“Did you tell him you would stop this kind of Sinn Féinism?” Fear curtha chun príosúin mar gheall ar Ghaeilge a labhairt i mBéal Átha an Ghaorthaidh – Éire 1916

Cothrom an ama seo 100 bliain ó shin cuireadh Claud Chevasse chun príosúin mar nach labhródh sé Béarla le póilín de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i Múscraí

Cuireadh Claud Chevasse – ‘a man of splendid physique who wore the picturesque costume of the Gael’ – chun príosúin i ndiaidh éisteacht i gcúirt Mhaigh Chromtha i mí Feabhra na bliana 1916 toisc nach labhródh sé Béarla leis an sáirsint Appleby i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Bhí tuairisc mhór faoin gcás sa Kerry Weekly Reporter.

Cúisíodh é faoi Alt 53 den Acht um Chosaint na Ríochta, a leag síos go mba cheart do dhuine aon cheist ‘réasúnta’ a chuirfeadh póilín air a fhreagairt.

Tháinig an sáirsint go dtí é agus dúirt leis gur theastaigh uaidh cúpla ceist a chur air. D’fhreagair Chevasse i nGaeilge. Chuir an póilín in iúl dó nach raibh an Ghaeilge aige agus go mbeadh air Chevasse a ghabhadh murar fhreagair na ceisteanna a cuireadh air. D’fhreagair Chevasse i nGaeilge.

“The contention of the defendant after arrest was that he was speaking the language of his country, and was perfectly entitled to answer in Irish, and was complying with the section,” a scríobhadh sa nuachtán.

Dúirt an Cigire Dúiche Egan (ní thugtar a ainm sa tuairisc) go raibh an tAcht sáraithe ag Chevasse agus rinne sé tagairt do chás Dhomhnaill Uí Bhuachalla, as Maigh Nuad, ar chosain an Piarsach sa chúirt é nuair a dhiúltaigh sé a ainm agus a sheoladh a scríobh i mBéarla ar a chairt.

Mhaígh Egan gur ‘Sasanach de bhunadh na Fraince’ a bhí i Chevasse agus, de bharr sin, nárbh Éireannach a bhí ann agus nárbh í an Ghaeilge teanga a thíre.

“If he had spoken English for two minutes he would have saved all the trouble, and expense of bringing him to trial,” a dúirt an Cigire Dúiche.

Nuair a bhí Chevasse á ghabhadh ag an sáirsint Appleby (ar thug Chevasse ‘Beachúll’ air), thug an póilín a leabhairín dó go scríobhfadh sé an t-eolas a bhí uaidh ann. Scríobh Chevasse dhá fhocal – ‘de Ceabhasa’ agus ‘Chevasse’ – ann.

Nuair a ceistíodh an póilín sa chúirt faoin méid sin sin thug sé le fios nach raibh a fhios aige gur sloinne Gaeilge a bhí sa chéad fhocal. Dúirt sé gur cheap sé gur Gaeilge a bhí i ‘Chevasse’ freisin ach nuair a dúradh leis sa chúirt gur sloinne Francach a bhí ann dúirt sé go raibh an leagan sin “nearly as bad as Irish”.

Cuireadh in iúl don sáirsint go mbeadh a raibh uaidh faighte i nGaeilge agus i mBéarla aige murach é a bheith chomh  ‘teasaí’ sin.

Ba é Cathal de Paor, mac leis an bpolaiteoir, Jennie Wyse Power, a chosain Chevasse sa chúirt agus a rinne croscheistiú ar an sáirsint. D’fhiafraigh sé de an ndúirt sé rud ar bith le Chevasse i ndiaidh dó é a ghabhadh. Dúirt an sáirsint nach ndúirt, chomh fada lena bharúil.

‘Did you tell him you would put a stop to this kind of Sinn Féinism?’

‘Not to my knowledge,’ a dúirt Appleby.

D’fhiafraigh sé de an fáth ar ghabh sé Claud Chevasse an lá sin i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

‘How many lines in the notebook were written in Macroom?’

‘Two.’

‘And you arrested him because you were sufficiently ignorant not to recognise the well-known name of Chevasse, which was written in English for you?’

‘This is not a well-known name in Ballingeary.’

‘I am not responsible for what they don’t know in Ballingeary.’

Mhaígh an sáirsint go raibh Chevasse ag déanamh ceap magaidh de féin agus den Acht um Chosaint na Ríochta. Gabhadh Chevasse ag leathuair tar éis a trí agus tugadh go Maigh Chromtha é ocht n-uaire a chloig níos deireanaí.

Thug de Paor le fios don chúirt gur tuigeadh dó gur cuireadh i leith Chevasse gur ‘German spy’ a bhí ann, agus gur chaith sé ‘an Irish costume, that no Irishman ever wore’ (an filleadh beag). Shéan na póilíní gur caitheadh go dona le Chevasse agus é faoi ghlas sa bheairic.

Dúirt de Paor go raibh fonn ar Chevasse ‘caitheamh leis an gcás leis an drochmheas a bhí tuillte aige’ nuair a cuireadh an chúis ina leith den chéad uair. Ní raibh aon ionadaíocht dlí ag teastáil ón gcúisí ach d’iarr Conradh na Gaeilge ar de Paor é a chosaint.

Dar leis an gConradh go raibh an cur chuige i gcás Chevasse chomh lochtach sin go ndéarfaí go raibh sé ‘tíoránta’ murach go raibh sé chomh ‘sotalach sin’.

‘One satisfaction we will all have out of this case is that both the eminent linguist, Sergeant Appleby, and the competent military authority, that advised it should be brought, had succeeded in covering themselves with ridicule,’ a dúirt de Paor sa chúirt.

Mhaígh sé go raibh ‘lorg na cogaíochta’ le sonrú ar an gcás. Dúirt sé go raibh go leor daoine i mBéal Átha an Ghaorthaidh nach raibh aon Bhéarla acu agus d’fhiafraigh sé den sáirsint céard a dhéanfadh sé sa chás go raibh air ceisteanna a chur ar an uile dhuine acu.

Ba é an t-aon choir a rinne Chevasse, a dúirt a dhlíodóir, ná go raibh sé de dhánacht aige Gaeilge a labhairt sa Ghaeltacht. D’fhéadfadh sé dul go Baile Átha Cliath nó Béal Feirste agus Gaeilge a labhairt de réir mar ba mhian leis agus ní chuirfeadh póilín ón DMP ceist dá laghad air.

‘One would imagine the military authorities at the important naval base of Queenstown would find something better nearer hand to do [in áit Chevasse a thabhairt chun cúirte],’ a dúirt sé.

Dúirt sé gur daoine léannta Chevasse agus a athair, a bhí ina dhlíodóir aitheanta i Sasana. Dúirt sé gur fear uasal a bhí i Chevasse féin a rinne cúrsa gradamúil i gceann de na hollscoileanna is fearr ar domhan.

‘This is the man who was held up and dragged fifteen miles over the mountains and thrown into Macroom prison,’ a dúirt De Paor.

Dúirt sé leis an mBreitheamh go rabhthas ag iarraidh air cinneadh a dhéanamh gur ghníomh mídhleathach d’Éireannach é Gaeilge a labhairt sa Ghaeltacht. Dúirt De Paor go raibh an cás ‘ridiculous, contemptuous, and by no expedient wise’ agus d’éiligh sé ar an mBreitheamh caitheamh amhlaidh leis.

Ar deireadh gearradh fíneáil £4 ar Chevasse agus cuireadh costais £1 air. Dhiúltaigh Chevasse an fhíneáil a íoc agus d’iarr de Paor ar an mbreitheamh pionós eile a thabhairt dó. Tugadh tréimhse phríosúin míosa a dó.

In eagrán an 19 Feabhra den Claidheamh Soluis tugtar an cuntas céanna a tugadh sa Kerry Weekly Reporter ar an gcás, ach tá roinnt mhaith tuairimíochta ann faoin scéal chomh maith.

Sa cholún ‘Gleo na Scáth’, déantar scéal mór de gur Éireannaigh uilig a bhí i gceist sa chás: póilín Éireannach, cúirt Éireannach agus breithiúna Éireannacha. Dúradh gur Éireannach, an Cigire Dúiche Egan, ba chúis leis an gcás i gcoinne Chevasse.  Bhí Egan ag obair thar ceann an Údaráis Mhíleata ‘a sheas an fód do na náisiúin bheaga ar fad, ach amháin Éire’.

Sa cholún céanna luaitear cás Chevasse le liosta fada gníomhartha in aghaidh na Gaeilge ó cuireadh Reachta Chill Chainnigh i bhfeidhm.

‘The authors of the Statute of Kilkenny, and other penalising statutes, had a very definite purpose. So had the Commissioners of Education who excluded the teaching of Irish from the schools for half a century.

‘The same purpose inspires the authorities who refuse to train our primary teachers in the Irish language. The Military Authorities, notwithstanding their spy fever, have the very same purpose and the same hatred of the subject tongue.’

D’fhiafraigh an colúnaí léitheoirí cén pionós a ghearrfaí ar fhear a thabharfadh ‘Iúdach’ ar ‘oifigeach sa Chaisleán’.

‘For saying lúbaire to a certain recruiter we imagine a man would get a long term, and with hard labour. The uttering of cé mar tá ag éirí leat? to the Lord Lieutenant, would, doubtless, mean imprisonment for life. But – tá an Ghaeilge beo fós. Go maire sí.’

Scoláire Gaelach a bhí i Chevasse – nó Cluad de Ceabhasa mar a thugadh sé air féin – a chaitheadh filleadh beag agus nach raibh sásta aon Bhéarla a labhairt in Éirinn, cé go raibh Béarla ar a thoil aige (bhí Gáidhlig, an Ghréigis agus na teangacha Rómánsacha chomh maith aige). Rugadh i Sasana é, cé gur ghráin leis go dtabharfaí ‘Sasanach’ air, agus tháinig sé go hÉirinn am éigin idir na blianta 1905 agus 1910. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge.

Seachtain i ndiaidh na trialach, cuireadh rún faoi bhráid chraobh Bhéal Feirste den Chonradh:  ‘go molfaí an gníomh a rinne Cluad de Cheabhasa agus gan Béarla a labhairt le na píléirí; gur ábhar náire is feirge dúinn an gníomh a rinne na Giúistísí i Maigh Chromtha agus Cluad a dhaoradh.’

Reáchtáladh cruinnithe faoin gcás i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i gCathair Chorcaí freisin “d’fhonn cur suas don éagóir mhór a rinneadh ar Chluad de Cheabhasa”.

Bhí cur síos ar an dá chruinniú sin in An Claidheamh Soluis ar an 26 Feabhra.

‘Labhair Peadar Ó hAnnracháin agus dúirt gur mithid dóibh cur in iúl do na Gaill agus dá lucht cúnta in Éirinn nach raibh aon bheann ag Gaeil orthu. Má mheas na súmairí úd na dlíthe pianúla a chur i bhfeidhm ar na Gaeilgeoirí mhúinfí a mhalairt de chiall dóibh,’ a dúradh.

Labhair Chevasse féin ag cruinniú Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus rinne sé cur síos ar an ‘drochíde’ a tugadh dó.

‘Labhair Cluad de Cheabhasa ansin agus cuireadh an-fháilte roimhe. Thrácht sé ar sheanchlú na nGael, ar an méid urraime ba cheart dóibh a thabhairt dá gcaoimhtheanga féin, agus ar an éagóir a bhí á déanamh uirthi ag geocaigh Ghallda. Thug sé tuairisc dóibh ar cad a thit amach i Maigh Chromtha, na bréaga a spalpadh sa chúirt, an drochíde a fuair sé agus gach iarracht a rinneadh chun Béarla a bhaint as.’

‘Dúirt gur cuma leis gach peannaid a fuair sé, nach ndíolfadh sé aon fhíneáil dá mb’éigean dó bliain a chaitheamh i bpríosún. Níor mhiste leis an méid sin a dhéanamh le grá don Ghaeilge. D’iarr sé orthu cloí leis an nGaeilge agus machnamh ar leas na hÉireann agus gan bacadh le haon tír eile ar dhroim an domhain.’

Fág freagra ar '“Did you tell him you would stop this kind of Sinn Féinism?” Fear curtha chun príosúin mar gheall ar Ghaeilge a labhairt i mBéal Átha an Ghaorthaidh – Éire 1916'

  • máire

    neart seanchais thart i gCois Fharraige faoi Chluad