Diúltaithe d’éileamh go gcuirfí stop ‘láithreach bonn’ le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley sa Dáil go raibh ‘athbhreithniú leanúnach’ á dhéanamh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an bpróiseas comhairliúcháin i bhfianaise na paindéime 

Diúltaithe d’éileamh go gcuirfí stop ‘láithreach bonn’ le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste

Tá diúltaithe don éileamh a rinne 13 móreagraíocht teanga agus oideachais go gcuirfí  stop “láithreach bonn” leis an bpróiseas comhairliúcháin atá tosaithe faoi na cúrsaí Gaeilge nua atá le tabhairt isteach don Ardteist.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley sa Dáil go raibh “athbhreithniú leanúnach” á dhéanamh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ar an bpróiseas comhairliúcháin i bhfianaise na paindéime ach go raibh i bhfad níos mó ama ná mar is gnáth curtha ar leataobh don phróiseas

“D’fhonn an oiread deiseanna agus is féidir a chur ar fáil dóibh siúd go léir ar spéis leo dul i mbun an phróisis, tá sé beartaithe an comhairliúchán seo a choinneáil ar oscailt ar feadh tréimhse sé mhí. De ghnáth, déantar comhairliúcháin ar dhréachtsonraíochtaí ábhair thar thréimhse idir sé agus ocht seachtaine,” arsa an tAire Foley.

Bhí an tAire Foley ag freagairt ceiste a chuir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin uirthi. D’fhiafraigh Ó Snodaigh den Aire an bhféadfadh sí cur leis an tréimhse ama a cuireadh ar leataobh don phróiseas comhairliúcháin ionas go mbeadh na rannpháirtithe in ann “páirt a ghlacadh i gceart sa phróiseas”.

Dúirt Ó Snodaigh nach bhféadfaí “an chomhairle chuí” a fháil ó mhúinteoirí, príomhoidí agus scoileanna mar go bhfuil “brú ollmhór” orthu agus srianta Covid-19 “ag cur ualach breise” oibre orthu.

I litir a sheol 13 eagraíocht go dtí an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta an mhí seo caite, éilíodh go gcuirfí ar athló an próiseas sin nó go mbeidh athbhreithniú déanta ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach. 

Dúirt an tAIre Foley go raibh sí ar an eolas faoin éileamh sin agus faoi “imní” na n-eagraíochtaí Gaeilge. Bheadh an NCCA ag bualadh le cuid de na heagraíochtaí an mhí seo chugainn, a dúirt sí. “Beidh deis ann ansin na saincheisteanna sin a phlé,” a dúirt Norma Foley.

Cuireadh cóip de litir na n-eagraíochtaí chuig Airí na Gaeltachta, Catherine Martin agus Jack Chambers, chomh maith.

Deirtear sa litir gur chóir an próiseas a chur siar go dtí i ndiaidh na paindéime le go mbeidh deis an scéal “a phlé i gceart sa phobal”.

Dúirt an tAire Oideachais go raibh an próiseas tosaithe cheana agus go raibh “na cúinsí an-dúshlánach” a bhain le Covid-19 curtha san áireamh ag an NCCA sa phróiseas commhairliúcháin.

Dúirtí sí go rabhthas ag úsáid straitéisí comhairliúcháin éagsúla, suirbhé ar líne, grúpaí fócais agus cruinnithe déthaobhacha ina measc. 

Tá grúpaí áirithe buartha nach dtabharfaidh daltaí le Gaeilge líofa faoin gcúrsa níos dúshlánaí mura mbeidh pointí breise acu mar chúiteamh agus bhí iontas ar roinnt daoine faoina chosúla lena chéile is a bhí cur chuige an dá shiollabas.

Fág freagra ar 'Diúltaithe d’éileamh go gcuirfí stop ‘láithreach bonn’ le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste'