Dhá ghradam cumarsáide nua ag an Oireachtas ach duais ar bith don fhocal scríofa

Tá tús curtha ag Oireachtas na Gaeilge leis an bpróiseas ainmniúcháin dá ngradaim chumarsáide, a bheidh ar siúl le linn Oireachtas na bliana seo i mBaile Átha Cliath

Dhá ghradam cumarsáide nua ag an Oireachtas ach duais ar bith don fhocal scríofa

Beidh dhá ghradam cumarsáide nua ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana ach don dara bliain as a chéile ní bheidh aon ghradam ar leith ann don iriseoireacht scríofa.

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge go raibh tús curtha leis an bpróiseas ainmniúcháin do na gradaim, a bheidh ar siúl le linn Oireachtas na bliana seo i mBaile Átha Cliath, agus cead ag duine ainmniúcháin a dhéanamh ar líne do na catagóirí éagsúla.

Is iad na catagóirí nua sna Gradaim Chumarsáide i mbliana ná Clár na Bliana ar Raidió Pobail agus Clár na Bliana ar Raidió Tráchtála agus an dá rannóg nua urraithe ag an BAI, Údarás Craolacháin na hÉireann.

D’fhéadfadh gurb amhlaidh go bhfuil an BAI ag súil go spreagfaidh na gradaim nua seo na stáisiúin sin le tuilleadh a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Fuarthas i dtaighde a rinneadh anuraidh nach raibh ach “ról imeallach” ag an nGaeilge ar na stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla den chuid is mó, in ainneoin dualgas reachtúil a bheith orthu an teanga a chur san áireamh ina sceideal.

Is iad na rannóga eile ná Sraith Teilifíse na Bliana; Sraith Raidió na Bliana; Scannán/Clár Teilifíse na Bliana; Pearsa Teilifíse na Bliana; Pearsa Raidió na Bliana; Iriseoir na Bliana; Feachtas Meán Sóisialta na Bliana agus Réalta Óg na Bliana.

Cé go bhfuil gradam ann don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta, níl aon ghradam ann do na foilseacháin ar líne. Bhain conspóid anuraidh leis an scéala nach raibh aon ghradam ar leith le bheith ann feasta don iriseoireacht scríofa. Thug an tOireachtas le fios an uair sin gurbh amhlaidh go raibh suíomhanna idirlín na Gaeilge “ró-éagsúil” lena chéile chun iad a áireamh ina aon chatagóir amháin.

Dúirt an tOireachtas inniu gur raibh aitheantas á thabhairt d’iriseoirí scríofa anois sa chatagóir ‘Iriseoir na Bliana’ agus iad áirithe i dteannta iriseoirí craolta agus teilifíse.

Fág freagra ar 'Dhá ghradam cumarsáide nua ag an Oireachtas ach duais ar bith don fhocal scríofa'