Ar leantóir an tarracóra a rinne Páraic Chóilín Sheáin Dhúdara an t-aistear deireanach óna theach cónaithe

Is iomaí athrú saoil a bhí ann ó leag Pádraic Chóilín Sheáin Dhúdara, trócaire air, cos ar thalamh treampánach Chonamara an chéad lá

Ar leantóir an tarracóra a rinne Páraic Chóilín Sheáin Dhúdara an t-aistear deireanach óna theach cónaithe

Ar leantóir an tarracóra a rinne Páraic Chóilín Sheáin Dhúdara (Ó Cualáin) an t-aistear deireanach óna theach cónaithe sa gCrompán. Ba thráthúil gur mar sin a bhí. Bhí a shaol caite aige, ó bhí sé ina stócach, ag plé le tarracóirí agus meaisíní. Ceannródaí a bhí ann ina cheantar féin. Thug sé an saol nua, a laghdaigh an meáchan ar an bhfear oibre, ar an bhfód, na deiseanna meicniúla i leaba na sclábhaíochta.

San am céanna, thug sé onóir d’oidhreacht agus do chultúr a cheantair féin, agus do shaol na Gaeltachta. Bhí bratach thrídhathach na hÉireann ar a chónra agus é á thabhairt go Séipéal Mhuire i gCarna i gConamara an lá cheana.

Lá Earraigh.

Ach, athrú saoil a bhí ann nach bhfeicfí Páraic aríst ar bhóithre na háite, nó i measc a chomhluadair agus a chairde. Nach iomaí athrú saoil a bhí ann ó leag Páraic – a bhí 83 bliain d’aois – cos ar thalamh treampánach Chonamara an chéad lá ariamh.

Tráth dá raibh, bheifí ag caint ar an gcéad fhómhar nuair a chaithfí amach Lá Fhéile Pádraig. Ach ní mórán fear ná bean a leagfaidh cos anois ar ghimseán spáide. Ní fheicfear aríst an tEarrach Thiar mar a fachtas é don fhile iomráiteach as Árainn, Máirtín Ó Direáin.

Ní mba ribín réidh é an t-earrach thiar. Fiú is go raibh cleachtadh ag daoine ar thalamh righin, crua, clochach ba dhúshláin iad na gimseáin agus na spáid théis na Féile Pádraig. Obair an fhir óig a bhí inti ach tá an talamh tréigthe ag cuimse d’fhir óga na linne seo. Ceird thuirsiúil na n-aosach í an fheilméaracht anois. Is mór is fiú go raibh fír ar nós Pháraic Chóilín Sheáin Dhúdara ann a thug na deiseanna nua go Conamara, go hiarthar Mhaigh Eo, go Gaoth Dobhair agus go háiteacha eile sa nGaeltacht. Cuireann siad síneadh le saol an fheilméara. Ach dá fhad é an síneadh, cliseann an téad sa deireadh.

Is 58 bliain an mheánaois atá ag feilméaraí na hÉireann anois; níl ach an tríú cuid de lucht na talún faoi bhun 50. Ar ndóigh, ní hionann a bheith ag láimhsiú talamh mín réidh agus a bheith ag saothrú an tsaoil ar fheilmeacha fhormhór na gceantar Gaeltachta.

Chuala mé scéal faoi fhear díolacháin a pháirceáil a charr ag marglann an Tí Dhóite i gConamara tamall ó shin. Chúns bhí sé ag placadh dhá ghreim ina charr bhí sé ag breathnú ar na feilméaraí a bhí ag dul thar bráid. Níorbh fhada gur thug sé suntas don lear acu a raibh tarraingt ina gcosa, agus luascadh leataobhach ina gcuid siúil – bhí na corróga ag tabhairt uathu de bharr strapadóireacht sléibhe, fuacht agus fliuchán. Ní iontas é. Rud é sin, sílim, nach bhfuil ag goilliúint leath chomh mór ar fheilméaraí lár tíre. Is féidir an tarracóir a úsáid ar bhealach níos forleithne ar na tailte bána, níl an strapadóireacht ann.

Agus tá feilméaraí Chonamara níos sine. Ar an meán, tá feilméaraí Laoise, mar shampla, cúpla bliain le cois an leathchéid. Tá leathscór bliain ag feilméaraí na Gaeltachta orthu.

66 bliain an mheánaois atá ag feilméaraí i gceantar Chloch na Rón agus 65 an mheánaois atá ag feilméaraí i gCeantar na nOileán i gConamara anois. Mar a chéile an mheánaois ar Oileáin Árann agus ar Inis Bó Finne amach ó chósta thuaidh Chonamara (63 bliain) agus níl ceantair na Ceathrún Rua, Bhéal an Daingin agus na bailte máguaird ach oiread na fríde níos óige. D’fhéadfá camchuairt a thabhairt ar an nGaeltacht agus mar a chéile a bheadh an scéal.

I mBun Cranncha i dTír Chonaill atá an mheánaois is sine sa tír ag feilméaraí agus sin 74.

Is beag mothúchán a chothaíonn an tEarrach Thiar anois, seachas mar a bhí sé i gcuimhne Mháirtín Uí Dhireáin. Gan céad fhómhar, ní bhíonn fataí nua ar fáil sa samhradh; gan óige ní bhíonn cur ná baint ar bun. Tá an saol traidisiúnta sin imithe. Ní thabharfaidh caoineachán ná caitheamh ina dhiaidh ar ais é.

Bhí Páraic Chóilín Sheáin Dhúdara fite fuaite ina cheantar dúchais. Beidh caitheamh ina dhiaidh agus cuimhne air. Tá an turas deireanach déanta aige ar an tarracóir ar bhláthú an earraigh – go cré na cille.

(Comhbhrón le Úna, bean Pháraic, agus leis an gclann uilig, tráth seo an bhróin).

Fág freagra ar 'Ar leantóir an tarracóra a rinne Páraic Chóilín Sheáin Dhúdara an t-aistear deireanach óna theach cónaithe'

  • Carraig

    Seolann siad na ba chun buaille anois agus Quad faoina dtóin acu!

  • Concubhar

    Píosa gleoite, taibhsiúil.