Díocas Mhaigh Eo a chuirfidh ar bhóthar a leasa iad i gCraobh Faoi-21 na hÉireann

Tabharfaidh Maigh Eo aghaidh ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann anocht agus cé gurb iad Corcaigh rogha na coitiantachta, tá dóthain spioraid i mbuachaillí Mhaigh Eo chun teacht aniar aduaidh orthu in Inis

Diarmuid O'Connor. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Diarmuid O’Connor. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Maigh Eo v Corcaigh, Páirc Uí Chíosóg, 6.00i.n.

Tráthnóna, imreoidh foireann as Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann don 36ú huair ó 1985, idir fhoirne mionúir, faoi-21, sinsir agus club. Níl ach sé cinn den 35 cluiche sin buaite ag an gcontae.  Ach bhí cuid mhaith de na himreoirí atá ar an bhfoireann faoi-21 seo bainteach le ceann de na buanna sin, bua an chontae i gCraobh Mionúr na hÉireann in 2013.

Beidh súil ag lucht tacaíochta Mhaigh Eo go seasfaidh an taithí sin dóibh agus tá dea-chomharthaí eile ann freisin.

An uair is deireanaí ar bhuaigh siad Craobh Faoi-21 na hÉireann, is i gcoinne Chorcaí a bhí siad, i gcluiche ceannais 2006. Chomh maith le sin, imríodh an cluiche sin deich mbliana ó shin ar an bpáirc chéanna ar a n-imreofar cluiche ceannais an lae inniu – Páirc Uí Chíosóg in Inis.

Ar a shon sin is uile, tuigfidh na himreoirí óga seo nach bhfuil baint ar bith, maith ná olc, ag an stair le cluiche an lae inniu. Ba iad gaiscí Dhiarmuid O’Connor in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa chluiche leathcheannais ba mhó ba chúis le Maigh Eo a bheith sa chluiche ceannais seo agus beidh sárthaispeántas eile ag teastáil ón imreoir sinsir má siad chun an lá a thabhairt leo.

Bhí Maigh Eo sé phointe chun cinn ag leath ama in aghaidh Bhaile Átha Cliath ach is beag nár thit an tóin ar fad astu sa dara leath agus iad ceithre phointe chun deiridh agus gan ach 12 nóiméad fágtha. Léirigh siad misneach iontach sa tréimhse sin chun teacht aniar a dhéanamh, áfach. Bhí O’Connor ar fheabhas ó thús deireadh na himeartha agus b’eisean a bhuaigh an dá chic saor in am gortaithe, a shlánaigh Conor Loftus chun an bua a thabhairt do Mhaigh Eo.

Ní raibh Maigh Eo gan locht an lá sin ná baol air, agus beidh a mbainisteoir Michael Solan ag súil le feabhas sa líne lánchúil go háirithe. Bhí deacrachtaí ansin acu in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa chluiche leathcheannais agus rinne Con O’Callaghan, lántosach fhoireann na hardchathrach, ach go háirithe, scrios orthu.

Is í an líne lántosach ceann de na hionaid is láidre atá ag Corcaigh i mbliana agus Peter Kelleher fear na sinsear, Brian Coakley agus Michael Hurley uile contúirteach. Ní féidir le Maigh Eo díriú ar an triúr sin amháin, áfach. D’aimsigh an seisear tosach a thosaigh do Chorcaigh in aghaidh Mhuineacháin sa chluiche leathcheannais 2-13 eatarthu agus is ón imirt a tháinig na scóranna sin uile.

gach cuma ar an scéal go mbeidh iomaíocht ghéar inniu. Léirigh an dá fhoireann roimhe seo i mbliana go gcoinneoidh siad orthu go dtí an nóiméad deireanach. Bhí an t-am caite nuair a scóráil Corcaigh pointe an bhua in aghaidh Chiarraí i gcluiche ceannais na Mumhan, b’amhlaidh an scéal nuair a scóráil Michael Plunkett do Mhaigh Eo i gcoinne Ros Comáin i gConnachta.

Rinne Maigh Eo an beart céanna i gcluiche leathcheannais na hÉireann, agus an chuma ar an scéal go raibh siad buailte. Chaithfeá an buntáiste a thabhairt dóibh tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Fág freagra ar 'Díocas Mhaigh Eo a chuirfidh ar bhóthar a leasa iad i gCraobh Faoi-21 na hÉireann'