D’fhéadfadh TG4 díospóireacht toghcháin i nGaeilge a bheith acu ach ceacht a fhoghlaim ón AE – leabhar nua

Deir an Dr Pádraig Ó Laighin go n-easaontaíonn sé ‘go hiomlán’ leis an míniú atá tugtha ag TG4 i dtaobh a chinnidh gan díospóireacht a bheith acu idir iarrthóirí thoghchán na huachtaránachta

D’fhéadfadh TG4 díospóireacht toghcháin i nGaeilge a bheith acu ach ceacht a fhoghlaim ón AE – leabhar nua

Tá molta ag údar leabhair nua faoi chás phobal na Gaeilge go mbainfeadh TG4 leas as córas ateangaireachta chun go mbeadh ar a gcumas mórdhíospóireachtaí a chraoladh “go hiomlán i nGaeilge” aimsir thoghcháin.

I leabhar a fhoilseofar sa bhliain úr, deir an t-údar agus scoláire Pádraig Ó Laighin, gurb é an réiteach is follasaí “ar an gcruachás” ina mbíonn TG4 tráth na ndíospóireachtaí toghchánaíochta ná go gcuirfí córas ateangaireachta i bhfeidhm mar a dhéantar ag comhdhálacha ceannairí rialtais ag cruinnithe den Chomhairle Eorpach.

Deir Ó Laighin, ar saineolaí é ar chás na teanga sa Aontas Eorpach, go bhfeictear dó nach bhfuil “cúis ar bith” ann nach n-úsáidfí cur chuige na gcruinnithe Eorpacha sin i ndíospóireachtaí teilifíse idir ceannairí nó iarrthóirí toghcháin abhus.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Laighin go n-easaontaíonn sé “go hiomlán” leis an míniú atá tugtha ag TG4 i dtaobh a chinnidh gan díospóireacht a bheith acu idir iarrthóirí thoghchán na huachtaránachta.

Dúirt Ó Laighin gur chuir sé a chuid moltaí i dtaobh an ábhair seo faoi bhráid lucht bainistíochta an stáisiúin le déanaí, agus go bhfuil sé ag fanacht ar fhreagra.

Thug urlabhraí ó TG4 le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach mbeadh aon díospóireacht idir na hiarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta ag an stáisiún toisc nach bhféadfaí díospóireacht chothrom” a riaradh gan a bheith i dtuilleamaí an iomarca Béarla.

Deir Ó Laighin, áfach, nach dtugann an cur chuige sin cothrom na Féinne do phobal na Gaeilge agus go bhfuil leigheas aige ar an scéal.

“Tá ateangairí comhdhála le Gaeilge den scoth againn, arna n-oiliúint in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a mbeadh ar a gcumas, ach an deis a thabhairt dóibh, craoladh cruinn i nGaeilge a chur ar fáil do na ceannairí ar mhian leo labhairt i mBéarla, agus ní chuirfeadh an mhoill nach mairfeadh ach cúpla soicind aon stró ar aon duine.

“Tá pobal na Gaeilge i dteideal cothromaíochta sna cúrsaí seo. Ar ndóigh, bheinn ag iarraidh go seachnófaí fotheidealú i mBéarla i gcomhthéacs mar sin, mura mbeifí in ann an fotheidealú a dhéanamh roghnach don bhreathnóir,” a deir an Dr Pádraig Ó Laighin.

Dar le Ó Laighin gur léirigh cur chuige TG4 i leith olltoghchán 2016 “deacracht bhunúsach” atá ag an stáisiún maidir le ceist na ndíospóireachtaí, deacracht a d’fhéadfaí a leigheas ach múnla na hateangaireachta a úsáid, dar leis.

“De bhrí nach raibh ceannairí ó dhá cheann de na ceithre phríomhpháirtí sásta a bheith rannpháirteach i ndíospóireacht bheo ar an ábhar go mbeidís faoi mhíbhuntáiste de dheasca a leibhéal cumais sa teanga, chealaigh TG4 a phlean do dhíospóireacht dá leithéid. Ina háit, cuireadh ceannairí agus urlabhraithe tábhachtacha faoi agallamh, agus cuireadh fotheidealú i mBéarla i bhfeidhm.

“D’achair ghairide, ghabh ceannlíne ar an scáileán leithscéal leis an lucht féachana as teip an fhotheidealaithe – achair a bhí ina n-ábhar suaimhnis do chuid mhór againn a fhéachann ar chláir an stáisiúin go rialta. Ceileadh ar phobal na Gaeilge an deis díospóireacht bheo i nGaeilge a fheiceáil, agus rinneadh an scéal níos measa trí fhotheidealú a úsáid. Cuireadh roinnt mhaith díospóireachtaí faoi bhráid phobal an Bhéarla, ar chainéil éagsúla, agus ar éigean gur gá a rá nár cuireadh fotheidil i nGaeilge ar fáil i gcás oiread is ceann acu.”

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh TG4 díospóireacht toghcháin i nGaeilge a bheith acu ach ceacht a fhoghlaim ón AE – leabhar nua'

  • Eoghan ONéill

    Ceart iomlán ag an Uasal Ó Laighin – beart dearfach dána a bheadh ann a léiródh go bhfuil pobal sa tír seo a bhfuil díospóireacht i dteanga na nGael uathu. Mura gcuirtear sin ar TG4 beidh sé ag géilleadh do dhream a bhfuil a mhacasamhail i dTrumplandia a bhfuil feachtas ar siúl acu an tír thall a dheineamh English-only!