D’fhéadfadh forbairt neamhshrianta thobann ar chúrsaí tithíochta an Ghaeltacht a scrios go deo mura neartaítear cás na teanga i gcúrsaí pleanála, a deirtear i gcáipéis nua atá seolta ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí de chuid Fhianna Fáil.
Sheol fochoiste de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil inniu an plépháipéar nua, Tús Áite do Phobail, Fís Nua d’Éirinn, chun “díriú ar phleanáil tar éis Covid-19 agus béim á cur acu ar phobail láidre a thógáil”.
Deirtear sa cháipéis nua go gcaithfidh aon fhorbairt a dhéanfar ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht í “a neartú in áit a lagachan”.
“Ar an drochuair, is é a mhalairt sin atá tarlaithe le 20 bliain anuas,” a deirtear.
Baineann 10 gcinn den 68 moladh sa phlépháipéar le cás na Gaeltachta agus tá trí mholadh ar leith ann faoi na hoileáin.
Deirtear sa cháipéis gur cheart an tionchar a bheadh ag aon zónáil phleanála ar an nGaeltacht a chur san áireamh nuair atá Pleananna Contae agus Cathrach á n-ullmhú agus gur cheart go ndéanfadh duine cáilithe measúnacht tionchair teanga ar aon phlean sula bhfoilseofaí é.
Moltar go ndéanfaí ráiteas tionchar teanga chomh maith le haghaidh gach iarratas pleanála do thithíocht aonair nach mbeadh bunaithe ar riachtanas tithíochta tuaithe, fiú amháin taobh istigh de theorainneacha bailte agus sráidbhailte.
Deirtear gur cheart go mbeadh foráil i ngach plean Gaeltachta faoina gcaithfí coinníoll teanga a chur le céatadán de na tithe go léir in eastáit tithíochta agus iad a chur i leataobh do chainteoirí Gaeilge.
Ba chóir, a mholtar, Limistéir Ainmnithe Pleanála Teanga Gaeltachta a bheith luaite i bpleananna contae agus go mbeadh na forálacha pleanála a bhainfeadh leis na limistéir sin bunaithe ar a láidre is atá an teanga iontu.
“Measúnóir sainiúil neamhspleách” a dhéanfadh measúnú ar Ghaeilge na gceannaitheoirí tithe agus TEG 2B an leibhéal atá molta.
Ba chóir, a deir an coiste de chuid Fhianna Fáil, go gcuirfí san áireamh i ngach Plean Gaeltachta “an gá atá ann go seolfaí an Ghaeilge ar aghaidh ó ghlúin go glúin” trí tacú le tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus gaolta a bheith ina gcónaí in aice lena chéile.
Ba chóir chomh maith foráil a bheith i ngach Plean Gaeltachta chun teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge a mhealladh chuig an nGaeltacht agus “iad a choinneáil inti”
“Ba cheart gur ar chúinsí teanga a bheadh an polasaí seo bunaithe agus orthu sin amháin,” a deirtear.
Moltar chomh maith go gcuirfí béim ar “cnuasaigh láidre teaghlach” i gceantair láidre Ghaeltachta.
Ba chóir, a deirtear, tithíocht shóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil sa Ghaeltacht “do gach duine ón nGaeltacht” atá ag iarraidh cur fúthu inti agus an Ghaeilge a labhairt gach lá.
“Tá tábhacht ar leith leis go gcuirfí tithíocht shóisialta agus inacmhainne den chineál sin ar fáil ar na hoileáin agus i bpobail atá níos laige ó thaobh struchtúir de chun stop a chur le himirce nach bhfuil gá leis as na ceantair sin,” a deirtear.
Deirtear i Tús Áite do Phobail, Fís Nua d’Éirinn má ligtear do phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht “imeacht le gaoth” nach mbeidh “aon bhonn pobail” a thuilleadh ag an nGaeilge. Tá an bonn pobail sin “ríthábhachtach don teanga le go mairfidh sí mar theanga dhúchais”.
“Tá dualgas orainn don domhan mór ár míle dícheall a dhéanamh chun an oidhreacht ríluachmhar seo a chaomhnú,” a deirtear.
Deirtear nach gnáthrud iad eastáit tithíochta sa Ghaeltacht.
“Ní raibh aon bhailte d’aon mhéid sna ceantair láidre Gaeltachta agus maidir leis na sráidbhailte a bhí iontu, fiú amháin suas go dtí an lá atá inniu ann, is ionaid seirbhíse a bhí iontu nach raibh aon eastáit tithíochta shuntasacha uirbeacha iontu.
“Ní hé sin le rá nach féidir leis an nGaeilge a theacht slán agus forás a theacht uirthi i gceantair uirbeacha ach chun é sin a dhéanamh chaithfeadh an t-aistriú tarlú de réir a chéile agus a bheith pleanáilte go maith ó thaobh na teanga de, agus nach mbeadh sé de thoradh air go scriosfaí foinse na Gaeilge sna pobail scaipthe tuaithe.”
Ba chóir “ar deireadh thiar”, a mhaítear, leas níos mó a bhaint as forbairt “cnuasach” agus “forbairtí ar thalamh cúil” sa Ghaeltacht. Ba chóir imeacht ón bhforbairt líneach “ar bhealaí scéimhiúil turasóireachta ach go háirithe”.
Maidir le cúrsaí fostaíochta, deir an coiste, a bhfuil 20 ball de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil air, gur “fostaíocht teangabhunaithe” an tionscal “is mó go mór atá sa Ghaeltacht agus an ceann is fearr freisin a thacaíonn le bonn teanga na Gaeltachta”.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste a d’fhoilsigh an phlécháipéis nua, Éamon Ó Cuív, go bhfuiltear ag súil go spreagfaidh an cháipéis “díospóireacht láidir ar shaincheisteanna pleanála agus go dtiocfaidh na hathruithe suntasacha atá molta chun tairbhe ár gcur chuige i leith na pleanála”.
Pól Ó Braoin
An randamadádaíocht cheanann chéanna a chloisfidh muid go lá Philib an Chleite… agus ligfear do na forbróirí leanacht ar aghaidh ag díriú ar an airgead agus neamhaird déanta ar rialacha teanga nach mbíonn iontu ach moltaí gan taca gan fiacla. Cloisimid an oiread sin plécháipéisí agus tuairiscí go gcuireann siad a cheapadh muid go bhfuil duine eicint ag obair ná nach cuma leis an gcóras anseo in Éirinn faoi chúrsaí na teanga nó na gaeltachta i ndáiríre…
An Teanga Bheo
Sé na Fianna Fáil atá faoi gheall ag Éirinn……….. buíon dar slú …….faoi mhóid bheith saor
CE
Rudaí is moltaí an-dearfach sa cháipéis sin!
Ach cé hiad na daoine a bhfuil an cumhacht acu? Tá a fhios againn le blianta fada anuas go bhfuil na forbróirí ag scriosadh an teanga sa Ghaeltacht. Ní raibh aon cumhacht ag na cainteoirí dúchais áitiúil chun iad a stopadh, agus anois tá i bhfad níos mó cainteoirí an mórtheanga (an teanga a bhfuil cumhacht aige i Stát na hÉireann) lonnaithe ann…
Mara mbeidh na moltaí seo curtha i bhfeidhm, agus níos mó údarás áitiúil géillte dosna cainteoirí dúchais Gaeilge (éist leis an ghlúin a bhí bainteach leis an gluaiseacht cearta sibhialta, ní bhfuaireadar an údarás áitiúil a theastaigh uathu), beidh an próiseas a thosaigh na lonnaitheoirí a thug an Bhéarla go hÉireann curtha i gcrích