DIALANN TUAIRISC – Cén rogha eile atá ann ach an fhírinne a insint faoi fhoclóireacht lofa na Gaeilge? 

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

DIALANN TUAIRISC – Cén rogha eile atá ann ach an fhírinne a insint faoi fhoclóireacht lofa na Gaeilge? 

Foclóireacht shuarach na Gaeilge

Tá foclóireacht na Gaeilge lofa.

Goilleann sé orm é sin a rá ach cad eile is féidir leis an iriseoir iniúchta a dhéanamh ach toradh a chuid tochailte a roinnt gan faitíos gan fabhar? Sea, tá rud éigin lofa bréan salach i gcroílár shaol sibhialta ionchuimsitheach caoinfhulangach, mar dhea, na foclóireachta Gaeilge.

Mar tá lucht na foclóireachta Gaeilge frith-Chiarraí, nó ba chruinne a rá, tá lucht na foclóireachta Gaeilge claonta in aghaidh fhoireann caide Chiarraí.

Trí sheans glan a fuaireamar ár gcéad éachtaint ar an bhfuath buile seo do pheileadóirí Chiarraí, fuath atá go smior is léir i bhfoclóirithe na Gaeilge, dream neamhurchóideach go maith, de réir cosúlachta.

Ag póirseáil san iontráil don bhfocal ‘chance’ a bhíomar nuair a thángamar ar an sampla seo.

‘Do Kerry have a chance?’‘No chance!’ (‘Cén seans atá ag Ciarraí?’ ‘Diabhal seans!’). Ansin tugtar camchuairt na gcanúintí.

An bhfuil aon seans ag Ciarraí? ‘Seans ar bith!’ ‘Dheamhan seans!’ ‘Seans na ngrást!’

Iontráil amháin. Tá go maith, comhtharlúint, déarfá.

Ach, mo léan, níorbh ea. Dheineamar a thuilleadh taighde agus ní raibh aon stad leis na samplaí.

They demolished Kerry (thug siad greadadh do Chiarraí. Bhuail siad Ciarraí go héasca. Bhuail siad Ciarraí go furasta).

The Down forwards played havoc with the Kerry defence (rinne tosaithe an Dúin slad ar chosantóirí Chiarraí).

Gan dabht, tá corrshampla ann a thabharfadh le fios duit go mb’fhéidir go bhfuil dul amú ort. Kerry disposed of Cork today (fuair Ciarraí an ceann is fearr ar Chorcaigh inniu), mar shampla.

Cork suffered a heavy defeat at the hands of Kerry (thug Ciarraí greadadh do Chorcaigh). Cork took a bashing (tugadh léasadh do Chorcaigh, fuair Corcaigh batráil, rinneadh slad ar Chorcaigh). Cork looked dead and buried (dhealraigh sé go raibh cosa na gCorcaíoch nite).

Ach cad a tharla ansan?

Cork came on strong in the second half. Cork held sway in the second half. Cork finally turned the tables on Kerry. Agus ar deireadh thiar thall, Kerry lost to Cork (chaill Ciarraí i gcoinne Chorcaí).

Cad eile a mbeifeá ag súil leis?

Níl aon teorainn leis.

Dublin put paid to Kerry’s hopes (chuir Baile Átha Cliath deireadh le cibé dóchas a bhí ag Ciarraí). Dublin stole a march on Kerry. Down tore Kerry apart.

Gaelic football is a religion in Kerry (saghas creideamh is ea an pheil Ghaelach i gCiarraí), a deir sampla eile. Bhuel más ea, chuirfeadh an foclóir Béarla-Gaeilge tástáil mhaith ar an gcreideamh céanna.

Kerry were sensationally beaten by Leitrim (bhuail Liatroim Ciarraí, creid é nó ná creid), a deirtear linn.

Fén dtráth seo chreidfinn é.

Tá cúpla sampla eile a caitheadh isteach, déarfá, le seanbhlas. Vintage Kerry again! (Ciarraí mar is dual dóibh arís!), cuir i gcás.

Ach níl aon cheist faoin sampla a fhaigheann an chraobh don cheann is measa ar fad…

Tyrone won against Kerry (bhuaigh Tír Eoghain ar Chiarraí, bhí an lá le Tír Eoghain in aghaidh Chiarraí).

Ach cad faoi na contaetha eile, abair Maigh Eo an mhí-áidh, síorthánaistí truamhéalacha na craoibhe? Bhuel, ba dhóigh leat ag éisteacht le foclóirithe frith-Chiarraí an Fhorais gur ag Maigh Eo na hainnise seachas ag Ciarraí atá an 38 All-Ireland.

Mayo were ahead at half time (Bhí Maigh Eo chun tosaigh ag leath ama). Don’t count out Mayo (ná cuir Maigh as an áireamh). I fancy Mayo for the final. The title is likely to go Mayo. Is fíor, nach mbuann Maigh Eo aon ní sna samplaí sin, ach ní chailleann siad in aghaidh Liatroma ach oiread ná ní chuirtear deireadh le ‘cíbe dóchais’ atá acu.

Tá an Ghaillimh cúl chun cinn ar Shligeach i sampla amháin agus chaill dream eile ina n-aghaidh le trí chúilín i sampla eile. The Galway team put the skids under them (bhain foireann na Gaillimhe an ghaoth as a seolta), a deirtear linn. Galway rules ok? (Gaillimh abú! Gaillimh go brách!), a deir sampla eile.

Tá contae na Mí luaite i gcúig shampla breise agus baint ag CLG le trí cinn acu. Chuir dhá chúilín tapaidh chun cinn iad i sampla amháin. Meath are dominating possession (tá an chuid is mó den tseilbh ag an Mhí) i gceann eile.  Agus go tobann, Meath are at the top of the table (tá an Mhí ag barr an tábla).

Sea, más chun sinn a chur amú atá na samplaí diúltacha faoi Chorcaigh ann, gach seans gur mar a chéile é ag na samplaí a bhfuil baint ag Doire leo. (Derry were outgunned by Carlow, fuair Ceatharlach an ceann is fearr ar Dhoire.)

Ach níl foclóirithe na Gaeilge ag cur an dallamullóg ar aon duine. Tá foclóireacht na Gaeilge lofa gránna frith-Chiarraí.

Ní mar sin a bhí i gcónaí. Bhí uaisleacht agus neamhchlaontacht álainn ag baint léi tráth den saol.

An t-aon sampla a bhí ag de Bhaldraithe faoi Chiarraí agus cúrsaí peile ná Kerry drew (the game) with Galway (cluiche cothrom a bhí idir Ciarraí agus Gaillimh).

Bheidís sásta go maith leis an gcomhscór dá mbeadh a fhios acu an uair sin cad a bhí i ndán dóibh.

Nead chluthair zón an chompoird

‘Bíonn sé go maith imeacht ó do ‘comfort zone’ ó am go chéile,’ a dúirt cara liom an lá eile mar léirmheas ar phodchraoladh nua Tuairisc. Tá an duine seo ina mháistir ar an bhfuarmholadh.

Ach canathaobh an dogma seo ag daoine gur rud maith é imeacht ó nead chluthair do chomfort zone? Nach leatsa do chomfort zone agus nach bhfuil sé compordach istigh ann? Agus nach bhfuil dóthain daoine eile a dhíbreoidh as tú gan a bheith á fhágaint as do stuaim féin? Sin é, táim ag dul ar ais ann, a luaithe agus a bheidh Dialann Tuairisc na seachtaine seo curtha díom agam.

Moladh na seachtaine 

Bhí ardoíche againn i Sráid Vicar an oíche eile ag ceolchoirm Mick Flannery. Is breá linn Mick ach déanta na fírinne ba é Dan Reeder, an t-aoi speisialta tacaíochta a bhí aige, a mheall go dtí Baile Átha Cliath sinn oíche scoile. Ba chuma le Mick Flannery, déarfainn, mar is breá leis siúd Dan Reeder chomh mór sin gur thug sé cuireadh dó teacht anall as Meiriceá chun dhá ghig a dhéanamh leis.

Amhránaí agus cumadóir ar leith é Reeder. Bíonn a chuid amhrán ait, álainn, fileata, greannmhar agus uaireanta giorraisc agus ábhairín gáirsiúil leis.

Tóg, mar shampla, ‘Born a Worm’, amhrán nach bhfuil ann ach na sé líne chéanna de churfá arís is arís eile agus gan aon véarsa ann. Sular chan sé féin agus a iníon Peggy i mBaile Átha Cliath é, d’inis sé don lucht éisteachta cé chomh sásta is a bhí sé nuair a chum sé é.

“And when I wrote that song, I thought, Dan, you are a fuck**g genius, this is the best song ever, there is no better song.

“Then we put it up on Spotify and within 15 minutes the internet told us there were four factual errors in the first six words!”

Bhuel, fós féin bhí an ceart aige gur ginias é.

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC – Cén rogha eile atá ann ach an fhírinne a insint faoi fhoclóireacht lofa na Gaeilge? '

  • Brenda Ni Shuilleabhain

    A Sheáin Tadhg, bhaineas sásamh an domhain as an bpíosa sin. Gura fada buan tú id’ chomfort zone.

  • Mártan Ó Ciardha

    Foighid ort a Sheáin. Seans ar bith go mba ar lucht na gcamán a bhí fear an fhoclóra ag cuimhniú ?

  • Pádraig O'hEipicín

    Ní féidir lé Mhaigh Eó iad uilig a bhuachan.