D’fhág comharchumann Chois Fharraige a chló ar Chonamara

Níl amhras ar bith nach raibh an-mhisneach ag an dream a bhí i mbun Chomharchumann Chois Fharraige

D’fhág comharchumann Chois Fharraige a chló ar Chonamara

Ar cheann de na seirbhísí is fiúntaí a chuireann Raidió na Gaeltachta ar fáil bíonn an cuimhneachán agus an comóradh a dhéanann siad ar dhaoine, ar eagraíochtaí agus ar ócáidí nach ceart a ligean i ndearmad.

Rinne siad go slachtmhar aríst é leis an gclár faoi Chomharchumann Chois Fharraige a bunaíodh leathchéad bliain ó shin.

Ba é Peadar Mac an Iomaire a thug léargas ar an gcaoi a raibh Cois Fharraige sular bunaíodh an comharchumann. Mhínigh sé nach raibh ach monarcha amháin sa gceantar an uair sin, monarcha marmair.

Bhí an imirce ag lagan an phobail in aghaidh an lae.

Ba é an scéal céanna a bhí ag Máirtín Ó Conghaile a tháinig ina rúnaí ar an gcomharchumann.

Tuigeadh luath go maith gur theastaigh córas uisce reatha. Ba iad an comharchumann a fuair an conradh leis an scéim uisce a chur ar fáil.

Ní obair éasca a bhí inti. I gcomparáid le ceantair in oirthear na Gaillimhe bhí an charraig rompu go tréan i gCois Fharraige. Thuig lucht údaráis é sin de réir a chéile agus ardaíodh an deontas le cúiteamh a dhéanamh ann.

Thart ar an am sin a tháinig Donncha Ó hÉallaithe go Cois Fharraige ar champa oibre a bhí ag Cumann Gaelach Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

Suas go Loch Nuala a cuireadh iad mar a raibh príomhoibreacha na scéime uisce. Thugadh Pól Ó Foighil suas ar maidin iad agus anuas aríst tráthnóna.

Bhí an-mholadh go deo ag Donncha ar Phól faoina ndearna sé leis an gComharchumann a chur chun cinn.

Mhínigh Beairtle Ó Conaire go raibh múinteoirí ag teacht le chéile le téacsleabhair Ghaeilge a chur ar fáil. As a gcuid oibre siúd a tháinig Cló Chois Fharraige agus Clódóirí Lurgan.

Chaith mé féin seal ag obair i gCló Chois Fharraige. D’éirigh linn cuid mhaith téacsleabhar a sholáthar.

Bhíodh orainn a bheith ag éileamh breis airgid ar an Roinn Oideachais ó am go chéile. Is cuimhin liom lá a raibh mé féin agus Pádraig De Barra sa Dáil ag stocaireacht ar son Chló Chois Fharraige. Tharla sé gur casadh triúr Airí in éineacht linn i bpasáiste ansin. Ba iadsan Donncha Ó Gallchóir, Seán Mac Uilliam agus Roibeárd Ó Maoildhia.

B’iontach tráthúil an deis a bhí ann lenár gcás a chur i láthair.

Ba é Micheál Mhaidhc Ó Conghaile a cheannaigh Clódóirí Lurgan sa deireadh. Clódóirí CL Print an t-ainm atá ar a chomhlacht anois agus iad lonnaithe i gCasla. Tá deichniúr fostaithe aige, seachtar acu go lánaimseartha.

Bhí milleán ag Micheál ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta nach dtugann ábhar le clóbhualadh dóibh.

Is aisteach nach dtugann nuair atá seirbhís den scoth le fáil uathu agus an tseirbhís sin i nGaeilge.

Ar ndóigh bhí Coláiste Gaeilge ag Comharchumann Chois Fharraige freisin. Go deimhin bhí seacht gcoláiste acu agus 3,000 dalta ag freastal orthu.

Ba í Máirín Uí Chadhain a bhí ina rúnaí orthu. Ní raibh ríomhaire ná facs aici, a dúirt sí, ach bhain sí an-sásamh as an obair.

Rinne Bairbre Uí Churraidhin cur síos ar an obair a dhéanadh sí féin agus a fear céile, Tadhg, nach maireann, ar son an chomharchumainn. Ba thréan an t-oibrí pobail é Tadhg. B’iontach na comrádaithe é féin agus Joe Steve Ó Neachtain.

Níl amhras ar bith nach raibh an-mhisneach ag an dream a bhí i mbun Chomharchumann Chois Fharraige.

Cheannaigh siad an nuachtán Amárach agus Siopa an Phobail. Rinne siad forbairt ar phortaigh. Chuidigh siad ar bhealaí go leor le saol sóisialta an cheantair.

Tháinig deireadh le Comharchumann Chois Fharraige sa mbliain 1985 ach bhí dea-shampla tugtha acu agus rinne ceantair eile i gConamara aithris orthu.

Mhínigh Peigí Uí Chéide gur tháinig Comharchumann Shailearna ar an bhfód ó shin. Ise atá i gceannas air.

Tráthúil go leor chaith sí féin freisin tamall ag obair i gClódóirí Lurgan.

Fág freagra ar 'D’fhág comharchumann Chois Fharraige a chló ar Chonamara'