Dhá chlár breá ar TG4 faoin mbuiséad, ach cén fáth gur fhág siad an Ghaeilge go deireadh?

Beagán do mhórán lá na cáinaisnéise agus meitheal nuachta TG4 chugainn, ar deireadh, leis an ngoile a shásamh i rith an lae

Dhá chlár breá ar TG4 faoin mbuiséad, ach cén fáth gur fhág siad an Ghaeilge go deireadh?

Anuraidh cinneadh go ndéanfadh TG4 goile an lucht féachana a shásamh i rith an lae ar lá an Bhuiséid. Murab ionann agus blianta roimhe sin bhí clár uair an chloig ag teacht ó Bhaile na hAbhann, soláthar sa bhreis ar an gclár uair an chloig tráthnóna. B’amhlaidh a bhí i mbliana. Ní fada a bhí Paschal Donohue ina shuí i ndiaidh a óráide nuair a chuir Eimear Ní Chonaola tús leis an gclár Buiséad 2023. Michael McGrath faoi lán seoil agus nuacht te bruite á cur os ár gcomhair. Más mall is mithid.

Faoi mar a meabhraíodh dúinn go minic ba é seo Buiséad an Chostais Mhaireachtála agus costas an fhuinnimh is an chíosa agus an boilsciú trí chéile ag luí go trom ar an bpobal, iad siúd ar phá íseal go háirithe, gan amhras. B’éigean don rialtas an greim a scaoileadh ar an sparán. €6.9 mbilliún in athruithe buana caiteachais is cánach mar aon le €4.1 billiún ar bheartais aon uaire. Pingin do Mhánas agus cent do Mhurchadh.

“Rud éigin dos na héinne sa lucht féachana mar a deireadh Gay Byrne fadó,” a dúirt Bernie Ní Chuinn go seanbhlastúil is í i mbun cainte leis an bhfear gnó Pádraig Ó Céidigh agus an léachtóir Norita Ní Chartúir. Dheineadar beirt a gcúram go slachtmhar ach ós rud é go raibh an bheirt aíonna ar an dá chlár b’ait liom nár earcaíodh aíonna eile le huainíocht a dhéanamh orthu.

Ábhar díomá do TG4 lá mar seo go bhfuil sé ionann is dodhéanta dreas cainte a dhéanamh le piardaí móra an rialtais. Focal ní bhfuarthas ó Paschal Donohoe ná Michael McGrath, ó Micheál Martin ná Leo Varadkar. Thuigfeá sin b’fhéidir ach is mór an trua ná fuarthas Catherine Martin, Aire na Gaeltachta agus pé rud a bheidh agat féin, nó Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le paiste cainte a dhéanamh.

Cé nach raibh na sonraí go léir ar fáil faoin ardú 10% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta bhí nithe suntasacha ann amhail plean digiteach na Gaeilge, scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí ó scoileanna DEIS agus tacaíocht bhreise do thionscal na gcoláistí samhraidh.

Thug Chambers a thuilleadh eolais agus é faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bhí tuilleadh eolais ar an suíomh seo. Dá mbeadh deis ag TG4 croscheistiú a dhéanamh ar an Aire cá bhfios ná go scaoilfeadh sí blúirín eisiach?

Mar a tharla bhí os cionn daichead nóiméad caite sa chlár uair an chloig istoíche sular bhac Buiséad 2023 in aon chor le buiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ag trácht ar an mbuiséad a bhí Norita Ní Chartúir nuair a chuir sí an cheist, ‘Cén fáth go bhfágtar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht go dtí an deireadh?’. D’fhéadfadh sí a bheith ag caint chomh maith céanna ar chur chuige an chláir.

Bhí Sorcha Ní Riada i dTeach Laighean agus caint á cur aici ar an seandream céanna gur féidir brath orthu: Fergus O’Dowd, Donnchadh Ó Laoghaire, Dara Calleary, Aodhán Ó Ríordáin, Pearse Doherty, Mairéad Farrell agus Thomas Byrne. B’ait liom cá raibh Éamon Ó Cuív.

Taibhsíodh dom nach raibh mórán goimhe ná trasnaíola sna díospóireachtaí; bac teanga nó an ghaoth bainte as seolta an fhreasúra ag na billiúin bhreise a caitheadh i gcoinne an bhoilscithe.

Bhí na hagallaimh sin fite fuaite le tuairiscí is agallaimh na dtuairisceoirí ar fud na tíre: Caoimhe Ní Laighin agus Peadar Mac Gaoithín i mBaile Átha Cliath, Ruairí Mac Con Iomaire ag plé cúram leanaí i dTír an Fhia, Seán Mac an tSíthigh ag plé an fháilteachais ar an mBuailtín, Aodán Ó Maoileoin sa Ghaillimh ag caint faoi thiachóg na Gaeilge agus Tomás Ó Mainnín ag trácht ar thionchar an Bhuiséid ar earnáil na talmhaíochta.

“Rud éigin dos na héinne,” sa cháinaisnéis agus uair an chloig breis nuachta ó TG4.

Níorbh aon drochlá é, ach b’fhéidir go n-aimseofaí áit níos luaithe don mhír faoin nGaeilge an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Dhá chlár breá ar TG4 faoin mbuiséad, ach cén fáth gur fhág siad an Ghaeilge go deireadh?'

  • Sean

    Céard é teachtaireacht an ailt seo go díreach?…….