Dhá chúis gur thuill foireann sacair na hÉireann ardmholadh…

Bua stairiúil agus leithscéal ó chroí gan mhoill – tá ardmholadh tuillte ag foireann sacair na hÉireann

Dhá chúis gur thuill foireann sacair na hÉireann ardmholadh…

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ghabh ár mbanpheileadóirí leithscéal gan mhoill Dé Céadaoin nuair a cáineadh an giolc inar taispeánadh iad ag ceiliúradh a mbua spreagúil ar Albain. Tá a ngáir ‘Ooh-Aah-Up the Ra’ á cháineadh agus á chosaint ó shin, ach ní foláir cuimhneamh i gcónaí ar a ndúirt siad.

‘Tá meas againn ar chách agus ar na stair,’ a dúirt an bainisteoir Vera Pauw.  ‘Bhí an rud a rinneamar mícheart agus gabhaimid leithscéal mar gheall air.’ Labhair Áine O’Gorman, Chloe Mustaki agus imreoirí eile go leithscéalach freisin faoinar tharla an oíche roimh ré.

Ainneoin na leithscéalta, tá mór-is-fiú agus beag-is-fiú á dhéanamh den scéal fós ag daoine éagsúla ar chúiseanna a bhaineann go hiomlán lena meon polaitiúil.

Mar shampla, rinne feisire an DUP Carla Lockhart neamhaird iomlán de ráitis na n-imreoirí i ngiolc inar thagair sí do bhuamáil an IRA in Birmingham i 1974, inar maraíodh 21 duine. An bhfiosródh Birmingham City an “canadh seicteach”, a dúirt sí, tharla ceathrar imreoirí ón bPoblacht a bheith ag imirt don chlub?

Ar an taobh eile den chonspóid, thug Brian Warfield ó na Wolfe Tones “cancráin agus aontachtaithe, nó daoine atá ar aon tuairim le haontachtaithe” ar dhaoine a dúirt nach raibh gáir na n-imreoirí cuí ná ceart. Níor thagair seisean ach oiread do leithscéalta na foirne agus an FAI.

Is fiú cuimhneamh, agus an scéal á bhreithniú, ní hamháin ar pholaitíocht ach ar dhá chúis eile gur léiríodh bearna tuairimíochta chomh mór dá bharr – cúrsaí aoise agus cúrsaí tíreolais.

Tá duine ar bith a bhí 18 bliain d’aois agus ceart aige/aici vótáil i 1998 sa reifreann ar Chomhaontú Aoine an Chéasta 42 bliain nó níos aosta anois. Níl tuiscint mar atá ag an aoisghrúpa sin ag daoine atá níos óige ná iad ar uafáis na dTrioblóidí ó thuaidh, agus ó dheas uaireanta.

Ní hionann ach oiread an tuiscint atá ag go leor daoine sa Phoblacht ar bhlianta fuilteacha na dTrioblóidí agus an tuiscint ag ag muintir an Tuaiscirt. Dúisíonn tagairt don IRA, don UVF agus d’eagraíochtaí paraimíleata eile, nó d’fhianaise faoi mharú a raibh fórsaí na Breataine freagrach as nó páirteach ann, cuimhní ó thuaidh ar ghaolta agus ar chairde atá ar shlí na fírinne.

Ba léir freisin gur chuir an chonspóid sa Phoblacht faoi gháir na bpeileadóirí isteach ar mhórán náisiúnaithe a dúirt (agus cuid mhór den cheart acu) nach dtugtar an aird chéanna ar ócáidí nó ar shiombailí a léiríonn tacaíocht ó thuaidh do ghrúpaí a mharaigh Caitlicigh.

Agus an míshásamh a chuir ‘Ooh-Aah-Up the Ra’ ar mhórán á mheá, ní foláir freisin cuimhneamh ar an dearcadh ar chúrsaí staire atá ag Sinn Féin agus ag daoine eile atá ar aon tuairim leo. Is dlúthchuid dá meon é a thabhairt le fios gur dhá chuid den troid chéanna ab ea Cogadh na Saoirse ó 1916 go 1921 agus feachtas an IRA ó 1970 go dtí 1997.

Fágtar difríochtaí tábhachtacha idir an dá fheachtas míleata i leataobh d’aon turas d’fhonn a thabhairt le fios go raibh siad cosúil lena chéile. Is leor difríocht shuntasach amháin idir an dá thréimhse a lua anseo. Thug Dáil Éireann tacaíocht leanúnach agus iomlán do na hÓglaigh ó bunaíodh iad i 1919 go dtí 1921. Níor thug móramh sa Dáil ná in aon áit eile, fiú i measc Náisiúnaithe ó thuaidh, tacaíocht don IRA am ar bith sular cuireadh deireadh le feachtas míleata na heagraíochta i 1997.

Beidh an dearcadh claonta seo ar stair na tíre ina bheocheist pholaitiúil má bhíonn Sinn Féin i gceannas ar an gcéad rialtas eile i mBaile Átha Cliath – mar atá á thuar go forleathan a bhuí le fianaise na bpobalbhreitheanna. An mbeidh airí rialtais ag freastal, mar shampla, ar shearmanais a reáchtálfar mar chuimhneachán do chomhaltaí an IRA?

Spreagann conspóid smaoineamh níos ginearálta. Múineann leithscéal na bpeileadóirí, leithscéal a gabhadh gan choinníoll agus gan mhoill, ceacht nár chóir a ligean i ndearmad, thuaidh agus theas.

Rachaidh dea-ghníomhartha, dea-leithscéalta agus caint chineálta chun tairbhe dúinn uilig i gcónaí.

Fág freagra ar 'Dhá chúis gur thuill foireann sacair na hÉireann ardmholadh…'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tuigtear dom ón bpictiúr deas thuas go bhfuil Amhrán na bhFiann ar siúl agus go bhfuil an t-ómós ceart cuí á thabhairt ag na himreoirí dó. Ach an mó duine de na cantóirí breátha ‘Ra Ra’ seo a bhfuil na focail acu? Duine amháin nó beirt ar an méid is mó, b’fhéidir? Amhrán iontach, ceolmhar, anamúil, ionspráideach is ea Amhrán na bhFiann (má chantar i gceart é) nach féidir ach le mionlach beag i dtír na hÉireann é a chanadh. Sin í an fhírinne shearbh. An fhírinne shearbh..Cuir é sin i gcomparáid le muintir na Breataine Bige mar shampla, nó canadh an Marseillaise? Nó God shave the King, fiú?
    Thathantaíos go minic ar oifigigh de chuid CLG feachtas náisiúnta a eagrú ag na campaí samhraidh srl chun go bhfoghlaimeodh an t-aos óg Amhrán Náisiúnta na hÉireann d’fhonn is nach mbeidh náire shaolta orainn ag na cluichí, seachtain i ndiaidh seachtaine, go deo na ndeor arís. Ní bhfuair mé ach bodhaire Uí Laoghaire uathu. Cén chaoi a bhféadfadh Amhrán na bhFiann a bheith ag an dream óg muna múintear dóibh é? Ní gá ‘Sinne Fianna Fáil’ a rá ach ‘Sinne laochra Fáil’ a rá….más é sin atá ag déanamh cheataí dóibh! An bhfuil agus an mbeidh muintir na hÉireann sásta glacadh leis an bhféin-úirísliú seo go deo, agus é á fhógairt go balbh againn go bhfuilimid balbh ar ár nAmhrán Náisiúnta féin chomh maith le bheith dall ar ár n-oidhreacht ársa? Agus CLG, an Roinn Oideachais srl i ról an daill a bhíonn ag giollaíocht an daill?

  • Antóin

    An-ráite JP. Ní fada go mbeidh muid ag gabháil leithscéil as Amhrán na bhFiann a chanadh.