Diúltaithe sa chúirt ordú a thabhairt do Boris Johnson síneadh ama a lorg

De réir cinneadh i gCúirt na Seisiún i nDún Éideann níor ghá aon ordú a thabhairt do Boris Johnson litir a sheoladh ag lorg síneadh ama mar go bhfuil sin geallta cheana aige

Diúltaithe sa chúirt ordú a thabhairt do Boris Johnson síneadh ama a lorg

Diúltaíodh i gcúirt in Albain inniu ordú a thabhairt do Boris Johnson litir a sheoladh ag lorg síneadh ama ar an mBreatimeacht sa chás nach n-aontófaí margadh imeachta.

Dúradh sa bhreithiúnas nach mbeadh sé “cuí ná riachtanach” an leithéid d’ordú a thabhairt don Phríomh-Aire ó tharla gur gheall sé cheana go gcloífeadh leis an reachtaíocht.

Tugadh an dúshlán dlí seo le cinntiú go gcloífeadh Príomh-Aire na Breataine leis an reachtaíocht a tugadh isteach in Westminster an mhí seo caite chun stop a chur le Breatimeacht gan mhargadh.

Ach de réir chinneadh na cúirte níorbh ghá ordú a thabhairt do Johnson litir a sheoladh ag lorg síneadh ama ar an mBreatimeacht mura mbeidh glactha ag an bparlaimint le margadh imeachta faoin 19 Deireadh Fómhair.

De réir an chinnidh i gCúirt na Seisiún i nDún Éideann, níor ghá sin a dhéanamh mar gur thug Rialtas na Breataine le fios cheana go seolfaí a leithéid de litir agus go nglacfaí leis an reachtaíocht, acht Benn.

Dúradh sa bhreithiúnas go ndéanfaí dochar don “comh-iontaoibh” idir an chúirt agus an rialtas dá rachadh an Príomh-Aire ná an Rialtas siar ar a bhfocal a thug siad don chúirt.

I gcáipéisí a cuireadh faoi bhráid na cúirte thar ceann Boris Johnson Dé hAoine, dúradh go soiléir go nglacfadh an Príomh-Aire le hacht Benn ach is amhlaidh go bhfuil imní ar dhaoine áirithe nach ndéanfaidh sé beart de réir a bhriathair.

Tá sé seanráite ag Johnson nach bhfuil bealach ar bith go n-iarrfadh sé síneadh ama ar an mBreatimeacht agus dúirt sé go mb’fhearr leis ‘bás a fháil i ndíog’ ná a leithéid a iarraidh. 

Tá sé seanráite aige freisin go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE faoi Shamhain is cuma cad a tharlóidh.

Caint mar sin is mó a chuir imní ar lucht thionscnamh an cháis in Albain go ndéanfadh Johnson neamhaird d’acht Benn, acht a dtugann sé an ‘surrender act’ go minic air.

Inniu féin, sular fógraíodh cinneadh na cúirte, dúirt Johnson arís go mbeadh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE ar an 31 Deireadh Fómhair, bealach amháin nó bealach eile.

“Is cinnte go ndéanfaimid mionscrúdú cinnte ar gach breithiúnas mar a dhéanfaimid i gcónaí. Beidh meas againn ar an dlí. Agus fágfaimid an tAontas Eorpach ar an 31 Deireadh Fómhair. Is léir gur chuige sin a vótáil muintir na tíre. Sílim nach bhfuil ó fhormhór na ndaoine ach go gcuirfí an Breatimeacht i gcrích,” a dúirt Príomh-Aire na Breataine.

Bhíothas ag iarraidh go dtabharfaí ordú cúirte do Johnson go gcaithfeadh sé litir ag lorg síneadh ama ar an mBreatimeacht a sheoladh. Bhíothas ag súil chomh maith go gcuirfeadh an chúirt cosc ar Johnson iarraidh ar thíortha eile san AE gan aird a thabhairt ar a leithéid de litir agus go gcuirfí cosc chomh maith air an dara litir a sheoladh a thiocfadh salach ar an gcéad cheann.

Faoin reachtaíocht a tugadh isteach chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh, caithfidh Johnson margadh a chur tríd an bParlaimint roimh an 19 Deireadh Fómhair nó caithfidh sé iarratas a dhéanamh ar shíneadh ama eile ar an AE, go dtí an 31 Eanáir 2020 seachas an 31 Deireadh Fómhair mar atá i gceist aige. 

Tá sé i gceist ag lucht thionscnamh an cháis achomharc a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Diúltaithe sa chúirt ordú a thabhairt do Boris Johnson síneadh ama a lorg'