Digitiú á dhéanamh i dTír Chonaill ar ‘leabharlann’ an Bhlascaoid’

Fostaithe de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann atá i mbun na hoibre a bhaineann le leaganacha digiteacha a chur ar fáil de leabhair Ghaeilge iomráiteacha an Bhlascaoid Mhóir

Digitiú á dhéanamh i dTír Chonaill ar ‘leabharlann’ an Bhlascaoid’

Tá digitiú á dhéanamh i dTír Chonaill ar ‘leabharlann’ an Bhlascaoid Mhóir. Fostaithe de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, ina n-oifig ar an gCarraig  i dTír Chonaill, atá i mbun na hoibre a bhaineann le leaganacha digiteacha a chur ar fáil de leabhair iomráiteacha an Bhlascaoid Mhóir, a scríobhadh sa teanga dhúchais. Beidh an chartlann dhigiteach ar fáil amach anseo ar shuíomh idirlín an Acadaimh.

Tá digitiú déanta ar isteach is amach le 36 téacs go dtí seo agus iad uilig bainteach leis an mBlascaod r, amach ó chósta thiar theas na hÉireann.

Tá cuid de na leabhair seo imithe as cló le fada agus beidh deis ag daoine ar fud na cruinne iad a léamh ar líne agus saor in aisce – ag brath ar chead a fháil ó na foilsitheoirí iad a chur beo ar an idirlíon.  

Aithnítear go bhfuil oidhreacht liteartha ar leith fágtha ina ndiaidh ag cleas an Bhlascaoid Mhóir agus tá sé i gceist go dtabharfaidh an chartlann dhigiteach aitheantas dó seo agus do na húdair seo a thuig go raibh saol, oidhreacht, cultúr agus canúint ar leith acu. 

Deirtear go raibh comhoibriú fiúntach go dtí seo idir scoláirí an Bhlascaoid agus lucht an Acadaimh i dTír Chonaill.

Fág freagra ar 'Digitiú á dhéanamh i dTír Chonaill ar ‘leabharlann’ an Bhlascaoid’'