Dhá chiste fógartha ag an Aire Stáit ar a chuairt go Maigh Eo inniu  

Tá maoiniú €140,000 sa bhliain ceadaithe don eagraíocht Ghaeilge Gnó Mhaigh Eo agus tá €151,700 á chur ar fáil d’fhorbairt pháirc spraoi uile-aimsire i gCeathrú Thaidhg i nGaeltacht Iorrais  

Dhá chiste fógartha ag an Aire Stáit ar a chuairt go Maigh Eo inniu  

Tá dhá chiste airgid fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers tráthnóna agus cuairt á tabhairt aige ar Ghaeltacht Iorrais agus ar Chaisleán an Bharraigh i gcontae Mhaigh Eo.

Cuirfear maoiniú €140,000 sa bhliain ar fáil don eagraíocht Ghaeilge Gnó Mhaigh Eo as seo go ceann trí bliana agus tá €151,700 á chur ar fáil d’fhorbairt pháirc spraoi uile-aimsire i gCeathrú Thaidhg i nGaeltacht Iorrais.

Tá an maoiniú á chur ar fáil do Ghnó Mhaigh Eo chun tacú le gnóthaí sa chontae an Ghaeilge a chur chun cinn agus gradaim ghnó a reáchtáil.

Agus na cistí airgid á bhfógairt aige, dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh “an-áthas” air maoiniú a cheadú do Ghnó Mhaigh Eo, chun “cur le híomhá dhátheangach Chontae Mhaigh Eo”.

“Tá tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil, do chustaiméirí agus dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge,” a dúirt sé.

Rachaidh an maoiniú €151,700 don pháirc spraoi i nGaeltacht Iorrais i dtreo áiseanna agus trealamh nua a chur ar fáil don pháirc uile-aimsire i gCeathrú Thaidhg. Déanfaidh na háiseanna freastal ar pháistí óga, ar dhéagóirí agus ar an bpobal i gcoitinne.

Dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh “ríméad” air tacú leis an bhforbairt ar “acmhainn luachmhar í” don aos óg i nGaeltacht Iorrais.

Fág freagra ar 'Dhá chiste fógartha ag an Aire Stáit ar a chuairt go Maigh Eo inniu  '