Díomá léirithe faoi chinneadh fáil réidh le scrúduithe cainte do dhaltaí GCSE agus A-Leibhéal

Dúradh gur glacadh an cinneadh fáil réidh leis na scrúduithe cainte do 2022 mar go rabhthas ag iarraidh go mbeadh níos lú scrúduithe ag daltaí de dheasca phaindéim an Covid-19

Díomá léirithe faoi chinneadh fáil réidh le scrúduithe cainte do dhaltaí GCSE agus A-Leibhéal

Tá cáineadh déanta ar chinneadh fáil réidh le scrúduithe cainte do dhaltaí iarbhunscoile i dTuaisceart Éireann an bhliain seo chugainn.

D’fhógair an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) an tseachtain seo caite go raibh an teanga labhartha le baint den mheasúnú in 2022.

Fágann an cinneadh sin nach mbeidh ar dhaltaí atá ag staidéar na Gaeilge, ná teangacha eile, scrúdú cainte a dhéanamh mar chuid de scrúduithe GCSE, AS agus A-Leibhéal.

Dúradh gur glacadh an cinneadh de bharr an tionchair a bhí ag paindéim an Covid-19 ar an scolaíocht agus go rabhthas ag iarraidh go mbeadh níos lú scrúduithe le déanamh ag daltaí an bhliain seo chugainn.

Cuireadh scrúduithe GCSE agus A-Leibhéal 2020 agus 2021 ar ceal de thoradh na paindéime agus gráid ríofa a bronnadh.

Tá díomá faoin chinneadh fáil réidh leis na scrúduithe cainte léirithe ag an eagraíocht An Gréasán, a dhéanann ionadaíocht ar son múinteoirí iarbhunscoile Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas.

Deir An Gréasán gur cinneadh “contráilte” agus “gearr-radharcach” atá déanta ag an CCEA, cinneadh a théann, dar leo, i gcoinne an dea-chleachtais bhunúsaigh maidir le foghlaim an dara teanga.

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, ball de An Gréasán agus Stiúrthóir Oideachais le Gael Linn, gur cheart don CCEA athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh fáil réidh leis na scrúduithe cainte.

Deir sé gur chóir a chinntiú go mbeadh “an deis cheart ag daltaí a scileanna labhartha a fhorbairt sa chomhthéacs teangeolaíochta ina maireann muid”. Dar leis go gcaithfidh an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe níos mó a dhéanamh chun “níos mó daltaí a mhealladh i dtreo teangacha”. Deir Ó Ciaráin go “léiríonn an cinneadh labhairt na teanga a bhaint den mheasúnú easpa tuisceana maidir leis an chur chuige is fearr a oibríonn do theagasc agus d’fhoghlaim teangacha”.

An fómhar seo caite, cháin An Gréasán cinneadh an CCEA gan aon athrú a dhéanamh ar shiollabais GCSE ná A-Leibhéal na Gaeilge, cé go raibh leasuithe déanta ar fhormhór na gcúrsaí eile.

Dúradh ag an am nach raibh “cothrom na Féinne” á fháil ag daltaí a bhí ag staidéar na Gaeilge agus go gcaithfí laghdú a dhéanamh ar an ualach oibre a bheadh ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí Gaeilge.

Ní sásta atáthar leis an gcéim atá glactha anois ag an CCEA chun an t-ualach oibre  sin a laghdú.

Dúirt Dessie Tennyson, ball de An Gréasán agus Ceann Roinne i dTeagasc na Gaeilge, go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an teanga labhartha agus go raibh gnéithe eile den churaclam a bhféadfaí gearradh siar orthu.

“Is cóir an deis a chur ar fáil do na daltaí forbairt a dhéanamh ar an mhuinín s’acu i labhairt na teanga agus iad ag forbairt a scileanna éisteachta agus scríbhneoireachta de réir a chéile.

“B’fhearr linne go mbainfí an litríocht/scannáin ag AS agus A-Leibhéal agus laghdú a dhéanamh ar líon na gcomhthéacsanna foghlama ag GCSE. Tá cumhacht na teicneolaíochta feicthe againn ar fad le linn srianta Cóivid-19 agus creidim gur cinnte go dtiocfadh leis an CCEA ardán oiriúnach a aimsiú le scrúduithe labhartha a sholáthar. Níl sé rómhall ag an CCEA éisteacht le buarthaí bailí na múinteoirí agus an cinneadh seo a chur ina cheart,” a deir Tennyson.

Fág freagra ar 'Díomá léirithe faoi chinneadh fáil réidh le scrúduithe cainte do dhaltaí GCSE agus A-Leibhéal'