‘Dlí Dháithí’ – reachtaíocht nua faoin deonú orgán ainmnithe i ndiaidh Gaeilgeoir óg

Tá Dlí Dháithí, a tugadh isteach in Stormont inné, ainmnithe i ndiaidh Dháithí Mac Gabhann Gael óg cúig bliana d’aois atá trí bliana go leith ag fanacht ar aistriú croí

‘Dlí Dháithí’ – reachtaíocht nua faoin deonú orgán ainmnithe i ndiaidh Gaeilgeoir óg

Tá dlí nua faoin deonú orgán sa Tuaisceart ainmnithe i ndiaidh Gaeilgeoir óg cúig bliana d’aois atá trí bliana go leith ag fanacht ar aistriú croí.

‘Dlí Dháithí’ atá ar an reachtaíocht nua a dhéanfaidh córas rogha an diúltaithe den chóras deontóra orgáin.

Tá Dlí Dháithí, a tugadh isteach in Stormont inné, ainmnithe i ndiaidh Dháithí Mac Gabhann, Gael óg a bhfuil Siondróm Hipeapláiseach Croí air, galar croí neamhchoitianta a d’fhág nár fhorbair an taobh clé dá chroí mar is ceart sa bhroinn.

I mí Eanáir 2018, fuair Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, beirt Ghaeilgeoirí as Béal Feirste, amach go raibh aistriú croí de dhíth ar a mac a bhí 14 mí ag an am. Tá siad i mbun feachtais ó shin.

De réir Dhlí Dháithí, ó earrach 2023, beidh gach duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin mura roghnaíonn sé diúltú a bheith mar chuid den chóras nó murar eisceacht tú ar chúis eile.

Tá tuismitheoirí Dháithí i mbun feachtais le roinnt blianta anuas chun aird a tharraingt ar chás a mic agus na ndaoine eile atá ar an liosta feithimh ar dheonú orgáin sa Tuaisceart. Mar chuid dá bhfeachtas spreag tuismitheoirí Dháithí daoine le clárú leis an Chlár Deontóirí Orgán agus d’éiligh siad go leasófaí an córas deontóra orgáin.

Dúirt Máirtín Mac Gabhann, athair Dháithí, gur lá mór a bhí ann dá mhac, don chlann go léir agus don fheachtas.

“Níor cheapamar go bhfeicfimis an lá seo le linn na mandáide seo agus tá sé dochreidte ar fad a bheith anseo d’fhógra Dhlí Dháithí,” arsa Máirtín Mac Gabhann.

“Táimid chomh bródúil sin as Dáithí agus as an obair go léir a rinneadh ar son na reachtaíochta seo a shábhálfaidh beatha daoine. Tá Dáithí cúig bliana d’aois agus tá sé ar an liosta feithimh do chroí nua le trí bliana go leith, formhór a shaoil ghearr. Táimid faoi chomaoin mhór ag an Aire Swann [an tAire Sláinte] as é seo a chur tríd mar bhille feidhmeach.

“Tháinig gach rud le chéile ar bhealach agus an chinniúint atá ag rith tríd an lá inniu, mar bhí tamall ann ar shíleamar nach raibh aon seans ann go gcuirfí i gcrích é.”

 

Fág freagra ar '‘Dlí Dháithí’ – reachtaíocht nua faoin deonú orgán ainmnithe i ndiaidh Gaeilgeoir óg'