‘Éagóir’ ar dhaltaí Gaeilge ó thuaidh agus gan aon athrú ar shiollabais de bharr na paindéime

Tá beartaithe ag an CCEA leasuithe a dhéanamh ar 28 ábhar GCSE ach níl na cúrsaí Gaeilge ina measc

‘Éagóir’ ar dhaltaí Gaeilge ó thuaidh agus gan aon athrú ar shiollabais de bharr na paindéime

Réamonn Ó Ciaráin

Deir múinteoirí ó thuaidh go bhfuil “éagóir” déanta ar dhaltaí Gaeilge agus gan aon athrú tagtha ar shiollabais GCSE ná ar A-Leibhéal na Gaeilge don bhliain seo chugainn.

Tá leasuithe fógartha ag an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA), ar fhormhór na n-ábhar GCSE agus A-Leibhéal do 2020/21 mar gheall ar an méid ama a chaill daltaí ar scoil de bharr Covid-19.

Ach níl aon leasú beartaithe ar chúrsaí áirithe, an Ghaeilge agus teangacha eile ina measc.

Deir an eagraíocht múinteoirí An Gréasán nach bhfuil “cothrom na Féinne” á fháil ag daltaí atá ag déanamh Gaeilge mar ábhar don GCSE agus A-Leibhéal agus go gcaithfear laghdú a dhéanamh ar an ualach oibre a bheidh ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí Gaeilge.

“Tagann sé seo ag am nuair atá líon na ndaltaí a roghnaíonn teangacha le CCEA, an Ghaeilge go háirithe, ag dul i laghad. Aontaíonn múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí uilig gur cailleadh am luachmhar teagmhála de thairbhe Covid-19.

“Níl aon amhras mar sin ach go mbeidh daltaí go mór faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le blianta eile. An freagra atá ag CCEA ar an phaindéim, is cosúil, gan leasuithe ar bith a dhéanamh ar an ualach oibre atá ann i gcás na sonraíochtaí Gaeilge agus i gcás na dteangacha eile fosta,” a dúirt Réamonn Ó Ciaráin, urlabhraí An Gréasán ó thuaidh.

Tá beartaithe ag an CCEA leasuithe a dhéanamh ar 28 ábhar GCSE ach níl ‘Gaeilge’, an siollabas a dhéanann daltaí an ghaeloideachais, nó ‘Irish’, an cúrsa do dhaltaí a dhéanann staidéar ar an Ghaeilge sa ghnáthchóras oideachais, i measc na n-ábhar sin.

1,555 dalta ar bronnadh marcanna orthu don scrúdú GCSE ‘Irish’ i mbliana agus 209 dalta a fuair marc don scrúdú ‘Gaeilge’.

Deir An Gréasán go ndearna siad “gach iarracht” a chur in iúl don CCEA ó mhí na Bealtaine seo caite go raibh gá le leasuithe ar na cúrsaí Gaeilge ag GCSE agus A-Leibhéal don bhliain seo chugainn ach nár tugadh aon aird ar na moltaí a bhí acu.

“Tá foghlaim teanga ag brath go mór ar thógáil ar eilimintí den teanga atá foghlamtha cheana agus le tógáil ar mhuinín na ndaltaí in úsáid na teanga. Chaill daltaí agus múinteoirí amach ar go leor den ghnáthshaibhriú agus den ghnáthshealbhú teanga de bharr Covid-19. Níl sé seo san áireamh ag CCEA is cosúil.”

Deir An Greasán go bhféadfadh sé go mbeadh “drochthionchar” ag na moltaí atá fógartha ag CCEA ar shláinte mheabhrach múinteoirí agus daltaí a bheas faoi bhrú an gnáthshiollabas a dhéanamh i dtréimhse ama níos teoranta.

Tá athbhreithniú ar bun ag an CCEA faoi láthair maidir le córas na ngrád i gcás na dteangacha ag GCSE agus Ard-Leibhéal. Meastar na teangacha a bheith níos déine ná ábhair eile.

Tháinig deireadh an tseachtain seo leis an phróiseas comhairliúcháin a bhí ag an CCEA maidir leis na leasuithe atá le déanamh ar na siollabais GCSE agus A-Leibhéal don bhliain 2020/21.

Tá iarrtha ag An Gréasán ar an Aire Oideachais, Peter Weir, an cheist a phlé leis an CCEA.

Fág freagra ar '‘Éagóir’ ar dhaltaí Gaeilge ó thuaidh agus gan aon athrú ar shiollabais de bharr na paindéime'