‘Ní fhéadfaí é a dhéanamh go cothrom gan an iomarca Béarla’ – cinneadh déanta ag TG4 faoi dhíospóireacht toghcháin

Deir TG4 nach bhfuil ‘aon bhealach’ ann go bhféadfaí díospóireacht idir iarrthóirí thoghchán na huachtaránachta a reáchtáil gan a formhór a bheith i mBéarla

‘Ní fhéadfaí é a dhéanamh go cothrom gan an iomarca Béarla’ – cinneadh déanta ag TG4 faoi dhíospóireacht toghcháin

Ní bheidh aon díospóireacht ar TG4 idir na hiarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta toisc nach bhféadfaí “díospóireacht chothrom” a riaradh gan an iomarca Béarla a bheith ann.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid an stáisiúin do Tuairisc.ie inniu nach bhfuil sé i gceist acu mórdhíospóireacht a chraoladh le linn an fheachtais toghchánaíochta.

Tá ráite ag iarrthóir Shinn Féin sa toghchán Liadh Ní Riada go bhfuil “an-díomá” uirthi faoin scéala nach mbeidh aon díospóireacht ann i nGaeilge, ach dúirt urlabhraí TG4 nach raibh “aon bhealach” ann go bhféadfaí a leithéid a reáchtáil gan a formhór a bheith i mBéarla.

“Níl líofacht sa Ghaeilge ach ag beirt de na hiarrthóirí, agus tá beirt iarrthóirí eile nach bhfuil aon chumas sa teanga acu. Dá bhrí sin, ní léir go bhfuil aon bhealach ar féidir díospóireacht chothrom a riaradh, gan sciar mór den chaint a bheith i mBéarla,” a dúirt urlabhraí TG4.

 Craoladh a leithéid de dhíospóireacht ar TG4 le linn thoghchán uachtaránachta 2011 cé nach raibh Gaeilge ach ag iarrthóir amháin sa toghchán sin, Micheál D. Ó hUigínn. Seachas mír bheag chainte réamhullmhaithe, níor labhair aon duine den ochtar iarrthóirí ach Ó hUigínn Gaeilge le linn na díospóireachta sin. 

Rinneadh roinnt cáineadh ar an stáisiún Gaeilge i ndiaidh na díospóireachta sin toisc gur i mBéarla a bhí sí ach amháin nuair a bhí Ó hUigínn i mbun cainte.

Dúirt urlabhraí an stáisiúin go mbainfí úsáid as “formáid eile” an uair seo a thabharfadh deis do na hiarrthóirí “a gcuid clár oibre don bhfeachtas a mhíniú”.

In áit díospóireacht beidh clár speisialta, Vóta 2018, á chraoladh ag an stáisiún ar an Máirt, seachtain an toghcháin.

Mar chuid den chlár sin beidh míreanna réamhthaifeadta leis na hiarrthóirí chomh maith le freagraí “ar shraith ceisteanna difriúla” a chuirfear chucu.

Beirt chainteoirí líofa Gaeilge a bheidh san iomaíocht i dtoghchán uachtaránachta na míosa seo chugainn, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus iarrthóir Shinn Féin, an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada.

Thug TG4 le fios do Tuairisc.ie go ndéanfadh Nuacht TG4 “clúdach cuimsitheach” gach lá ar imeachtaí an fheachtais ar fud na tíre agus go bhféachfaí chuige “go mbeidh neart deiseanna ag an bpobal féachana na hiarrthóirí a fheiceáil agus iad ag plé le pobail agus le hábhair éagsúla”.

Beidh Vóta 2018 ar siúl arís lá an chomhairimh, Dé Sathairn an 27 Deireadh Fómhair, idir 12pm agus 1pm agus ag 7pm tráthnóna.

Fág freagra ar '‘Ní fhéadfaí é a dhéanamh go cothrom gan an iomarca Béarla’ – cinneadh déanta ag TG4 faoi dhíospóireacht toghcháin'

  • Eoin Ó Murchú

    Má bhí RTÉ Bhearla in ann dul ar aghaidh le díospóireacht chothrom i mBéarla agus beirt as an seisear as láthair, cén fath nach féidir ceann Ghaeilge a reachtail go cothrom dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu nó atá sásta í a labhairt? No an mbíonn rialacha chothromais i bhféidhm maidir leis an nGaeilge amháin?

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cén fáth nach bhfaigheann siad Gaeilgeoirí maithe líofa a labharfadh ar son na n-iarrthóirí? D’fhéadfadh sé sin a bheith ina dhíospóireacht arbh fhiú breathnú air.

  • AnRógaire

    Cén uair ar chuir sé as do TG4 cláracha, agallaimh nó fotheidil i mbéarla a chraoladh? Fiú le linn cláracha “gaeilge”. Nach stáisiún béarla den chuid is mó atá i TG4?

  • Des O Murchu

    An cead cheist toghchain Uachtarain 2018? An bhfuil Gaeilge liofa agat ! Des O Murchu

  • Seán Ó Riain

    Cinneadh scannalach ó TG4! Ba cheart díospóireacht as Gaeilge amháin a eagrú, cuireadh a chut chuig gach iattthóir, is mura mbíonn an teanga náisiúnta acu bídis ina dtost nó cuiridís ionadaí isteach! Beir beannacht. Seán Ó Riain

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Agus cén fáth nach n-úsáideann na hiarrthóirí nach bhfuil Gaeilge acu a gcuid ateangairí?