Kathryn Thomas ar ais ar an nGaeilge agus ar an mBotox
Má cheap tú riamh go raibh an saol níos deacra ag na Gaeil bhochta, b’fhéidir go raibh an ceart agat de réir scéal a foilsíodh ar ExtraG.ie i rith na seachtaine. De réir na ceannlíne céanna, tá an láithreoir aitheanta teilifíse Kathryn Thomas ag labhairt Gaeilge arís agus ag fáil Botox. ‘Tá Kathryn Thomas ar ais ag labhairt na Gaeilge… agus ag fáil botox gach sé mhí.’
An bhféadfadh go bhfuil baint ag an dá scéal le chéile? B’in an cheist a bhí ag tráchtaire amháin a rinne suntas den scéal ar ardán Bluesky. Chuir Hanna Ní Lochnáin ceist a bhí idir mhagadh agus dáiríre, ‘An bhfuil an dá rud fite fuaite ina chéile?’.
Is iomaí Gaeilgeoir a déarfadh leat nach dtuigeann éinne an strus a bhaineann le lóchrann na teanga a iompar lá i ndiaidh lae, seacht lá na seachtaine, bliain i ndiaidh bliana… An bhféadfadh go bhfuil sé ag cur aois ar dhaoine agus gá acu le gníomh éigeandála ar thóir bhláth na hóige?
D’fhéadfadh go bhfuil. Gabh anois agus breathnaigh sa scáthán ort féin, an bhfuil an dá philéar atá ar gheataí na bhflaitheas greanta idir do chuid malaí? D’fhéadfadh gurb í Ceist na Gaeilge is cúis leis sin, ní dhéanfainn aon iontas dhe.
Má tá agus más ea, ná caill do mhisneach fós. D’fhéadfadh go bhfuil leigheas ar an scéal aimsithe ag Thomas, gura fada buan í, leag uait an foclóir go beo agus déan cosán go dtí an salón Botox is gaire duit. An t-aon fhainic a chuirfinn ort ná go bhfuil sé sách daor, ach nach fiú é don Ghaeilgeoir dílis a bhfuil aois curtha orthu ag iarraidh an consan caol a fhoghrú?
Is é an chaoi a n-oibríonn Botox ná go gcuirtear snáthaidí den tocsain bhotalanaim isteach sna matáin san éadan. An toradh a bhíonn air ná go gcailltear an mothú sna matáin sin go sealadach agus bíonn cuma mhín ar an gcraiceann dá bharr.
Níl éinne ag iarraidh an botalanam a fháil in aisce sa mbosca rís fhriochta ón takeaway, ach cuir instealladh dhe isteach i do bhaithis agus go tobann tá an-tóir air. Nach iontach go deo an stuif é.
Tá go maith agus níl go holc ach an bhfuil aon bhaol go gcuirfeadh sé isteach ar do chuid cainte? B’in an cheist a bhí á cíoradh ag an scríbhneoir Antain Mac Lochlainn sa rann deisbhéalach a chuir sé sna tráchtanna ar Bluesky:
Is mór an obair é dul faoi scian
gan tú a bheith tinn ná breoite
ach fuaimeanna na Gaeilge, bíonn siad dian
agus do bhéal is do phluca reoite.
Bridget Bhreathnach
***
Seachtain lán móimintí Gaeilge
Tá sé tamall ó bhí tuairisc anseo againn faoi ‘mhóimint na Gaeilge’. An bhfuil sí fós ar siúl? An freagra gearr ná go bhfuil, ach is deacair léamh ar a fholláine is atá an mhóimint ó tharla go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl faoi láthair. An í móimint na Gaeilge is cúis le cuid den ráig brilléise, baothchainte, áibhéile agus áiféise atá chugainn le tamall, nó an é féasta frois frais bliantúil Sheachtain na Gaeilge faoi deara é?
Alt beag deas do Sheachtain na Gaeilge san Indo a bhí i ‘What do fluent Irish speakers say about the best way to learn Irish? Fake it until you make it.’
Uaireanta, arsa duine de na cainteoirí líofa Gaeilge de gháire, ní bhíonn an dara rogha agat ach “fake it until you make it”. Ansin, go tobann, tráthnóna geal éigin, déarfaidh tú leat féin: “Mhothaigh mé fíor-Ghaelach inniu.”
Ní mhothóidh tú “fíor-Ghaelach” mar go bhfuil tú “flawless” a deir an Indo linn ach “because you showed up”.
Comhairle mhaith. Ní bhíonn fíor-Ghael gan locht ach beidh sé ann is cuma cad a tharlóidh. Chuirfeadh Dialann Tuairisc moladh beag amháin leis an gcomhairle d’fhoghlaimeoirí, áfach.
Más fút an cur chuige ‘fake it until you make it’ a ghlacadh chugat féin ná caith uait ar fad an ‘cur i gcéill’ nuair a bheidh an beart déanta agat agus an Ghaeilge foghlamtha agat.
D’fhéadfadh gurb in an uair is mó a theastóidh an cur i gcéill céanna uait.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
***
Ar an 424 (sic)
Bhí Dialann Tuairisc ag caint le déanaí le duine atá ag tabhairt faoi chúrsa aistriúcháin sa Ghaeltacht faoi láthair. Ceann de na rudaí a thug an bhean ghéarchúiseach seo faoi deara ó bhog sí go dtí Conamara ná an nós atá ag muintir na háite rialacha gramadaí na Gaeilge a chur i bhfeidhm ar fhocail Bhéarla ina gcuid cainte.
Bhaineamar an-spórt as an sampla a bhí aici dúinn. ‘An 424, an bus a théann isteach go Gaillimh, deir siad go raibh siad ar an bh424.’
Ó nár dheas a bheith thiar sa mback ar an bh424 ag dul amach sa town don oíche agus gan móimint ná seachtain na Gaeilge ag cur blas imní ort.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: ‘Fake it, til you make it’ na Gaeilge, thiar sa mback ar an (bh) 424, An Ghaeilge agus an Botox'