Díreofar acmhainní ar cheisteanna níos ‘dáiríre’ ná stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair – Ross

Níl sé i gceist ag an Aire Iompair filleadh ar cheist stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair an stáit agus deir sé go mb’fhearr acmhainní a dhíriú ar ‘tosaíochtaí eile sábháilteachta atá an-dáiríre’

irish-road-dublin-770x385

Níl sé i gceist ag an Aire nua Iompair, Shane Ross, filleadh ar cheist stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair.

Thug an tAire Ross an méid sin le fios do Tuairisc.ie nuair a fiafraíodh de cén tuairim a bhí aige faoi mholadh Chonradh na Gaeilge go gcuirfí an Béarla agus an Ghaeilge ar comhchéim ar chomharthaí bóthair an stáit.

Thug an tAire Ross le fios nach raibh na hacmhainní ann comharthaí a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla a chrochadh ar bhonn trialach, mar a bhí beartaithe ag an iar-aire Iompair Leo Varadkar.

Sa bhliain 2013, d’ordaigh Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta tús a chur le comharthaí nua a chrochadh a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla ach chuir a chomharba, Paschal Donohoe, an t-ordú sin ar ceal.

Thug Ross le fios do Tuairisc.ie go gcuirfeadh crochadh na gcomharthaí ar bhonn trialach “bac ar acmhainní teicniúla agus riaracháin sa Roinn [Iompair] agus i Bonneagar Iompair Éireann araon” agus go mb’fhearr leis na hacmhainní sin a dhíriú ar “tosaíochtaí eile sábháilteachta atá an-dáiríre”.

Mhol Conradh na Gaeilge sa bhliain 2013 go mbeadh an Béarla agus an Ghaeilge ar comhchéim ar chomharthaí bóthair nua.

Dúirt an tAire Ross gurb é príomhaidhm na gcomharthaí tráchta a chinntiú go dtugtar eolas soiléir do thiománaithe a chabhraíonn leo na bóithre a úsáid go sábháilte. Níor cheart go gcuirfeadh an t-eolas sin isteach ar dhaoine “beag beann ar an teanga a labhraíonn siad”, a dúradh i ráiteas a eisíodh thar ceann an Aire

Dúirt an tAire go nglactar “go hidirnáisiúnta” leis an gclófhoireann ‘Transport Heavy’, atá in úsáid ar chomharthaí bóthair an stáit, agus go bhfuil an chlófhoireann á húsáid in Éirinn bunaithe ar “taighde, tosca sábháilteachta bóthair agus tuiscint phraiticiúil ar ghréasán bóthair na hÉireann”.

“Is é toradh na nithe sin uile sraith shoiléir rialacha do dhearadh comharthaí bóthair a thugann tuiscint iomasach dhátheangach ar chinn scríbe do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon,” a dúirt sé.

Ach dheimhnigh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt le Tuairisc.ie i Nollaig na bliana 2014 nach raibh aon taighde déanta in Éirinn ar chomharthaí bóthair agus go bhfuil cur chuige na gcomharthaí in Éirinn bunaithe ar thaighde a rinneadh sa Bhreatain.

Ba é an freagra céanna a thug réamhtheachtaí Ross mar Aire Iompair, Paschal Donohoe, nuair a ceistíodh sa Dáil é faoin scéal in 2014. Dúirt Donohoe an uair sin go raibh córas na hÉireann bunaithe ar thaighde, ar chúrsaí sábháilteachta agus ar “thuiscint phraiticiúil ar ghréasán bóithre na hÉireann”. Thug Donohoe le fios gur “taighde náisiúnta” a bhí i gceist.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas ar an Roinn Iompair ar aon taifid a bhain leis an taighde “náisiúnta” sin, ní raibh a leithéid ar fáil.

Dúirt an tAire Ross freisin go gcaithfí cuimhneamh go bhfuil an Roinn Iompair agus an eagraíocht Bonneagar Iompair Éireann (TII) tar éis comharthaí nua bóthair a chrochadh ar bhóithre náisiúnta agus áitiúla le blianta beaga anuas agus dá bharr sin nach mbeadh mórán oibre eile ar siúl san 15 bliain amach romhainn maidir le comharthaíocht nua a chrochadh.

Mhol Conradh na Gaeilge go gcrochfaí an chomharthaíocht nua atá molta acu de réir mar a bheadh comharthaí nua ag teastáil sa chaoi is nach gcosnódh sé breis airgid ar an státchiste.

Dúirt an tAire Ross go mbeadh tamall fada ann sula mbeifí ag fáil réidh le comharthaí bóthair agus go mbeadh imní air faoi chúrsaí sábháilteachta sa chás go mbeadh dhá chineál éagsúla comharthaí in úsáid idir an dá linn.

“Tá an leanúnachas ar cheann de bhunphrionsabail na comharthaíochta soiléire agus éifeachtúla,” a dúirt an tAire.

D’fhógair na Teachtaí Dála Peadar Tóibín (SF) agus Éamon Ó Cuív (FF) an mhí seo caite go raibh siad ag obair “as lámha a chéile le bille nua a thabharfadh níos mó stádais don Ghaeilge” a thabhairt os comhair na Dála.

Sheol Tóibín bille eile i Márta na bliana 2015 a d’éiligh go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair ach níor glacadh leis an mbille sin. Dúirt Tóibín le Tuairisc.ie an mhí seo caite go bhfuil leasú déanta ar an méid a bhí sa chéad bhille sin agus bhfuil sé ag súil lena thabhairt os comhair na Dála a luaithe agus is féidir.

Sa bhliain 2013, d’ordaigh Aire Iompair na linne Leo Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta tús a chur le crochadh comharthaí nua a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla ach chuir a chomharba, Paschal Donohoe, an t-ordú sin ar ceal. Dhiúltaigh Leo Varadkar do chomhairle an NRA neamhaird a dhéanamh ar mholtaí Chonradh na Gaeilge maidir le leasú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre seo.

Léirigh pobalbhreith a rinne Millward Brown do Tuairisc.ie ag deireadh na bliana 2014 gur thacaigh formhór an phobail leis an éileamh go mbeadh an dá theanga ar comhchéim ar chomharthaí bóthair.

Fág freagra ar 'Díreofar acmhainní ar cheisteanna níos ‘dáiríre’ ná stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair – Ross'

  • padraig

    Chuile uair a bhreathnaím ar chomharthaí bóthair na tire smaoiním ar thláith-mheon an sclábhaí a ghabhann cuing an chóilíneachais air féin le fonn….saobhadh agus magadh iomlán á ndéanamh ar ár logainmneacha áille agus gan gíocs as éinne mar gheall air geall leis. Ní chuireann daoine nath sa bhochtú tarcaisniúil seo ar an gcomhshaol inár dtimpeall is oth liom a rá. Níl aon lé ag Seán Ross leis an nGaeilge ach ba cheart a dhúshlán a thabhairt ar a shon sin trí rphoist a sheoladh chuige as Gaeilge. Ní miste a rá nach nglacfaí leis an aithisiú seo in aon tír eile ar domhan. Gníomh baoth amach is amach an ‘médaille’ sin a bhronnfar ar lucht leanta an tsacair i bPáras agus 8 EURO á íoc acu ar an bpionta! Muintir na Fraince (agus gach einne eile) ag cleithmhagadh fúinn agus gan fhios againn é!

  • Gabriel Rosenstock

    Dirty rotten scoundrels! (Tá an Ghaeilge rómhaith dhóibh!)

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tuigtear dom gurb é Conradh na Gaeilge a mhol an córas atá ann sna blianta siar, ‘sé sin, go mbeadh an leagan Gaeilge i gcló iodálach sa chás íochtair, ach go mbainfí an ponc ón “i” chun cuma níos Gaelaí a thabhairt dó – rud nach raibh ann nó as.

  • Aogán

    Sea, mhuis, taighde náisiúnta à la Donohoe — náisiún mar ‘in these islands’ agus dá bhfiosróidís lasmuigh de na hoileáin seo, gheobhaidís amach nach é seo an t-aon dúthaigh dhátheangach ar domhan. Bhíos ag súil, mo léir, go mbeadh neamhspleáchas éigin intinne ag roinnt le Ross ós rud é gur neamhspleách é.

  • Aogán

    Ni fior, a Fheargail.