teachta Dála Gaeltachta mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta. 

Mhol an comhairleoir contae Ollie Crowe dá chomhghleachaithe go ndéanfaí neamhaird den scéal go bhfuil Fianna Fáil ag tacú le Michéal D Ó hUigínn sa toghchán.

Deir Crowe gur iarr sé cead Uí Chuív an litir a sheoladh agus gur chuir an t-iar-aire Gaeltachta in iúl dó go mbeadh sé sásta seasamh sa toghchán dá mbeadh tacaíocht chomhairle náisiúnta an pháirtí aige.

Meastar go mbeadh suim ag Ó Cuív, a raibh a sheanathair Éamon de Valera ina uachtarán idir 1959-1973, in uachtaránacht na tíre. 

Meastar leis nach bhfuil sé róthógtha le cur chuige an pháirtí tacú le Ó hUigínn seachas iarrthóir dá gcuid féin a chur chun tosaigh.

Roghnaigh páirtí parlaiminte Fhianna Fáil, a bhfuil Éamon Ó Cuív ina bhall de, nach mbeadh aon iarrthóir sa toghchán acu.

Fág freagra ar 'Dlús curtha le feachtas le tacaíocht a fháil d’Éamon Ó Cuív mar iarrthóir uachtaránachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá súil agam go n-éireoidh le Éamon ainmniúchán a fháil. Seasann sé don choiméadachas sin atá gan ghlór faoi láthair, ó shocraigh Fianna Fáil glacadh leis an gclár liobarálach. Ní bheidh mé ag vótáil dhó, mar nach n-aontaím leis agus níor mhaith liom gur eisean a bheadh ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann, ach is glór é ar cheart a chloisteál i dtoghchán na hUachtarántachta agus tá mé cinnte go n-ardódh sé roinnt ceisteanna bunúsacha faoi luachanna nár mhiste a bheith ardaithe sa díospóireacht.

  • An Teanga Bheo

    Nil gnáth phost é seo ar chora ar bith aois 35+ agus ball de phairtí eagsúla is cóir.
    Taisteal go leor agus………… aosach de díth orthu.