D’imigh an cailín ar an bhomaite agus thug sí scéal do Naomh Colmcille caidé a chonaic sí

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ón mBailiúchán. Seanchas faoi Cholmcille atá againn inniu ar a lá féile…

D’imigh an cailín ar an bhomaite agus thug sí scéal do Naomh Colmcille caidé a chonaic sí

Tá sceach lúbtha ag fás sa gceantar seo. Glaoitear sceach Cholm Cille uirthi. Fadó nuair bhí Naomh Braonán ag fanacht in Eanach Cuain tháinig a charaid Naomh Colm Cille ar cuairt chuige. Tháinig sé anseo ó Árainn agus bhí grá mór aige ar an áit sin. Bhí sé ar cuairt ag Naomh Éanna ansin agus nuair bhí sé ag fágáil Eanach Cuain chuala sé clog an teampaill in Árainn. Stad sé ag éisteacht leis. Nuair thosaigh sé ag siúl aríst níor chuimhnigh sé ar a mhaide siúil a bhí thíos sa talamh. D’imigh sé leis aríst agus tar éis tamaill d’fhás crann sceiche in áit an mhaide siúil.

Tá an sceach sin le feiceál in aice na reilige fós agus deirtear nach mbeidh doirteadh fola i bhfoisceacht trí mhíle den sceach. Deirtear freisin nach ndéanfaidh tintreach aon dochar timpeall na háite.

Seantuairim eile is ea nach dtitfidh an crann sin go deireadh an domhain.

Nuair atá duilliúr maith ar an gcrann bí cinnte go mbeidh fómhar maith agus torthaí, barraí agus gach rud go maith againn an bhliain sin.

Liam Ó Caomhánach, Eanach Dhúin, Contae na Gaillimhe

Ó DHÚCHAS: ‘Ní chrochfar duine as Fánaid go deo’ – 40 tairngreacht a rinne Colmcille as Dún na nGall…

Ní rachaidh an fial go hIfreann

Bhí Naomh Colmcille lá amháin ag gabháil amach Sliabh Ghlinne agus a bhróga faoina ascaill leis.

Ach nuair a bhí sé giota maith amach shuigh sé síos go gcuirfeadh sé air a chuid bróg.

Tharraing sé air stoca agus bróg ar cheann de na cosa agus ní luaithe a bhí sin déanta aige ná mhothaigh sé an tóir ina dhiaidh agus b’éigean dó teitheadh lena anam is gan air ach aon bhróg amháin.

Bhí an bhróg sin ag bualadh in aghaidh na coise a bhí tárnocht go dtí go raibh sruth fola léi. Ón lá sin amach, d’fhág Naomh Colmcille a mhallacht ar aon duine a chuirfeadh bróg is stoca ar chos amháin agus an ceann eile fhágáilt tárnocht.

Tá sé ina ghnás i nGleann Cholmcille riamh ó shin gan aon duine leathbhróg a chur air le heagla roimh mhallacht Cholmcille.

Chuirtí ar Naomh Colmcille nach raibh sé ar dhóigh ar bith déirceach do na bochta. Ach maidin amháin go luath tháinig fear siúil ’na toighe agus d’iarr déirce ar an chailín.

Ní raibh cead aici-sean déirce a thabhairt do dhuine ar bith agus mar sin de ní bhfuair an fear siúil dadaí agus thiontaigh sé thart go feargach agus thug aghaidh ar an doras.

Ach sula ndeachaigh sé amach chaith sé rud isteach sa tine agus d’fhás tom glas aníos i lár na tine. Nuair a bhí seo déanta aige thiontaigh sé thart fhad leis an chailín agus dúirt:

“Is luath rachas an rua ratha

Is a grua ar dhath an dreoilín

Fhad is bheas grian gheal ar an aer thuas

Ní rachaidh fial go hIfreann.”

D’imigh an cailín ar an bhomaite agus thug sí scéal do Naomh Colmcille caidé a chonaic sí. Chuir seo buaireamh mór air agus d’imigh sé amach ar an bhomaite go bhfeicfeadh sé an raibh amharc ar bith le feiceáil ar an fhear ach ní raibh. Deirtear gurbh é an Slánaitheoir a tháinig fhad leis an Naomh.

Pádraig Mac Niallghuis (c60) as Dún Allt, i nGleann Cholm Cille a thug an seanchas seo do Phádraig Ua hAoidhne i 1936

Fág freagra ar 'D’imigh an cailín ar an bhomaite agus thug sí scéal do Naomh Colmcille caidé a chonaic sí'