Ní fhéadfadh an tAire Pobal ó thuaidh aon gheallúint a thabhairt maidir le cén uair a fheicfear Straitéis Gaeilge lena bhfuil pobal na teanga beagnach 20 bliain ag fanacht.
Ceistíodh an tAire Gordon Lyons ón DUP faoin straitéis agus faoi cheist Fhoras na Gaeilge ag Coiste Pobal an Fheidhmeannais Déardaoin.
Tá obair ar bun faoi láthair ar fhorbairt na straitéise don Ghaeilge, a gealladh mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn in 2006, ach dúirt an tAire Lyons nach bhféadfadh sé aon choimitmint a thabhairt maidir le cén uair a fhoilseofar í.
Dúirt Lyons go raibh impleachtaí airgeadais na straitéise á meas i láthair na huaire.
Dhiúltaigh an tAire Lyons geallúint a thabhairt go bhfoilseofaí an straitéis le linn a théarma féin mar Aire ach dúirt sé go mbeadh “an-iontas” air mura gcuirfí an straitéis os comhair an Fheidhmeannais le linn tréimhse an rialtais seo, a mhairfidh go dtí lár 2027.
“Is féidir liom geallúint a thabhairt maidir le rudaí a chur os comhair an Fheidhmeannais, ní féidir liom geallúint a thabhairt maidir le céard a aontóidh an Feidhmeannas,” a dúirt Lyons nuair a cheistigh cathaoirleach an Choiste, Colm Gildernew Shinn Féin, é.
Dúirt Gildernew go raibh imní air nach raibh an tAire sásta bualadh le grúpaí teanga a bhí tar éis cur go mór leis an obair ar an straitéis. Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil trí cinn d’iarratais seolta acu chuig an Aire le bliain anuas ag lorg cruinnithe chun cúrsaí teanga a phlé ach nár glacadh le haon cheann acu.
Dúirt an tAire go gcasfadh sé le grúpaí leasmhara in am trátha ach go raibh sé ag iarraidh a bheith cothrom le gach dream.
“Tuigim go bhfuil sibh ag iarraidh próiseas a leagan amach ach tá mé ag fiafraí díot cén fáth nach bhfuil cruinnithe leis na grúpaí seo atá tar éis an oiread sin a dhéanamh i leith na straitéisí seo,” a d’fhiafraigh Gildernew den Aire.
“Mar tá an t-eolas uile faighte uathu againn,” a d’fhreagair Lyons.
“Cén chaoi a bhfuil a fhios agat? I gcead duit, má tá siad ag iarraidh casadh leat, cén chaoi a bhfuil a fhios agat céard faoi atá siad ag lorg cruinnithe? D’fhéadfadh gur eolas nua nó uasdátú [a bheadh i gceist],” a dúirt Gildernew.
Mhaígh Daniel McCrossan ón SDLP gur cheart go mbeadh an straitéis “ina tosaíocht” le linn tréimhse an rialtais seo.
Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, agus atá fosta mar Chomh-Chathaoirleach ar an Choiste Comh-Dheartha atá ag ullmhú na Dréacht-Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh, go raibh an Conradh fós ag iarraidh bualadh leis an Aire Lyons chun “na dúshláin mhóra atá ag titim amach” i gcás na teanga i láthair na huaire a phlé.
Dúirt sé go raibh sé “scannalach” nach bhfuil ceann scríbe bainte amach maidir leis an Straitéis Gaeilge go fóill, in ainneoin go bhfuil obair mhór déanta ag eagraíochtaí Gaeilge uirthi.
“Seo obair ullmhúcháin a thosaigh muid go hoifigiúil leis an Roinn Pobal in 2020. Tá an t-eolas uilig ansin, an dea-chleachtas uilig pléite agus na beartais aontaithe againne. Ní léir dúinn go bhfuil aon suim ag an Aire tosaíocht a dhéanamh den obair seo, a mhalairt is dócha atá fíor agus spreag an mhoill leanúnach ar an Straitéis rún ag an Ard-Fheis chun an tríú athbhreithniú breithiúnach a thógáil i gcoinne an Fheidhmeannais. Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge gníomhú ar an rún sin gan mhoill mura bhfeiceann muid gníomh fiúntach ón Aire sna seachtainí beaga amach romhainn.”
Ritheadh rún éigeandála ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite go dtreorófaí an eagraíocht teanga leis an bhFeidhmeannas a thabhairt chun cúirte den tríú huair le hocht mbliana mar gheall ar an teip an straitéis don Ghaeilgea thabhairt isteach.
Ceistíodh an tAire Lyons faoi mhaoiniú Fhoras na Gaeilge chomh maith agus grúpaí teanga imithe ar stailc an tseachtain seo chun aird a tharraingt ar an easpa infheistíochta atá déanta san eagraíocht.
Dúirt Lyons nach raibh sé in ann aon mhionsonraí a roinnt ach go raibh fadhb ar leith ann maidir le cúrsaí pinsin ach go raibh plé idir oifigigh ó thuaidh agus ó dheas chun teacht ar réiteach.
Nuair a thagair Sian Mulholland ón Alliance go raibh ráite ag an rialtas ó dheas go raibh siad sásta maoiniú breise a bhronnadh, dúirt Lyons go raibh “impleachtaí” aige don Fheidhmeannas ó thuaidh agus go gcaithfí a dhearbhú an mbeadh dualgas i gceist leis an gcóimheas maoinithe atá ann.
Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh gur “údar buairimh é” nach n-aithníonn an tAire go bhfuil géarchéim ann maidir le struchtúr maoinithe thuaidh theas an Fhorais.
“Ní ceist í a bhaineann le cúrsaí pinsin amháin, cé gur dócha gurb é sin a spreag an ghéarchéim reatha. Dála a chomhghleacaí, Emma Little-Pengelly, ní léir dúinn go bhfuil aon suim ag an DUP aontú leis an leasú atá molta ar mheicníocht mhaoinithe an Fhorais, ach mura mbíonn an réiteach fadtéarmach sin ann, beidh muid ar ais sa chruachás seo arís agus arís eile, gach bliain. Éilíonn muid réiteach práinneach ach réiteach fadtéarmach ar fhadhb atá anois ina géarchéim.”
Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Aire Pobal ó thuaidh geallúint a thabhairt maidir le Straitéis Gaeilge a fhoilsiú'