D’fhágfadh an Breatimeacht pobal na Gaeilge ó thuaidh ‘scartha amach’ ó phobal na teanga ó dheas

Bhí ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Pobal os comhair choiste Oireachtais na Gaeilge inné agus impleachtaí an Bhreatimeachta don teanga faoi chaibidil acu

D’fhágfadh an Breatimeacht pobal na Gaeilge ó thuaidh ‘scartha amach’ ó phobal na teanga ó dheas

D’fhágfadh an Breatimeacht pobal na Gaeilge sa Tuaisceart “scartha amach” ó phobal na teanga ó dheas agus d’fhágfadh sé Gaeltacht Dhún na nGall scartha ó phobal na Gaeilge, thuaidh agus theas.

B’in a bhí le rá ag Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, inné agus ceist an Bhreatimeachta á plé ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Dúirt Ó Coinn go bhfágfadh an Breatimeacht go mbeadh “ceangal níos lú” ag an bpobal ó thuaidh le pobal an deiscirt de réir a chéile agus nach bhfeicfeadh an mórphobal ó thuaidh gur rud “ábhartha dá saol” í an Ghaeilge dá bharr.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais gurb iad pobal na Gaeilge ó thuaidh is mó a bheadh thíos leis an mBreatimeacht.

Bhí ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Pobal os comhair an choiste Oireachtais inné agus impleachtaí an Bhreatimeachta don Ghaeilge faoi chaibidil acu.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ag an mBreatimeacht don Ghaeilge ó thaobh cúrsaí oideachais agus fostaíochta de. Ag tagairt dó do cheist na teorann i ndiaidh an Bhreatimeachta, dúirt Ó Coinn go gcothódh aon daingniú ar an teorainn deacrachtaí do dhaltaí a bhíonn ag taisteal thairsti chun oideachas lán-Ghaeilge a fháil.

Dúirt sé freisin go ndéanfadh aon fhadhbanna eacnamaíochta a leanfadh an Breatimeacht “dochar mór” don teanga ó thuaidh agus ó dheas mar gur dóichí ná a mhalairt gur ar mhaoiniú na Gaeilge is túisce a dhéanfaí ciorrú.

Dúirt Ó Coinn go dtugann suas le 9,000 dalta cuairt ar cheantair Ghaeltachta i dTír Chonaill gach bliain, an chuid is mó acu ó na sé chontae.

D’fhéadfadh laghdú teacht ar líon na ndaoine sin atá ag tabhairt faoi fhoghlaim na teanga i ndiaidh an Bhreatimeachta agus bheadh tionchar freisin ag an méid sin ar gheilleagar na Gaeltachta, a dúirt sé.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer go bhfágfadh an Breatimeacht an teanga “faoi smacht” rialtais nach bhfuil “suim” acu inti agus nach bhfuil “an toil” acu gníomhú ar a son. Ba chruthúnas ar an méid sin an cáineadh a rinne Comhairle na hEorpa le déanaí ar “neamhaird” Rialtas na Breataine ar an ngá le hAcht Teanga, a dúirt Niall Comer.

Chuirfeadh an Breatimeacht maoiniú agus fostaíocht na Gaeilge i mbaol, a dúirt sé.

Dúirt Comer gur minic an tAontas Eorpach “ina sciath chosanta agus ina lóchrann dóchais” do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart i bhfianaise easpa stádais an teanga ó thuaidh.

Bheadh na forais trasteorann i mbaol mar gheall ar na “hathruithe córasacha” a thiocfaidh i bhfeidhm i ngeall ar an mBreatimeacht, a dúirt Uachtarán an Chonartha.

Fág freagra ar 'D’fhágfadh an Breatimeacht pobal na Gaeilge ó thuaidh ‘scartha amach’ ó phobal na teanga ó dheas'

  • Seán Mac Gearailt

    An gceapann Niall Comer go bhfuil suim ag an rialtas ó dheas sa Ghaeilge ?