Inniu an 9 Meitheamh Pátrún Cholmcille a fuair bás cothrom an lae seo in Oileán Í in Albain sa mbliain 597. Is iontach an lear seanchais atá againn faoi Naomh Colmcille agus seo cuid dá thairngreacht as Bailiúchán na Scol as scoileanna i gCreamhros agus Loch Muc i nDún na nGall.
- Nach mbeadh Fánaid go deo gan trí Chlainne Grant ann
- Go dtiocfadh an t-am nach mbeadh Bartún fágtha i bhFánaid
- Nach mbeadh duine de Chlann Uí Chonaghlaigh ná de Chlann Mhic Carráin ina sagart go deo
- Nach gcrochfaí duine as Fánaid go deo
- Nach bhfásfadh na coiligh i dTulaigh Chonaill go deo (áit atá 10 míle ó Phort an tSalainn)
- Nach mbéarfaí ar iasc go deo i gCinn an Locha
- Go mbeadh capall bán agus fear mire i gcónaí in Iomaire Cam
- Nach bhfaigheadh bean óg bás choíche i gCeathrú Bláith
- Go mbeadh troid ag na Caitlicigh eatarthu féin
- Go mbeadh líne tithe ón Chroisbhealach go dtí Port an tSalainn
- Go gcumhdódh an fharraige Éire roimh dheireadh an tsaoil
- Go mbeadh a mhallacht go deo ar dhuine ar bith a chuirfeadh bróg ar a chos agus an iall a cheangal roimh an stoca a chur ar an gcois eile
- Nach n-aimseodh aon duine nead crotaigh go deo
- Go bhfiafródh athair dá mhac ar maraíodh aon iasc sa bhfarraige sin riamh
- Go dtiocfadh na laochra isteach ag Port an tSalainn agus go maródh siad na daoine uilig suas go Gartán. Go mbeadh sagart ag léamh aifrinn ansin agus gurbh é a chuirfeadh stad leo
- Go mbeadh capall iarainn ar na bóithre agus go mbeadh carranna gan capall ann
- Nach mbeadh díobháil bia choíche i gCeathrú Bláith
- Go rachadh traein fríd Loch Bran roimh dheireadh an tsaoil
- Go mbeadh cath i ngleann i gCeathrú Bláith
- Go mbeadh cath ann agus go dtiontófaí fear trí huaire ina leaba go bhfeicfí an mbeadh sé in ann dul chun catha
- Go mbeadh báid gan seolta ann
- Fad a bheadh cloch a chaith sé i gcuibhreann i Springhill ina seasamh ní bheadh aon luchóg i bhFánaid
- Gheobhadh na fir dhubha réim na tíre
- Cogadh a chuirfeadh deireadh leis an saol
- Nuair a rachadh póilín thar Dhroichead Chéididh, bheadh sé in am ag gach duine é a leanstan
- Nach bhfásfadh crann go deo in Eascromaigh i Seanach
- Cogadh an dá Ghall an cogadh deireanach a bheadh ann, cogadh fómhair idir speal is corrán
- Bheadh droichead ar gach sruthán
- Gheobhadh an bhó lán a hadhairce d’ór
- Ligfeadh carraig sa domhan thoir trí bhúir roimh dheireadh an tsaoil (lig sí an chéad cheann ag an chogadh mhór)
- Rachadh muc dhubh siar cúl Acla (an traein)
- Nach maródh toirneach duine as an Ghleann go deo
- Go mbeadh scéalta ag rith ar bharr bataí in Éirinn
- Go dtiocfadh rud isteach sna Cealla a bheadh ag cur tine amach as a bhéal
- Go mbeadh Éire saor sa bhliain 1940
- Go gcuirfeadh Dia an fharraige uilig isteach i bhfaoileán ag deireadh an tsaoil
- Nuair a thiocfadh an cogadh deireanach ní bheadh sábháilte ach na daoine a bheadh ina seasamh ar an charraig sa Bhíofán
- Go mbeadh bealach mór ó Ard an Rátha go Tobar Cholmcille agus nuair a bheadh an bealach sin á dhéanamh go marófaí triúr fear ar an Chosán Ard
- Go dtiocfadh aicíd ar na madraí roimh dheireadh an tsaoil agus go mbeadh siad ar mire agus nuair a thiocfadh an namhaid nach mbeadh madadh ar bith ann le tafann orthu
- Nach mbeadh de dhifríocht idir samhradh agus geimhreadh faoi dheireadh an tsaoil ach na duilleoga ar an gcrann
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Ní chrochfar duine as Fánaid go deo’ – 40 tairngreacht a rinne Colmcille as Dún na nGall…'