D’fhéadfadh an cogadh leanúint ar aghaidh ‘ar feadh blianta’ – NATO

D’fhógair Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh tráthnóna go gcuirfí tuilleadh tacaíochta ar fáil don Úcráin

D’fhéadfadh an cogadh leanúint ar aghaidh ‘ar feadh blianta’ – NATO

Tá ráite ag NATO go bhféadfadh an cogadh san Úcráin dul ar aghaidh ar feadh blianta agus gur faoi Uachtarán na Rúise a bhí sé a chinntiú go bhféadfaí teacht ar chomhréiteach go luath.

D’fhógair Ard-Rúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, Jens Stoltenberg, tráthnóna go gcuirfí tuilleadh tacaíochta ar fáil don Úcráin. Dúirt sé gur socraíodh cúnamh a thabhairt don tSeoirsia agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin chomh maith chun a chur ar a gcumas iad féin a chosaint.

Ag cruinniú do na hairí gnóthaí eachtracha sa Bhruiséil, socraíodh réimse córas arm a sholáthar don Úcráin chomh maith le trealamh cosanta in aghaidh ionsaithe ceimiceacha agus bitheolaíochta. 

Níor thug Ard-Rúnaí na comhghuaillíochta Jens Stoltenberg aon eolas faoi na hairm a chuirfí ar fáil. 

Tá an Úcráin ag impí ar cheannairí an iarthair tuilleadh arm a chur ar fáil dóibh agus é ina imní gur ag géarú go mór ar a gcuid ionsaithe ar oirthear na tíre a bheidh an Rúis feasta. 

“Cuidígí linn anois – laethanta seachas seachtainí atá i gceist agam – nó beidh bhur gcabhair ródhéanach agus gheobhaidh a lán daoine bás,” a dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, agus cúnamh á iarraidh aige ar NATO.

Cháin an G7 [an Fhrainc, an Ghearmáin, na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Iodáil, an tSeapáin agus Ceanada] an “sléacht” a rinneadh in Bucha agus in áiteanna eile san Úcráin, bearta “a sháraigh an dlí idirnáisiúnta go mór”.

Mhaígh Jens Stoltenberg gurb é an tslí is fusa le deireadh a chur leis an gcogadh ná go dtarraingeodh Vladimir Putin siar a thrúpaí go léir le deireadh a chur leis an ionradh agus tús a chur le “hiarracht dháiríre” teacht ar chomhréiteach. 

Ach chaithfí a bheith “réalaíoch”, arsa ceannasaí Nato, mar ní raibh an chuma ar an scéal go raibh aon athrú tagtha ar mhórsprioc Putin – “smacht a fháil ar an Úcráin agus buanna móra míleata a fháil ar láthair an chatha”.

“Ní mór dúinn a bheith réidh d’ fheachtas fada” a dúirt Stoltenberg.

“Má leanann an cogadh ar aghaidh agus ar aghaidh, is iad muintir na hÚcráine is mó a bheidh thíos leis agus is mó a bheidh ag fulaingt – déanfar níos mó dochair, beidh tuilleadh den bhás againn agus tuilleadh den scrios. 

“Ach is cinnte, dá fhad a sheasann an cogadh is ea is mó an baol go scaipfidh sé níos faide ná an Úcráin. Agus air sin atá NATO dírithe, stop a chur leis an scaipeadh sin,” a dúirt an tArd-Rúnaí.

Dúirt Stoltenberg go raibh cúnamh go leor tugtha ag NATO don Úcráin “idir threalamh cogaidh agus oiliúint do na mílte d’fhórsaí na hÚcráine le blianta”, sular ionsaigh an Rúis an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022 in aon chor. 

Idir an dá linn, de réir tuairisce ón BBC tráthnóna bhain trúpaí na Rúise i dtuaisceart na tíre leas as muintir na háite mar sciath dhaonna in aghaidh frith-ionsaithe.

Dúirt Sergei Lavrov, aire gnóthaí eachtracha na Rúise, tráthnóna gur chuir an Úcráin dréachtchonradh síochána faoi bhráid na Rúise a bhí difriúil ó na moltaí a d’aontaigh an dá thír roimhe seo. Dúirt príomh-idirbheartaí na hÚcráine Mykhailo Podolyak nach raibh baint dhíreach ag Lavrov leis na cainteanna agus nár cheart aon “suntas” a thabhairt dá raibh le rá aige seachas mar “phíosa bolscaireachta”.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh an cogadh leanúint ar aghaidh ‘ar feadh blianta’ – NATO'